YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 16

16
Caibidil XVI.
Imreasain Ċorah, Datan agus Abíram. 31 Ar na smaċduġaḋ gu geur. 41 Agus iṫiomráḋ 14700 do lean an lorg.
1Annois Córaṫ ṁac Isar, ṁic Cohaṫ, ṁic Léḃi, agus Dátan agus Abíram, mic Eliab, agus On, ṁac Pelet, ṁic Réuben, do ġlacadar ċuca daóine:
2Agus déirġeadar súas a laṫair Ṁaóise, maille re cuid airiġ do ċlannuiḃ Israel, ḋá ċéud agus cáogad prionsa don ċoiṁṫionól, óirḋeirc annsa ċoṁċruinniuġaḋ, dáoine aínmneaṁla:
3Agus do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile a naġaiḋ Ṁáoise, agus a naġaiḋ Aáron, agus a dúḃradar riú, Is mór ġaḃṫáoise oruiḃ féin, ó ṫárla an ċoṁċruinniuġaḋ uile náoṁṫa, gaċ aón díoḃ, agus an TIĠEARNA na measc: ar a naḋḃarsin cred fá ccurṫáoisi siḃ féin súas ós cionn ṗobail an TIĠEARNA?
4Agus a núair do ċúalaiḋ Máoise sin, do ṫuit sé ar aġáiḋ:
5Agus do laḃair sé re Córah agus ré na ċuídeaċduin uile, ḋá ráḋ, A máraċ féin taisbeanfuiḋ an TIĠEARNA cía is leis, agus cia atá naoṁṫa; agus dó ḃéara aír teaċd láiṁ ris: an té sin féin do ṫoġ sé is air do ḃéara teaċd a ngar ḋó.
6Déanniḋsi so; Glacaiḋ sionsuiḋe ċugaiḃ, Córah, agus a ċuideaċda uile;
7Agus cuiriḋ teiniḋ ionta, agus cuirfiḋ túis ionta a laṫair an TIĠEARNA a máraċ: agus is aṁluiḋ ḃías giḋ bé duine ṫoġas an TIĠEARNA, bíaiḋ sé naoṁṫa: gaḃann siḃ a niomarcuiġ oruiḃ féin, a ċlann Léḃí.
8Agus a duḃairt Máoise re Córah, Guiḋim siḃ, éistiġ a ċlann Leḃí:
9An saoilti gur ní gan éifeaċd, mar do ḋealuiġ Día Israel siḃsi ó ċoṁċruinniuġaḋ Israel, da ḃur ttaḃairt a ngar ḋó féín do ḋéanaṁ serḃíse ṫabernacuil an TIĠEARNA, agus seasaṁ a laṫair an ċoṁċruinniġ do ḟrioṫolaṁ ḋóiḃ?
10Agus ṫug sé ṫusa a ḃfógus , agus do ḋearḃráiṫre uile mic Leḃi maille riot; agus an ḃfuiltí ag íarruiġ na sagartaċda mar an gcéadna?
11Ar son na cúisesin ṫusa agus do ċuideaċda uile do ċruinníġeaḃair siḃ féin a ccionn a ċéile a naġuiḋ an TIĠEARNA: agus créd é Aáron, as a ndéantaoi iṫiomráḋ na aġaiḋ?
12¶ Agus do ċuir Máoise gairm ar Ḋátan agus air Abíram, clann Eliab: noċ a dúḃairt, Ní raċuimne súas:
13An ní gan éaifeaċd go ttúg tusa sinn as dúṫaiġ líonas do ḃainne agus do ṁil, dar marḃaḋ annsa ḃfásaċ, aċt muna ndéana tú prionnsa ḋíot féin ṫríd amaċ ós ar ccionn?
14Tuilléaṁ fós ní ṫug tú sinn go tír líonus do ḃainne agus do ṁil, agus ní mó ṫug tú oiġreaċd fearuinn nó fíneaṁna ḋúinn: an gcuirfe tú súile na ndáoine amaċ? ní raċuimne súas.
15Agus do ḃí Máoise roḟeargaċ, agus a dúḃairt ris an TIĠEARNA, Ná taḃairsi meas ar a nofráil so: nícr ḃean misi éanassal áṁáin díoḃ, agus ní mó do ġortuiġ mé áon aca.
16Agus a duḃairt Maoise ré Córah, Bíḋsi, agus do ċuideaċda uile a laṫair an TIĠEARNA a máraċ, ṫusa, agus íadsan, agus Aáron:
17Agus glacaḋ gaċ aon aguiḃ sionnsa, agus cuiriḋ túis ionta, agus tugaḋ gaċ áon aguiḃ a ṡionnsa féin a laṫair an TIĠEARNA, ḋá ċéad agus caogad sionsa; ṫusa mar an gceadna, agus Aáron, gaċ áon aguiḃ a ṡionnsa.
18Agus do ġlac gaċ ḟear áca a ṡionnsa, agus do ċuir teiniḋ ionta, agus do ċúireadar túis aír, agus do ṡeasadar a ndorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ maille re Máoise agus Aáron.
19Agus do ċruinniġ Córah an coṁċruinniuġaḋ úile na naġaiḋ go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus do foillsiuġaḋ glóir an TIĠEARNA don ċoṁċruinniuġaḋ uile.
20Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise agus ré Háaron, dá ráḋ,
21Dealuiġiḋ siḃ féin as lár an ṗobailsi, go sgriosfa mé íad a móiment.
22Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?
23¶ Agus de laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋá ráḋ,
24Laḃair ris an gcoṁċruinniuġaḋ, ḋá ráḋ, Eirgiḋ súas ó ḃeiṫ a ttimċioll ṫabernacuil Ċóraḋ, Ḋátan, agus Abíram.
25Agus déiriġ Máoise súas agus do ċuaiḋ go Dátan agus go Habíram; agus do leanadur sinnsir Israel uile é.
26Agus dó laḃair sé ris an bpobal, gá ráḋ, Guíḋim siḃ, dealuiġe siḃ féin ó lóistíniḃ na ndroċḋáoinese, agus ná buáiniḋ ré héanní is leó, deagla go muirfiḋe siḃ uile iona bpeacuiḃsion.
27Mar sin déirġeadar súas ó ṫabérnacuil Ċórah, Ḋátan, agus Abíram, ar gaċ éantáoiḃ: agus ṫáinic Dátan agus Abíram a maċ, agus do ṡeasadar a ndorus a lóistin, agus a mná, agus a mic, agus a cclann ḃeag.
28Agus a duḃairt Máoise, Leis so aiṫeontaoi gur ċuir an TIĠEARNA misi do ḋéanaṁ na noibreaċso uile; óir ní ḋéarna mé íad as minntinn féin.
29Má ġeiḃid so bás coitċeann a nuile ḋuine, nó más mar ṫicṫear ar na huile ḋaóiniḃ ṫiocfuiġear orra; ann sín ní hé an TIĠEARNA do ċuir misi úaḋ.
30Aċ má ní an TIĠEARNA ní núaḋ, agus go ḃfoisceoluiḋ an talaṁ a ḃéul, agus a slugaḋ súas, gun a nuile ní ḋá mbeanann riú, agus go raċaíd síos beó annsa ṗoll; annsin tuigfiḋe gur ċuireadar an ṁuinntirse fearg air an TTIĠEARNA.
31¶ Agus tarla, mar do sguir sé do laḃairt na mbríaṫarso uile, gur scoilt an talaṁ do ḃí fuṫa ó ċéile.
32Agus dfoscuil an talaṁ a ḃéul, agus do ṡluig súas íad féin, agus a ttiġṫe, agus a nuile ḋume dar ḃean ré Córah, agus a máoin uile.
33Iad féin, agus an ṁéid do ḃean riú, do ċuadar beó síos annsa deirc, agus do ḋruid an talaṁ orra: agus do éugadar as lár an ċoṁċruinniġ.
34Agus do ṫeiṫeadar na Hísraelitiġ uile do ḃí na ttimcioll fa gcuáirt roiṁ a néiġeaṁ: óir a duḃradar, Deagla go sluiġfioḋ an taluṁ sinne mar an ccéadna.
35Agus táinic teine a maċ on TTIĠEARNA, agus do loisc an dá ċéad agus an cáogad do ofráíl an túis.
36¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise, ḋá ráḋ,
37Laḃair lé Heleásar ṁac Aáron an sagart, na sionnsuiḋe do ṫógḃáil súas as an loscaḋ, agus spréiġse an teine ann súd; óir atáid náoṁṫa.
38Sionnsuiḋe na bpeacaċso a naġaiḋ a nanmann féin, déantar plátuiḋe leaṫna ḋíoḃ mar ḟolaċ do naltóir: óir do ofráladar íad a laṫair an TIĠEARNA, uime sin atáid náoṁṫa: agus béid na ccoṁarṫa do ċloinn Israel.
39Agus do ṫóg Eleásar an sagart na sionnsuiḋe práis, le ndeárnadar an luċd do loisceaḋ ofráil; agus do rineaḋ plátuiḋe leaṫna ḋíḃ mar ḟolaċ do naltóir:
40Ċum a mbeiṫ na ccuiṁne do ċloinn Israel, iondus naċ dtiocfaḋ éanċóiṁiḋeaċ, naċ do ṡíol Aáron, dofráil túise a laṫair an TIĠEARNA; ċor naċ mbiáiḋ sé mar Ċórah, agus mar a ċuideaċduin: mar do ráiḋ an TIĠEARNA ris le láiṁ Ṁáoise.
41¶ Aċd ar na ṁáraċ do rineadar coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile iṫiomráḋ a naġaiḋ Ṁáoise agus Aáron, ga ráḋ, Do ṁarḃaḃair muinntir an TIĠEARNA.
42Agus tárla, a nuáir do ċruinniġeadar an pobal uile a naġuiḋ Ṁaóise agus a naġaiḋ Aáron, gur ḟéuċadar leaṫ ré tabernacuil an ċoṁċruinniġ; agus, féuċ, do ḟoluiġ an neull é, agus do ṫaisbéin glóir an TIĠEARNA.
43Agus ṫáinic Maóise agus Aáron as coinne ṫabernacuil an coṁċruinniġ.
44¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
45Eíriġ amaċ ás an gcuideaċduin go mbásuiġe misi íad a móiment. Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ.
46¶ Agus a duḃairt Máoise re Haáron, Glac sionnsa, agus cuir teiniḋ ann ón naltóir, agus cuir túis uirré, agus éiriġ go lúaṫ ċum an ċoṁċruinniġ, agus déana lóirġníoṁ ar a son: óir do ċuáiḋ dioġaltas amaċ ón DTIĠEARNA; do ṫionsguin an ṗláiġ.
47Agus do ġlac Aáron mar a duḃairt Maóise ris, agus do riṫ a lár an ṗobail; agus, feuċ, do ḃí an ṗláiġ ar dtosuġaḋ a measc án ṗobail: agus do ċuir túis ċuige, agus do rinne síṫ ar son an ṗobail.
48Agusdo ṡeas sé eidir na beóḋaiḃ agus na marḃuiḃ; agus do coisceaḋ an ṗláiġ.
49Annois an ṁéid déug don ṗláiġ do buḋ ceiṫre ṁíle ḋéug agus seaċd gcéud, leaṫ amuiġ don ṁuinntir déug fa ċúis Ċórah.
50Agus do ḟill Aáron ċum Maóise go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: águs do coisceaḋ an ṗláiġ.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 16: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 16