YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 22

22
Caibidil XXII.
Laḃair an tassal re Balaam.
1Agus do ġluaiseadar clann Israel ar a naġaiḋ, agus do ċuíreadar fúṫa a réiteaċ Ṁoab don táoiḃsi do Iordan láiṁ ré Ierico.
2¶ Agus do ċonnairc Balac ṁac Sippor a ndeárnadar clann Israel ris na Hamorítiḃ.
3Agus do ḃí Moab lán deagla na ndáoine, do ċionn go raḃadar líonṁur: agus do ḃí Moab buáiḋearṫa do ḃríġ ċloinne Israel.
4Agus a duḃairt Moab ré sinnsioruiḃ Midian, A nois liġfid an ṁuinntirse súas a ḃfuil ar timċioll uile, mar liġeas an daṁ féur na faiṫċe. Agus dob é Balac ṁac Sippor buḋ ríġ ar na Moabíteaċ an tansin.
5Do ċuir sé teaċda úaḋ uime sin ċum Bálaam ṁac Beor go Petor, noċ atá láiṁ ré haḃuinn dúṫaiġ ċloinne a ṁuinntire, dá ġairm, ag ráḋ, Féuċ, ṫáinic pobal amaċ as a Négipt: féuċ, do ḟolċadar aġaiḋ na talṁan, agus atáid na ccoṁnuiġe as mo ċoinne si:
6Tárr a nois ar a naḋḃarsin, íarruim mar aṫċuinge ort, malluiġ na dáoinesi air mo ṡensa; óir atáid ro neartṁar agam: dob éidir go mbéuruinn buáiḋ le ccláoiḋfemís íad, agus le ndíbeóruinn as an ttír íad: óir atá a ḟios agum giḋ bé ḃeinneoċus tusa go ḃfuil beannuiġe, agus giḋ bé ṁailleoċus tú go ḃfuil malluiġe.
7Agus do imṫiġeadar sinnsir Ṁoab agus sinnsir Ṁídian maille re tioġlaicṫiḃ na dráoiḋeaċda ann a láiṁ; agus tangadar go Bálaam, agus do laḃradar bríaṫra Ḃálac ris.
8Agus a duḃairt seision riú, Fanuiġ annso a noċd, agus do ḃéara misi focal ċugaiḃ mar a deir an TIĠEARNA rium: agus do ḟanadar prionnsuiḋe Ṁoab a ḃfoċair Ḃálaam.
9Agus ṫáinic Día ċum Bálaam, agus a duḃairt, Cred íad na dáoinesi ad ḟoċair?
10Agus a duḃairt Bálaam ré Día, Bálac ṁac Sippor, ríġ Moab, do ċuir fios ċugam, ḋá ráḋ,
11Féuċ, ṫáinic pobal amaċ as a Négipt, noċ ḟolċus aġaiḋ na talṁan: tárr annois, malluiġ ḋaṁ iad; dob éidir go béinn cumusaċ ċum a ccláoiḋte, agus go cuirfinn as an ttir íad.
12Agus a duḃairt Día ré Bálaam, ní reaċa tusa leó; ní ṁailleoċa tú an pobal: óir atáid beannuiġe.
13Agus do éiriġ Bálaam súas ar maidin, agus a duḃairt ré prionnsuiḋiḃ Ḃálac, Eirgiḋ da ḃur ndúṫaiḋ féin: óir do ḋíult an TIĠEARNA cead do ṫaḃairt daṁsa dul liḃ.
14Agus do éirġeadar prionnsuiḋe Ṁoab súas, agus do ċúadar ċum Bálac, agus a duḃradar, Do ḋíult Bálaam teaċd linn.
15¶ Agus do ċuir Bálac a rís, níomó do ṗrionnsuiḋiḃ, agus níos ónóruiġ ná íadsan.
16Agus tangadar go Bálaam, agus a duḃradar ris, Mar so a deir Balac ṁac Sippor, Na toirmisgeaḋ éinní ṫú, íarruim daṫċuinge ort, fá ṫeaċd ċugam:
17Oír cuirfe mé súas ṫú a nonóir roṁóir, agus do ḋéana mé gaċ éinní déarus tú rium: tárr ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, malluiġ ḋaṁ na dáoinesi.
18Agus do ḟreagair Bálaam agus a duḃairt re searḃḟoġantuiḃ Ḃálac, Da ttugaḋ Bálac ḋaṁ lán a ṫiġe dairgead agus dór, ni ḟéaduimsi dul ṫar ḟocal an TIĠEARNA mo Ḋía, do ḋéanaṁ níos luġa nó níos mé.
19A nois uime sin, guiḋim siḃ, fanúiḋ a noċd annso, ċor go mbía a ḟios agam créd eile a déaras an TIĠEARNA riom.
20Agus ṫáinic Día go Bálaam sa noiḋċe, agus a duḃairt ris, Má ṫigid na dáoine dod ġairm, éirgiḋ súas, agus imṫiġ leó; giḋeaḋ an focál a déara misi riot, go maḋ é sin ḋéanas tú.
21Agus do éiriġ Bálaam ar maidin, agus do ċuir díalláoid air a assal, agus do ċuáiḋ lé prionnsuiḋiḃ Ṁoab.
22¶ Agus do las fearg Dé do ċionn gur imṫiġ sé: agus do ṡeas aingeal an TIĠEARNA annsa tsliġe mar eascaruid na aġuiḋ. Annois do ḃí seision ag marcuiḋeaċd ar a assal, agus do ḃádar a ḋá ṡerḃíseaċ mar áon ris.
23Agus do ċonnairc an tassal aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ ar a tsliġe, agus a ċloiḋeaṁ noċduiġe iona láiṁ: agus do ionntóiġ an tassal as a tsliġe amaċ, agus do ċuáiḋ ar feaḋ an ṁacaire: agus do ḃuáil Bálaam an tassal, dá ḟilleaḋ annsa tsliġe.
24Aċd do ṡeas áingel an TIĠEARNA a sliġe na ḃfíneaṁan, balla don táoiḃsi, agus balla don táoiḃ oile.
25Agus a nuáir do ċonnairc an tassal aingel an TIĠEARNA, do ṫiomáin sí í féin a naġaiḋ an ḃalla, agus do bruiġeaḋ cos Ḃálaam ris an mballa: agus do ḃuáil sé a rís í.
26Agus do ċuáiḋ aingeal an TIĠEARNA ni is faide, agus do ṡeas a náit ċuṁainn, mar naċ raiḃ áonḃall seaċanta ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlí.
27Agus a nuáir do ċonnairc an tassal aingeal an TIĠEARNA, do ṫuit sí síos fáoi Ḃálaam: agus do las fearg Ḃálaam, agus do ḃuáil sé an tassal le bata.
28Agus dfoscuil an TIĠEARNA béul a nassail, agus a duḃairt sí re Bálaam, Cred do rinne misi riot, as ar ḃuáil tú mé a nois trí huáire?
29Agus a duḃairt Bálaam ris a nassal, Do ċionn go ndeárna tú magaḋ orum: do bfearr liom go mbeiṫ cloiḋeaṁ am láiṁ, óir do ṁuirfinn a nois ṫú.
30Agus a duḃairt an tassal re Bálaam, Naċ misi hassal, ar a ndeárna tú marcuíḋeaċd ó fuáir tú riaṁ mé gus a niuġ? nar gnáṫuiġ mé so ḋéanaṁ riot? agus a duḃairt seision, Níor gnáṫuiġis.
31Annsin dfoscuil an TIĠEARNA súile Ḃálaam, agus do ċonnairc Bálaam aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ san tsliġe, agus a ċloiḋeaṁ tairngṫe iona láiṁ: agus do ċláon sé síos a ċeann, agus do ṫuit sínte ar a aġuiḋ.
32Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ris, Cred fár ḃuáil tú hassal na trí huáiresi? féuċ, do ċuáiḋ misi amaċ dód ṫoirmiosc, do ċionn go ḃfuil do ṡliġe go crosanta am laṫair:
33Agus do ċonnairc an tassal mé, agus do ḟill úaim na trí huáirési: agus muna ḃfilleaḋ sí uáim, go dearḃṫa annois mar an ccéadna do ṁuirfinn ṫusa, agus do ṡáorfuinn isi beó.
34Agus a duḃairt Bálaam re haingeal an TIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé; óir ní raiḃ a ḟios agam gur ṡeas tusa annsa tsliġe am aġuiḋ: nime sin annois, muna buḋ toil leaċd é, fillfe misi ar mais a rís.
35Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ré Bálaam, Iṁṫiġ leis na dáoiniḃ: aċd aṁáin an focal a déaras misi riot, sé sin a déaras tú. Mar sin do imṫiġ Bálaam le prionnsuiḋiḃ Ḃálac.
36¶ Agus a nuáir do ċúaluiḋ Bálac go ttáinig Bálaam, do ċuáiḋ sé amaċ na ċoinne go ċaṫair Ṁoab, noċ atá a tteóruinn Arnon, noċ atá annsa nimiol as faide amaċ.
37Agus a duḃairt Bálac re Bálaam, Naċ ar ċuir misi fios go diṫċiollaċ ċugadsa dod ġairm? cred fa naċ ttáinic tú ċugam? naċ dearḃṫa go ttig líomsa do ċur súas a nonóir?
38Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Féuċ, ṫáinic mé ċugad: an ḃfuil cuṁaċda ar biṫ a nois agam éinní ráḋ? an focal ċuirfios Día am ḃéul, sé sin laiḃeórus mé.
39Agus do ċuáiḋ Bálaam le Bálac, agus tangadar go Círiat‐husot.
40Agus do ofráil Bálac daiṁ agus cáoiriġ, agus do ċuir go Bálaam, agus ċum na bprionnsaḋa do ḃí na ḟoċair.
41Agus tárla ar na ṁáraċ, gur ġlac Bálac Bálaam, agus go rug súas é go háitiḃ árda Baal, ionnus go ḃfaicfeaḋ sé as sin leiṫimiol an ṗobail.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 22: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 22