Uiḃreaċa 23
23
Caibidil XXIII.
Bíoḋ gur Iarr Bálac ar Balaam an draoiṫe malluġaḋ do Israel. 7 Do ḃeannuiġ sesion iad fá ḋó.
1Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Tóg ḋaṁ annso seaċd naltóra, agus gléus daṁ annso seaċd ndaiṁ agus seaċd reiṫe.
2Agus do rinne Bálac mar a duḃairt Bálaam; agus do ofráil Bálac agus Bálaam ar gaċ áon altóir bulóg agus reiṫe.
3Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Seas ag hofráil loiscṫe, agus imeoċa misi: dob éidir go ttiucfaḋ an TIĠEARNA do ṫeagṁáil riom: agus giḋ bé ar biṫ ṫaisbeanfuis sé ḋaṁ ionneósad ḋuitsi. Agus do ċuáiḋ sé ċum áité áirde.
4Agus tárla Día re Bálaam: agus a duḃairt ris, Do ġléus mé seaċd naltóra, agus do ofráil mé bulóg agus reiṫe ar gaċ éanaltóir.
5Agus do ċuir an TIĠEARNA focal a mbéul Ḃálaam, agus a duḃairt, Fill air Ḃálac, agus is mar so laiḃeórus tú.
6Agus do ḟill sé air, agus féuċ, do ḃí sé na ṡeasaṁ ag a nofrail loisoṫe, é féin, agus prionnsuiḋe Ṁaob uile.
7Agus do ṫóg seision súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Ṫug Bálac ríġ Ṁoab misi ó Aram, as sléiḃtiḃ a noir ṫir, ḋá ráḋ, Tárr, malluiġ ḋaṁsá Iácob, agus tárr, taḃair mo ṡlán fa Israel.
8Cionnus ṁailleoċus misi; an té nar ṁalluiġ Día? agus cionnus do ḃéur mo ṡlán fán té naċ ttug an TIĠEARNA a ṡlán fáoi?
9Oír ó ṁulluiġe na gcairrgeaċ do ċím é, agus ó na cnocuiḃ aṁaircim é: féuċ, áiteoċuid an pobal leó féin, agus ní háireoṁṫar íad a measc na ccineaḋaċ.
10Cía ḟéadas luáiṫreaḋ Iácob dáireáṁ, agus uiḃir a ċeaṫraṁaḋ cuid do Israel? Faġaimsi bás na ḃfiréun, agus bíoḋ mo ċríoċ ḋeíriḋ cosṁuil ris!
11Agus a duḃairt Bálac re Bálaam, Cioḋ so do rinne tú orum? do ġlac me ṫú do ṁalluġaḋ mo náiṁad, agus, féuċ, do ḃeannuiġ tú íad go huiliḋe.
12Agus do ḟreagair seision agus a duḃairt, Naċ ccaiṫfe mé aire ṫaḃairt an ní sin do ráḋ do ċuir an TIĠEARNA am ḃéul?
13Agus a duḃairt Bálac ris, Guiḋim ṫú, tárr uáit liomsa a náit eile, as ar féidir ḋuit a ḃfaicsin: ní ḟaicfe tú aċd an ċuid amuiċ ḋíoḃ, agus ní ḟaicfe tú uile íad: agus malluiġ ḋamsa íad as sin.
14¶ Agus rug sé leis é go maċaire Sóṗim, go mullaċ Pisgah, agus do ṫóg seaċd naltóra, agus do ofráil bulog agus reiṫe ar gaċ altóir ḋíoḃ.
15Agus a duḃairt sé re Bálac, Seas annso ag hoḟráil loíscṫe, go tteigeoṁa misi ris an TTIĠEARNA ann súd.
16Agus tárrla an TIĠEARNA ré Bálaam, agus do ċuir focal na ḃéul, agus a duḃairt, Eiríġ a rís go Bálac, agus abair mar so.
17Agus a nuáir ṫáinic sé ċuige, féuċ, do ḃí sé na ṡeasaṁ agá ofráil loiscṫe, agus prionnsuiḋe Ṁoab maille ris. Agus a duḃairt Bálac ris, Créd do laḃair an TIĠEARNA?
18Agus do ṫóg seision súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Eiriġ súas, a Ḃálac, agus éist; taḃair haire ḋaṁsa, a ṁic Síppor:
19Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
20Féuċ, do ġlac misi aiṫne beannuġaḋ: agus do ḃeannuiġ seision; agus ní ḟéaduimsi a ḟilleaḋ.
21Ní ḟacuiḋ sé éigceart an Iácob, agus ní ḟacaíḋ olc a Nísrael: atá an TIĠEARNA a Ḋía maille ris, agus atá Síansa ríġ eatorra.
22Ṫug Día amaċ as a Négípt íad; atá aige aṁail neart Unicorn.
23Go deiṁin ní ḃfuil droiġeaċd ar biṫ a naġaiḋ Iácob, ní mó atáid piseóga ar biṫ a naġaiḋ Isráel: do réir na haimsiresi a déarṫar re Iácob agus re Hísrael, Gaċ dar oibriġ Día!
24Féuċ, éireoċuiḋ an pobal súas mar leoṁan ṁór, agus tóigfiḋ é féin súas mar leoṁan óg: ní luidfiḋ sé síos nó go niṫiḋ don ċreiċ, agus nó go niḃiḋ fuil na marḃ.
25¶ Agus a duḃairt Bálac ré Bálaam, Na malluiġ íad ar éanċor, agus ná beannuiġ íad ar éanċor.
26Aċd do ḟreagair Bálaam agus a duḃairt ré Bálac, Naċ ar innis misi ḋuit, dá ráḋ, A nuile ní a déara an TIĠEARNA rium, sé sin ċaiṫfios mé a ḋéanaṁ?
27¶ Agus a duḃairt Bálac re Bálaam, Tárr, guiḋim ṫú, béara mé liom ṫú go háit oile; do bféidir go maḋ toil lé Día go mailleoċṫá ḋaṁ íad as sin.
28Agus rug Bálac Bálaam go mullaċ Peor, noċ ḟéuċus leaṫ re Iesimon.
29Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Déana ḋaṁ annso seaċd naltóra, agus gléus ḋaṁ annso seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe.
30Agus do rinne Bálac mar a duḃairt Bálaam, agus do ofráil sé bulóg agus reiṫe ar gaċ éanaltóir.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 23: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.