YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 24

24
Caibidil XXIV.
Balaam ag leigeaḋ draoiġeaċd ḋe, 3 do rinne sé faiġeadoireaċd ioma ṡonas Israel, 15 agus ioma Ċríosd re teaċt.
1Agus a nuáir do ċonnairc Bálaam gur ṫoil leis an TTIĠEARNA Israel do ḃeannuġaḋ, níor imṫiġ sé, mar na huairiḃ oile, díarruiḋ draoiġeaċda, aċd do ċuir se a aġuiḋ ar an ḃfásaċ.
2Agus do ṫóg Bálaam a ṡúile súas, agus do ċonnairc Israel na ccoṁnuiġe iona lóistíniḃ do réir a ttreaḃa; agus ṫáinic spiorad Dé air.
3Agus do ṫóg súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Bálaam ṁac Beor a duḃairt, agus an té agá ḃfuilid a ṡúile fóscuilte a duḃairt:
4A duḃairt, an té do ċúaluiḋ hríaṫra Dé, noċ do ċonnairc fis a Nuileċuṁaċtuiġ, ar ttuitim a súan aċd a ṡúile foscuilte:
5Créd é a ḟeaḃus atáid do lóistíne, A Iácob, agus do ṫabernacuil, A Israel!
6Atáid sínte amaċ mar na gleantaiḃ, mar ġáirdíniḃ láiṁ ris a naḃuinn, mar ċránnuiḃ do ċoill Aloes noċ do ṗlannduiġ an TIĠEARNA, agus mar ċrannuiḃ Céadair láiṁ ris na huisgeḋiḃ.
7Dóirtfiḋ sé an tuisge amaċ as a ḃuicéaduiḃ, agus biáiḋ a ṡíol a mórán uisceaḋ, agus buḋ háirde a ríġ ná Agag, agus áirdeoċṫar a rioġaċd.
8Ṫug Día amaċ as a Négipt é; atá aige aṁail neart Unicorn: íosuiḋ sé súas na ciniḋeaċa a naiṁde, agus brisfiḋ sé a ccnáṁa, agus tollfuiḋ sé íad ṫríoṫa le na ṡaiġdiḃ.
9Do ċrap sé, do luiḋ sé síos mar leoṁan, agus mar leoṁan mór: cía ċorróċus súas e? Is beannuiġe an té ḃeannoċus ṫusa, agus is malluiġe an té ṁailleoċus ṫú.
10¶ Agus do las fearg Ḃálac a naġaiḋ Ḃálaam, agus do ḃuail a ḃasa ar a ċéile: agus a duḃairt Bálac re Bálaam, Do ġoir mé ṫú do ṁalluġaḋ mo naiṁde, agus, féuċ, do ḃeannuiġ tú íad na trí huairesi.
11Ar a naḋḃarsin a nois teiṫ dod ionad féin: do ṁeas mé do ṫógḃáil ċum onóra móire; aċd, féuċ, do ċonnuiṁ an TIĠEARNA ó ónoir ṫú.
12Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Naċ ar laḃair misi red ṫeaċdairuiḃ mar an ccéadna noċ do ċuir tú ċugam, gá ráḋ,
13Da ttugaḋ Bálac ḋaṁsa a ṫiġ lán dairgead agus dór, ní ḟéaduim dul ṫar aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ maiṫeasa nó uilc as minntinn féin; giḋ bé ní déuras an TIĠEARNA, sé sin laiḃeoras misi?
14Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.
15¶ Agus do ṫóg sé súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Bálaam ṁac Beor a duḃairt, agus an té gá ḃfuilid a ṡúile foscuilte a duḃairt:
16A duḃairt, an té do ċúaluiḋ bríaṫra Dé, agus do ṫuig eólus an té is roáirde, do ċonnairc fis a Nuileċuṁaċduiġ, ag tuitim a néull, aċd a ṡúile foscuilte:
17Do ċífead é, aċd ní annois: aṁaircfe mé é, aċd ní a ḃfogus: tiucfuiḋ Réalt amaċ as Iácob, agus éireoċuid Siat Ríoġa as Israel, agus buailfiḋ tré ċoinnhiḋiḃ Moab, agus scriosfuiḋ sé clann Ṡet.
18Agus sealḃoċṫar Edom, agus biáiḋ Seir fós na ṡeilḃ agá naiṁdiḃ; agus do ḋéana Israel go cróḋa.
19Amaċ as Iácob ṫíucfas an té ag mbía tiġearnus, agus ċlaoiḋfeas an té ṁaireas don ċaṫruiġ.
20¶ Agus a nuáir do ḟéuċ sé air Amalec, dó ṫóg sé súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Do bé Amalec príoṁṫús na ccinneaḋaċ; aċd buḋ í a ċríoċ ḋeiġionaċ, go mbía scriosta go bráṫ.
21Agus do ḟéuċ sé ar na Cenítiḃ, agus do ṫóg súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Is láidir háit ċoṁnuiġe, agus cuiriġ tú do nead a ccarruig.
22Giḋeaḋ bánfuiġear an Ceníteaċ, nó go mbeiriḋ Assur leis a láiṁ ṫú.
23Agus do ṫóg a ċosaṁlaċd agus a duḃaírt, Uċ, cía ḃías beó a nuáir do ḋéana Día so!
24Agus tiucfuid longa ó imiol Ċittim, agus cráiḋfid Asur, agus cráiḋfid Eber, agus imeoċa seision fós seaċád go bráṫ.
25Agus do éiriġ Bálaam súas, agus do imṫiġ agus dó ḟill da áit féin: agus do imṫiġ Bálac mar an gcéadna roiṁe.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 24: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 24