Uiḃreaċa 19
19
Caibidil XIX.
An glanaḋ do ḋéanta le luáiṫe na colpuiḋe loiscṫe. 11 An cor ar a ngnáihaiġṫear súd.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise agus ré Háaron, gá ráḋ,
2 Sé so orduġaḋ an dliġe noċ do aiṫín an TIĠEARNA, gá ráḋ, Laḃair re cloinn Israel, go ttugdáois ċugad colpaċ ḃainnean ḋeargḃuiḋe gan toiḃéim, ann naċ bía crón, agus ar nar cuireaḋ cuing a ríaṁ:
3Agus do ḃearṫáoi Deleásar an sagart í, ċor go ttugaḋ sé amaċ as an ccampa í, agus go marḃaḋ áon í ann a fíaḋmuse:
4¶ Agus glacfuiḋ Eleásar an sagart dá fuil le na ṁéur, agus croiṫfiḋ da fuil go díreaċ as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ seaċd nuáire:
5Agus loiscfiḋ áon an ċolpaċ ann a raḋarc; a croícionn, agus a feoil, agus a fuil, maille ré na háoileaċ, loiscfeas sé:
6Agus glacfuiḋ an sagart crann céadair, agus isóip, agus scárláoid, agus caiṫfiḋ é a lár loiscṫe na colpuiḋe.
7Annsin niġfiḋ an sagart a éadaċ, agus foṫraicfiḋ a ċorp a nuisge, agus na ḋiáiġ sin tiucfaiḋ sé don ċampa, agus biáiḋ an sagart neaṁġlan go tráṫ nóna.
8Agus an té loisgfeas í niġfiḋ sé a éadaċ a nuisge, foṫruicfiḋ a ċorp a nuisge, agus biáiḋ neaṁġlán go tráṫnóna.
9Agus cruinneoċuiḋ duine ḃías glan luáiṫ na colpuiḋe, agus cuirfiḋ a ttaisgíḋ é táoḃ amuiċ don ċampa a nionad ġlan, agus cuiṁdeoċṫar é do ċoiṁṫiónol ċloinne Israel mar uisge dealuiġṫe: is glanaḋ ar son peacaiḋ é.
10Agus an té ċruinniġis luáiṫ na colpuiḋe niġfiḋ sé á éadaċ, agus biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna: agus biáiḋ sé ag cloinn Israel, agus ag an ccóiṁiḋṫeaċ ċoṁnúiġeas na measc, na reaċd síorruiḋe.
11¶ Agus an té ḃeanas ré corp marḃ ḋuine ar biṫ biáiḋ sé neaṁġlan go cíonn seaċd lá.
12Glanfuiḋ sé é féin leis sin ar an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá biáiḋ sé glan: aċd muna nglana sé é féin an treas la, annsin ní ḃiáiḋ sé glan an seaċdṁaḋ lá.
13Giḋ bé ḃéanus ré corp marḃ ḋuine ar biṫ éugfas, agus naċ glanfuiḋ é féin, salċaiḋ se tabernacuil an TIĠEARNA; agus gearrfuiġear an tanam sin ó Israel: do ċionn nar croiṫeaḋ uisge an dealuiġṫe air, biáiḋ sé neaṁġlan; atá a neaṁġloine fós air.
14 Sé so an dliġeaḋ, a nuáir ġeaḃus duine bás a lóistín: an ṁéid ṫiucfas a steaċ annsa lóistín, agus an ṁéid ḃías a stiġ annsa lóistín, béid neaṁġlan seaċd lá.
15Agus gaċ eansoiṫeaċ ḟoscailte, ar naċ bfuil folaċ ceanguilte uime, ata neaṁġlan.
16Agus giḋ bé ḃeanas ris an tí do ṁarḃaḋ le cloiḋeaṁ sná maċairiḋiḃ réiḋ, nó re corp marḃ, no ré ċnáiṁ ḋuine, nó re úaiġe, biaiḋ neaṁġlan seaċd lá.
17Agus glacfuid siad air son duine neaṁġlain do luaiṫ no colpuiḋe loiscṫe an ġlanta ar son peacaiḋ, agus cuirfiḋear uisge reaṫa na ċionn a soiṫeaċ:
18Agus glacfuiḋ duine glan isóip, agus tuniṫniġ annsa nuisge é, agus croiṫfiḋ ar an lóistín é, agus ar na soiṫiġiḃ uile, agus ar na dáoiniḃ do ḃí annsin, agus ar an té do ḃean ré cnáiṁ, nó ré duine do marḃaḋ, nó ré duine fuáir bás, nó ré huáiġ:
19Agus croiṫfiḋ an duine glan air an neaṁġlan an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá; agus ar an seaċdṁaḋ lá glanfuiḋ é féin, agus niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisge, agus biáiḋ sé glan tráṫnóna.
20Aċd an té ḃías neaṁġlan, agus naċ glanfuiḋ é féin, gearrfuiġear an tanam sin amaċ as an ccoṁċruinniuġaḋ, do ċionn gur ṫruáill sé sanctora án TIĠEARNA: níor croíṫeaḋ uisge an dealuiġṫe air; atá se neaṁġlan.
21Agus biáiḋ sé na reáċd síorruiḋe ḋóiḃ, an te ċroiṫeas uisge an dealuíġṫe niġfiḋ sé a éadaċ; agus an té ḃeanas ré huisge an dealuiġṫe biáiḋ sé neaṁġlan go tráṫnóna.
22Agus giḋ bé ní ré mbeanfuiḋ an duine neaṁġlan biáiḋ sé neaṁġlan; agus an tanum ḃeanfas ris biáiḋ sé neaṁġlan go tráṫnóna.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 19: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.