YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 17

17
Caibidil XVII.
Tug Día ar slat Aaroin bláṫa do ċur uaiṫe, 10 Mar ċuiṁne gurab sine Leḃi do ṫoġ sé ċum na Sagartaċd.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, agus glac slat ó gaċ éanduine aca do réir tiġe a naíṫreaḋ, ó na bprionnsuiḋiḃ uile do réir tiġe a naiṫreaḋ ḋá ṡlait déug: scríoḃsa ainm gaċ éanduine ar a ṡlait féin.
3Agus scríoḃṫa tú ainm Aáron ar ṡlait Léḃi: óir buḋ eanslat aṁáin ḃias ag ceann tiġe a naiṫreaḋ.
4Agus cuirfe tú súas íad a ttabernacuil an ċombċrúinniġ a láṫair na fiaḋnuise, mar a tteigeaṁa misi riot.
5Agus tiucfa a ccríċ, go ttiucfa bláṫ air ṡlait an té ṫoiġfeas mísi: agus do ḃéara misi fa deara go scuirfiḋ iṫiomráḋ ċloinne Israel díom, lé ndéanuid iṫiomráḋ ḃur naġaíḋsi.
6¶ Agus do laḃair Maóise ré cloinn Israel, agus tug gaċ áon da bprionnsuiḋiḃ slat ḋó, áon ar son gaċ éainṗrionnsa, do réir tiġe a naiṫreaḋ, ḋá ṡlait déug: agus do ḃí slat Aáron a measc a slat.
7Agus do ċuir Maóise na slata súas a laṫair an TIĠEARNA a ttabernacuil na fiáḋnuise.
8Agus tárla, ar na ṁáraċ go ndeaċuiḋ Maóise go tabernacuil na fíaḋnuise; agus féuċ, do ḃí slat Aáron ár son tiġe Léḃi ar ngéagaḋ amaċ, agus tug úaiṫe máoṫáin, agus do ḃlaṫ blaṫa, agus tug almóinne uáiṫe.
9Agus do ṫug Maóise na slata uile amaċ ó laṫair an TIĠEARNA ċum cloinne Israel uile: agus do ḟéaċadar, agus do ġlac gaċ neaċ ḋíoḃ a ṡlat féin.
10¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Taḃair slat Aáron a rís a laṫair na fiaḋnuise, dá taisciḋ mar ċoṁarṫa a naġaiḋ na meirlioċuiḃ; agus tóigfe tú ṫríd amaċ a monaḃar ḋíomsa, go naċ mbasuiġṫear íad.
11Agus do rinne Maóise sin: mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe, is mar sin do rinne sé.
12Agus do laḃradar clann Israel re Maóise, ġá ráḋ, Féuċ, atámáoíd ag éug, dó imiġiomair seaċad, do ċúaḋmar uíle seaċad.
13Giḋ bé ar biṫ ṫiucfas a ngoire do ṫabernacuil an TIĠEARNA do ġeaḃa sé bás: an ccnáoiḋfiġear sinne lé básuġáḋ?

Currently Selected:

Uiḃreaċa 17: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 17