Uiḃreaċa 20
20
Caibidil XX.
Gearan an tsloiġ ag uisce an ċonnfaḋ. 8 Tug Maoise uisce ón ċarraig. 23 Fuair Aaron bás.
1Annsin ṫangadar clann Israel, an coṁċruinniuġaḋ uile, go díoṫraṁ Sin annsa ċéad ṁí: agus do ḃí ann pobal na ccoṁnuiḋe a Cades; agus déug Miriam annsin, agus do haḋluiceaḋ annsin í.
2¶ Agus ní raiḃ uisge ag an bpobal: agus do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile a naġuiḋ Ṁáoise agus Aáron.
3Agus do spreagadar an pobal Maoise, agus do aḃradar, ḋa ráḋ, Trúaġ a Ḋé nar éagamar an tan do éugadar ar ndearḃraiṫre a laṫair an TIĠEARNA!
4Agus créd fa ttugaḃairse liḃ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA don ḃfásaċso, ionnus go ḃfaiġmis féin agus ar náirnéis bás?
5Agus créd fá ttugaḃair fá deara ḋúinn teaċd amaċ as a Négipt, dar ttaḃairt a steaċ don droċ áitso? ní fearann síl é, nó fígeaḋ, nó fíneaṁna, nó pomgránat; ní mó atá uisge ré ól ann.
6Agus do ċuáiḋ Maoise agus Aáron as laṫair an ṗobuil go dorus tabernacuil an ċomċruinniġ, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ: agus do ḟoillsiġ glóir an TIĠEARNA í fein dóiḃ.
7¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
8Glac an tslat, agus cruinniġ an toireaċdas a ḃfoċair a ċéile, ṫú féin, agus Aáron do ḋearḃraṫair, agus laḃruiḋ ris an gcarruic as comne a súl; agus do ḃéura a huisge uaiṫe, agus do ḃéara tusa amaċ as a ccarruic uisge ḋóiḃ: mar sin do ḃéara tú deoċ don ċoṁċruinniuġaḋ agus dá náirnéis.
9Agus do ġlac Maóise an tslat as laṫair an TIĠEARNA, mar do aiṫin sé ḋe.
10Agus do ċruinniġ Máóise agus Aáron an pobal a ḃfoċair a ċéile as coinne na cairrge, agus a duḃairt sé, Eisdiġ a nois, a ṁeirleaċa; an gcaiṫfimne uisge do ṫaḃairt daóiḃ as an carruicsi?
11Agus do ṫóg Maóisi a láṁ súas, agus lé na ṡlait do ḃuáil sé an ċarruic fá ḋo: agus táinic an tuisge amaċ go hiomareaċ, agus do iḃeadar na dáoine, agus á náirnéis mar an gcéadna.
12¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do ċionn nar creideaḃair ḋaṁ, dom náoṁaḋ a laṫair ċlonme Israel, uime sin ní ṫiuḃarṫáoi an ċuideaċdasa don dúṫaiġ ṫug me ḋáoiḃ.
13Sé so uisge Ṁeribah; do ċionn go ndéarnadar clann Israel ceannairg ris an DTIĠEARNA, agus gur náoṁaḋ é íonta.
14¶ Agus do ċuir Maóise teaċda ó Ċades go riġ Edom, Is mar so a deir do ḋearḃraṫair Israel, Atá a ḟios agad ar gaċ ní dar éiriġ ḋuinne ann ar tturus:
15Mar do ċúadar ar naiṫre síos do Négipt, agus mar ċoṁnuíġeamairne san Négipt aimsior ḟada; agus gur ċráiḋ adar na Hégiptiġ sinn féin, agus ar naiṫre:
16Agus a nuáir do éiġeamar ár an TTIĠEARNA, do ċúaluiḋ sé ar nguṫ, agus do ċuir se aíngeal uaḋ, agus ṫúg leis amaċ sinn as a Négipt: agus féuċ, atámáoid a Ccádes, an ċaṫair is faide amaċ ann do ṫeóruinnsi:
17Táḃair cead sliġeaḋ ḋúinn, iarruim mar aṫċumge ort, ṫríd do ḋúṫaiġ: ní ġeaḃam ṫríd na maċairiġiḃ, nó ṫríd na fíneaṁnuiḃ, ní mo iḃṫiom duisge na ttoibreaċ: imeoċam ród an ríġ, ní ḟilleam don láiṁ ḋeis nó don láiṁ ċlí, nó go tteiġiom ṫar do ṫeóruinnsi.
18Agus a duḃairt Edom ris, Ni ġeaḃa tú ṫríomsa, deagla go ttiucfuinn amaċ ad aġuiḋ leis an ccloiḋeaṁ.
19Agus a duḃradar clann Israel ris, Raċaimne ar feaḋ na sliġeaḋ móire: agus má iḃiom fein ná máirnéis deoċ dod ċuid uisge, annsin díolfa mé ar a ṡon: raċad aṁáin, gun éinní oile, ṫríd a tír dom ċosuiḃ.
20Agus a duḃairt seision, Ní raċa tu ṫríd. Agus ṫáinic Edom amaċ na naġuiḋ lé móran sluáiġ, agus lé láiṁ láidir.
21Mar so do ḋíult Edom cead sliġcaḋ do ṫaḃairt do Israel tré ná ṫeóruinn: uime sin do ḟilleadar Israel úaḋ.
22¶ Agus do ġluaisiodar clann Israel, an ċoṁċruinniuġaḋ uile, ó Ċades, agus tangadar go slíaḃ Hor.
23Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus re Háaron a slíaḃ Hor, láiṁ re brúaċ fearuinn Edom, gá ráḋ,
24Béarṫar Aáron a gcionn a ḋáoine: óir ní raċaiḋ sé don tír noċ ṫug misi do ċloinn Israel, do ċionn gur ċaṫuiġeaḃair a naġaiḋ mo ḃréiṫre ag uisce Ṁeribah.
25Glac ċugad Aáron agus a ṁac Eleásar, agus taḃair súas a slíaḃ Hor íad:
26Agus bean a eadaċ do Aáron, agus cuir ar Eleásar a ṁac é: agus cruinneoċṫar Aáron ċum a ḋáoine, agus do geaḃa bás annsin.
27Agus do rinne Maóise mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċúadar súas ar slíaḃ Hor a raḋarc an ṗobuil uile.
28Agus do ḃean Maóise a éadaċ do Aáron, agus do ċuir ar Eleásar a ṁac é; agus fuáir Aáron bás annsin ar ṁullaċ an tsléiḃe: agus ṫáinic Maóise agus Eleásar a nsúas don tslíaḃ.
29Agus a nuáir do ċoncadar an pobal uile go ḃfuáir Aáron bás, do rinne tiġ Israel uile, dóḃrón a ndiaiġ Aáron tríoċad lá.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 20: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.