YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 21

21
Caibidil XXI.
Do Scrios Israel na Cananítiġ. 4 Ṫaínic orra na naiṫreaċa niṁe teinntiġe. 7 An naṫair ṗrás. 21 Do milleaḋ Síhon, 33 Agus Og.
1Agus a nuáir do ċualaiḋ riġ Arad an Cananiteaċ, noċ do ċoṁnuiġ buḋ ḋeas, go ttáinic Israel a sliġe an luċd braṫa; annsin do ṫroid se a naġaiḋ Israel, agus do ġaḃ cuid aca na bpríosúnaċaiḃ.
2Agus tug Israel móid don TIĠEARNA, agus a duḃairt, Ma ṡeaċadann tú go dearḃṫa na dáoinesi am láiṁse, annsin scriosfa mé go hiomlán a ccaiṫréaċa.
3Agus do éist an TIĠEARNA ré glór Israel, agus do ṡeaċaid dóiḃ na Cananítiġ; agus do scriosadar go hiomlán íad féin agus a ccaiṫreaċa: agus do ġoir sé Hormah dainm do náit.
4¶ Agus do ġluáisiodar ó ṡlíaḃ Hor láiṁ ré sliġe na mara Ruáiḋe, ċum teaċd timċioll ċríċe Edom: agus do ḃí anam na ndáoine ar na ḋroiċṁeisniuġaḋ go mór do ḃríġ na sliġeaḋ.
5Agus do laḃair an pobal a naġaiḋ Dé, agus a naġaiḋ Ṁaóisi, Créd fa ttugaḃair amaċ as a Négipt sinn dfaġáil ḃáis san ḃfásaċ? óir ní ḃfuil arán, nó uisge ar biṫ ann; agus do ḟuaṫaiḋ ar nanam an tarán éuttromso.
6Agus do ċuir an TIĠEARNA naiṫreaċa niṁe tinntiġe a measc an ṗobail, agus do ċognadar an pobal; agus fuáir morán dáoine do Israel bás.
7¶ Uimé sin tangadar an pobal ċum Maóise, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, óir do laḃramar a naġaiḋ an TIĠEARNA agus ad aġaiḋsi; guiḋ an TIĠEARNA, gó mbeireaḋ na naiṫreaċa niṁe uáinn. Agus do ġuiḋ Maóise ar son an ṗobail.
8Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Déana ḋuit naṫair niṁe ṫinntiġe, agus cuir ar ċrann í: agus tiucfa ḋe sin, gaċ duine loitfiġear, a nuáir ḟéaċfus uirre, go mairfiḋ sé.
9Agus do rinne Maóise naṫaír niṁe do ṗrás, agus do ċuir air ċránn í, agus tárla, dá loiteaḋ naṫair niṁe éanduine, a nuáir do ḟéaċaḋ sé air a naṫair niṁe ṗráis, go maireaḋ sé.
10¶ Agus do ġluáisiodar clann Israel rompa, agus do ṡuiḋeadar ann Obot.
11Agus do ġluáisiodar ó Obot, agus do ṡuiḋeadar ag cárnuiḃ Abarim, annsa ḃfásaċ noċ atá as coinne Ṁoab, leaṫ ré héirġe gréine.
12¶ Do áṫruiġeadar as sin, agus do ṡuiġeadar a ngleann Sared.
13Do áṫruiġeadar as sin, agus do ṡuiġeadar ar an ccuid ṫall do Arnon, noċ atá annsa ḃfásaċ noċ ṫig amaċ as imliḃ na Namoríteaċ: oir Arnon teórann Ṁoab, idir Ṁoab agus na Hamorítiġ.
14Is uime sin a deirṫear a leaḃruiḃ eoguiḋ an TIĠEARNA, Giḋ bé rinne sé san muir Ruáiḋ, agus ag sroṫuiḃ Arnon.
15Agus ag sruṫ na naiḃneaḋ nóċ ṫéid síos go tír Ar, agus luiḋios ar ṫeóruinn Ṁoab.
16Agus do ċúadar as sin go Beer: sin an tobar air ar laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Cruinniġ an pobal a ḃfoċair a ċéile, agus do ḃéara misi uisge ḋóiḃ.
17¶ Annsin do ċán Israel an ċainticsi, Tibir a nsíos, a ṫobair; freagruiḋsi ḋó:
18Do ṫoċladar na prionnsuiḋe an tobar, do ṫoċladar uáisle an ṗobail, do reir scola feartaḃarṫa an dliġe, le na mbatuiḋiḃ é. Agus do imṫiġeadar ón ḃfásaċ go Mattanah:
19Agus ó Ṁattánah go Nahaliel: agus ó Nahaliel go Bamot:
20Agus ó Ḃamot annsa ġleann, atá a ttír Ṁoab, go mullaċ Pisgah, noċ ḟéaċus leaṫ re Iesimon.
21¶ Agus do ċuir Israel teaċda go Sihon rí na Namoríteaċ, gá ráḋ,
22Léig ḋaṁ ġaḃáil ṫríd do ḋúṫaiġ: ní ḟillfiom annsna maċairiġíḃ, nó annsna fineaṁnuiḃ; ní ioḃṫam duisce an tobair: aċd imeoċum ród an ríġ, no go reaċfum ṫair do ṫeórannuiḃsi.
23Agus níor ḃáill lé Sihon cead do ṫaḃairt do Israel gaḃáil tré na ḋúṫaiġ: aċ do ċruinniġ Sihon a ḋáoine uile a ḃfoċair a ċéile, agus do ċuáiḋ sé amaċ a naġaiḋ Israel san ḃfásaċ: agus ṫáinic go Iahas, agus do ṫroid a naġaiḋ Israel.
24Agus do ḃuáil Israel é lé fáoḃar an ċloiḋíṁ, agus do ṡealḃuiḋ a ḋúṫaiġ ó Arnon go Iabboc, eaḋon gó nuige cloinn Ammon: óir do ḃí teórann ċloinne Ammon láidir.
25Agus do ġaḃ Israel na caiṫréaċa so uile: agus do ċoṁnuiġ Israel a ccaiṫreaċaiḃ na Namoriteaċ, ann Hesbon, agus ann a uile ḃailtiḃ.
26Oír dó bé Hesbon caṫair Sihon ríġ na Namoríteaċ, noċ do ċaṫuiġ a naġuiḋ roiṁ ríġ Ṁoab, agus do ḃean a ḋúṫaiḋ uile as a láiṁ, go nuige Arnon.
27Uime sin an drong laḃras a seanḟocluiḃ, a deirid, Tigiḋ go Hesbon, cuirṫear súas agus uliṁuiġṫear caṫair Sihon:
28Oír do ċuáiḋ teiniḋ amaċ as Hesbon, lasair ó ċaṫruiġ Sihon: do loisc Ar Ṁoab, agus tiġearnuiḋe áiteaċ árd Arnon.
29A ṁairg ḋuitsi, a Ṁoab! atá tú millte, a ṗobal Ċemos: tug sé a ṁic do ċuáiḋ as, agus a inġeana, a mbraiġdionas do Ṡihon ríġ na Namoríteaċ.
30Do ċaiṫamar saiġdiḃ nan aġaiḋ; do milleaḋ Hesbon go nuige Dibon, agus do rinneamar fásaċ ḋíoḃ go nuige Noṗah, noċ roiċṫeas go Medeba.
31¶ Mar sin do áitriḃ Israel a ndúṫaiġ na Namoríteaċ.
32Agus do ċuir Maóise braṫ ar Iáaser, agus do ġaḃadar á ḃailte, agus do ṫeilgeadar amaċ na Hamoritiġ do ḃí ionta.
33¶ Agus do ḟilleadar agus do ċúadar súas a sliġe Ḃasan: agus do ċúaiḋ Og ríġ Basan amaċ na naġuiḋ, é féin, agus a ṁuinntir uile, ċum caṫa ann Edrei.
34Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Ná bíoḋ eagla ort roiṁe: óir do ṡeaċaid misi ad láiṁ é, agus a ḋáoine uile, agus a ḋúṫuiġ; agus do ḋéana tú ris mar do rinne tú re Síhon riġ na Namoríteaċ, noċ do ċoṁnuiġ an Hesbon.
35Mar so ḃuaileadar é féin, agus a ṁic, agus a ḋáoine uile, nó go nar fágḃaḋ áonduine beó aige: agus do ṡealḃuiġeadar a ḋúṫuiġ.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 21: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 21