Uiḃreaċa 18
18
Caibidil XVIII.
Cúram na sagarta. 6 Friṫeolaṁ na Leḃiteaċ. 9 Fiaċ‐saoṫair na sagart. 21 Agus na Leḃiteaċ.
1Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Háaron, Iomċóra tusa agus do ṁíc agus tiġ haṫar maille leaċd éigceart na sanctóra: agus iomċóra tusa agus do ṁíc maille leaċd aindliġeaḋ ḃur sagartaċda.
2Agus dó ḋearḃráiṫre mar an ccéadna do ṫreiḃ Léḃi, treaḃ haṫar, taḃairsi leaċd íad, go niaġṫar leaċd íad, agus go ndéanuid friṫeolaṁ ḋuit: aċd do ḋéana tusa agus do ċlann maille riot miniostráláċd as coinne ṫabernacuil na fiaḋnuise.
3Agus coiṁeadfuid síad do ċúram, agus cúram an tabernacuil uile: aċd aṁáin ní ṫiucfaid a ngar soiṫeaċ na sanctóra agus na haltóra, go naċ néugaid síadsan, ná ṫusa, mar an gcéadna.
4Agus ceangoltar leaċd íad, águs coiṁeadfuid cúram ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, do ḋéanaṁ serḃíse an tabernacuil uile: agus ní ṫiucfa coiṁiḋṫeaċ ḃar goire.
5Agus coiṁéadfuiḋe cúram na sanctóra, agus cúram na haltóra: go naċ biáiḋ feasda fearg ár biṫ ós cionn ċloinne Israel.
6¶ Agus misi, féuċ, rug mé ḃur ndearḃraiṫre na Leḃítíġ ó ḃeiṫ a measc ċloinne Israel: ḋuitsi tugaḋ íad mar ṫaḃartas don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ serḃíse ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
7Ar á naḋḃarsin coiṁéudfa tusa agus do ċlann maille riot oifig ḃur sagartaċda an gaċ éinni do naltóir, agus táoḃ a stiġ don ḃrat; agus do ḋéantáoi serḃís: ṫug me ḃur noifig ṡágartaċda ḋáoiḃ mar ṡerḃís ṫioḋlaíċṫe: agus an coiṁiḋṫeaċ ṫiucfas a ngar cuirfiġear ċum báis é.
8¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Haaron, Féuċ, ṫug mé ḋuit mar an ccéadna cúram mofrála tógṫá do nuile ní náoṁṫa ċloinne Israel; ḋuitsi ṫug mé íad do ḃríġ a nungṫa, agus dod ṁacaíḃ, re horduġaḋ síorruiḋe.
9Buḋ leaċtsa so do na neíṫiḃ ronáoṁṫa, do congṁaḋ on teiniḋ: gaċ uile ofráil is leósan, gaċ uile ofraíl ḃíḋ is leósan, gaċ ofráil ṗeacaíḋ is leósan, agus gaċ ofráil aindliġiḋ is leósan, noċ do ḃéuruid ḋaṁsa, biáiḋ si ronáoṁṫa ḋuitsi agus dod ṁacaiḃ.
10Annsa náít is ronáoṁṫa íosas tú sin; gaċ áon fearḋa íosas é: biáiḋ sé náoṁṫa ḋuit.
11Agus is leaċtsa so; ofráil ṫógṫa a dtioḋluicṫe, maille re uile ofrála ṫonnta ċloinne Israel: ṫug mé ḋuitsi íad, agus dod ṁacaiḃ agus dod inġeanuiḃ maille riot, lé statúid ṡíorruiḋe: gaċ áon dá mbía glan ann do ṫiġ íosuiḋ sé ḋe.
12A nuile ċuid is fearr do nola agus a nuile ċuid is fearr don nfíon, agus don ċruiṫneaċd, a gcéadṫoraḋ sin noċ ofráiltid don TIĠEARNA, ṫug mé íad sin duitsi.
13 Agus giḋ bé is táosca ḃías abuiḋ annsa dúṫuiġ, noċ do ḃéuruid ċum an TIĠEARNA, buḋ leaċtsa sin; gaċ áon dá mbia glan ann do ṫiġ, íosuiḋ sé ḋe.
14A nuile ṫíoḋlaicṫe náoṁṫa an Israel buḋ leasċtsa íad.
15A nuile ní ḟosclas an ḃrú annsa nuile ḟeóil, noċ ḃeirid síad ċum an TIĠEARNA, mus do ḋáoiniḃ nó do ḃeaṫaċuiḃ, buḋ leaċtsa íad: giḋeaḋ céidġin an duine fuáisceola tú go deiṁín, agus céidḃreiṫ na mbeaṫaċ neaṁġlan fuáisceola tú.
16Agus an ṁéid ḃías ré a ḃfúasclaḋ ó ṁí dáois fuáisceola tú íad, do réir do ṁeasta féin, ar airgiod ċúig secel, do réir secel na sancṫóra, noċ is fiṫċe gerah.
17Aċd céadláoġ bó, nó céadúan cáoraċ, no céadṁeannan gaḃair, ní ḟuáisceola tú; atáid sin náoṁṫa: croiṫfe tú a ḃfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méaṫas mar ofráil déanta lé teiniḋ, mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.
18Agus buḋ leaċtsa a ḃfeóil sin, aṁuil is léaċd an cliaṫán tonnaċ agus an slinnéun deas.
19A nuile ofráil ṫógṫa do neiṫiḃ naoṁṫa, noċ ofráluid clann Israel don TIĠEARNA, ṫug mé ḋuitsi, agus dod ṁacaiḃ agus, dod inġeanuiḃ maille ríot, le statúid ṡíorruiḋe: is cunnraḋ salainn é go bráṫ a laṫair an TIĠEARNA ḋuitsi agus dod ṡíol maille riot.
20Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Háaron, Ní ḃiáiḋ oiġreaċd agad iona ndúṫaiġsion, ni mó ḃías roinn ar biṫ agad na measg: is misi do ċuidsi agus hoiġreaċd a measg ċloinne Israel.
21¶ Agus féuċ, ṫug mé do ċloinn Léḃi a nuile ḋeaċṁaḋ a Nisrael mar oíġreaċd arson a serḃise do níd, mar atá serḃís ṫabernacuil an ċoṁċruínniġ.
22Ní mó ṫiucfaid clann Israel feasda a ngar ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, deagla go ndéanaídís peacaiḋ, agus go ḃfuiġedís bás.
23Aċd na Leḃítiġ ḋéanas serḃís ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus iomċóruid síad á ccionta: buḋ statúid ṡíorruiḋe sin a measg ḃar ngeinealaċ, naċ ḃfuiġid oiġreaċd air biṫ a measc ċloinne Israel.
24Aċd deaċṁaḋa ċloinne Israel, noċ ofrálaid síad mar ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA, ṫug mé sin do na Leḃítiḃ mar oiġreaċd: ar a naḋḃarsin a duḃairt mé ríu, Ní ḃfuiġid oiġreaċd ar biṫ a measg ċloinne Israel.
25¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, gá ráḋ,
26Laḃair mar so ris na Leḃitiḃ, agus abair riú, A nuáir ḃeanfuiḋe na deaċṁaḋa do ċloinn Israel noċ ṫug misi ḋíḃ mar oiġreaċd úaṫasan, annsin ofráilfiḋ siḃ ofráil ṫógṫa ḋe sin don TIĠEARNA, an deaċṁaḋ cuid don deaċṁuiḋ.
27Agus a nofráil ṫógṫa so aguiḃsi, coimeorṫar ċugaiḃ í mar arḃar urláir an ḃuáilte, agus iomláine ṡoiṫiġ brúite an nfíona.
28Mar so ofráilfe siḃse fós ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA da ḃur nuile ḋeaċṁuiḋ, noċ ġlacfuiḋe ó ċloinn Israel; agus do ḃéarṫáoi ḋe sín ofráil ṫógṫa an TIĠEARNA do Aáron an sagart.
29Amaċ as ḃur nuile ṫaḃartus ofráilfe siḃ a nuile ofráil ṫógṫa an TIĠEARNA, da uile ṁéaṫas sin, an ċuid náoṁṫa ḋe.
30Uime sin déara tó ríú, A nuáir ṫóigfeas tú an ċuid is fearr ḋe sin úaḋ, ansinn coiṁeorṫar do na Leḃítiḃ é mar ḃíseaċ urláir an ḃuáilte, agus mar ḃíseaċ ṡoiṫiġ bruíte an nfíona.
31Agus íostáoi é ann gaċ áonḃall, siḃ féin agus ḃur dteaglaċ: óir sé lúaċ ḃur serḃíse a ttabernacuil an ċoṁċruinniġ é.
32Agus ní ḃía peacaḋ ar bíṫ oruiḃ da ḃríġ sin, a nuáir ṫóigfiḋ ḋe an ċuid is fearr ḋe: ní mó ṫrúailleoċtáoi neiṫe náoṁṫa ċloinne Israel, deagla go néugfaḋ siḃ.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 18: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.