Leḃiticus 7
7
Caibidil 7
Trí ġné ioḋbarta sioṫċána agus roiḋteaḋ. 12 Mar ḃreiṫ ḃuiḋeaċuis. 16 Mar ṁóid, agus mar ofrail ṫoileaṁla.
1Mar an gcéadna is é so dlíġeaḋ na hofrála sáruiġṫe: atá sé ro náoṁṫa.
2Annsa náit a marḃuid siad a nofráil loiscṫe is ann muirfid a nofráil ṡáruíġṫe: agus croiṫfiḋ sé a ḟuil timċioll ar a naltóir.
3Agus ofráilfiḋ sé ḋe méaṫas uile; a niorbuil, agus an méaṫas ḟolċus na hinníḋe,
4Agus an dá ḋúḃán, agus an méaṫas ḃiós orra, noċ atá fa náran, agus an scairt atá os cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, bainfiḋ sé sin as:
5Agus loiscfiḋ an sagart iad ar a naltóir mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA: Is ofráil ṡaruiġṫe sin.
6Iósuiḋ gaċ aón ḟirionnaċ a measc na sagart de sin: an sa náit náoṁṫa iostar é: ata ro naoṁṫa.
7Mar atá a nofráil ṗéacaiḋ, is aṁluiḋ atá a nofráil ṡáruiġṫe: is éaindliġeaḋ atá orra: an sagart do ḋéanas sí les is aige ḃías sé.
8Agus an sagart ioḋbras ofráil loiscṫe ḋuine air biṫ, is ag an tsagart féin ḃíos croicionn na hofrála loisce, do ní íoḋbuirt.
9Agus gaċ uile ofráil ḃíḋ dá mbácáltar annsa ḃácus, agus gaċ uile ḋeasuiġṫear annsa ḃfriṫóiġeann, agus annsa noiġean, biaiḋ ag an tsagart ofrálus é.
10Agus gaċ uile ofráil ḃíḋ, cumaiscṫe le hola, agus tirim, bíaiḋ ag cloinn Aáron uile, gaċ ean oiread re na ċéile.
11Agus as é sin dliġeaḋ ioḋbárṫa na hofrála sioṫċána, noċ ofráilfeas sé don TIĠEARNA.
12Má ofrálann sé é mar ḃreiṫ ḃuiḋeaċuis, ann sin ofráilfiḋ sé maille re íoḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis bairġeana gan laiḃín cumaiscṫe le hola, agus aḃlanna gan láiḃin ungṫa le hola, agus cacaiḋe cumaiscṫe le hola do ṗlúr ṁín, fríalta.
13Táoḃ a muiċ dona cácuiḃ, ofráilfiḋ mar ofrail aran laiḃín maille ré ioḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis dá ofráil ṡioḋa.
14Agus de sin ofráilfiḋ sé aón as a nofráil iomlán mar ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA, agus buḋ leis an tsagart do ċroiṫ fuil na hofrála sioṫċána sin.
15Agus féoil íoḋbarṫa ofrála síoḋa ar son buiḋeaċuis ióstar an ló sin féin ióḋbarṫar í; ni ḟúigfiḋ sé éainní ḋe ċum na maidne.
16Aċd má ḃíonn ióḋbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil toileaṁuil, ióstar an lá sin féin í ofrálas a íóḋbuirt: agus ar na ṁáraċ mar an gcéadna ióstar an fuiġeall.
17Aċd fuiġeall ḟeóla na híoḋbarṫa an treas lá loiscfiġear le teiniḋ é.
18Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.
19Agus a nfeoil beanas ré háoinní salaċ ní híostar í; loiscfíġear le teiniḋ í: agus ar son na feóla, an ṁéid ḃías glan íosuid di.
20Aċd an tanam iṫeas dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoṫċána, noċ is leis an TTIĠEARNA, gá ḃfuil a neaṁġloine air, gearrfuíġear an tanam sin ṫríd amaċ as a ṁuinntir.
21Os a ċionn so giḋ bé anum ḃeanas ré ní salaċ, mar atá salċar duine, no beaṫaiḋ neaṁgloin, nó re héainní aḋuaṫṁar neaṁġlan, agus íosas cuid dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoḋa, noċ ḃeanas ris an TIĠEARNA, gearrfuiġear an tanamsin ṫríd amaċ ó na ḋáoiniḃ.
22¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
23Laḃáir re cloinn Israel dá ráḋ, Ni íostáoi éainġné ṁéaṫas, doiṁ, nó cáoraċ, no gaḃair.
24Aċ geir an ḃeaṫaiḋ do ġeiḃ bás uáḋa féin, agus méaṫas a nainṁiḋe réubuid beaṫaiḋ, is eidir sin do ċur a núsáid ar biṫ eile: giḋeaḋ ní íostáoi éinní ḋe ar éanċor.
25Oir giḋ bé ar biṫ íosas do ġeir an ḃeaṫaiḋ, íoḋbruid dáone mar ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA, fós an tanam íosas de sin gearrfuiġear amaċ ó na ṁuinntir é.
26Tuilleaṁ eile ní íostáoi gné ḟola ar biṫ, mas déun no daínṁiġe, a náon da ḃur náitreaḃaḋ.
27Giḋ be ar biṫ anum íosas éainġné fola, gearrfuiġear ċeana an tanamsin ó na ṁuinntir.
28¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋá ráḋ,
29Laḃair ré cloinn Israel, dá ráḋ, An té ofrálus íoḋbuirt ofrála síoḋa don TIĠEARNA do ḃeura se taḃartas ċum an TIĠEARNA do íoḋbuirt ofrála ṡíoḋa.
30A láṁa féin ḃéurus leis ofrail an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ, an ġeir maille ris an gclíaṫán, do ḃeura sé leis, cor go gcroiṫfidis an cliaṫán ar son ofrála luáiṁniġṫé as coinne an TIĠEARNA.
31Agus loiscfiḋ an sagart an ġeir ar a naltóir: aċd buḋ lé Haáron agus le na ṁacaiḃ an tuċd.
32Agus do ḃearṫáoi an slinneán deás don tsagart mar ofráil ṫógṫa don íoḋbuirt do nofráil ṡíoṫċána.
33An té do ṁacaíḃ Aáron ofrálus fuil na hofrala sioṫċána, agus an méaṫus, is é do ġeaḃa an slinneán deas ar son a ċoda.
34Oír do ḃean misi an tuċd luáimneaċ agus an slinneán tógṫa do ċloinn Israel do íoḋbuirt a nofrála síoṫċána, agus ṫug mé do Aáron an sagairt íad agus dá ṁacaiḃ mar statúid go bráṫ ó ṁeasc cloinne Israel.
35¶ Is é so coṁroinn ungṫa Aáron, agus ungṫa a ṁac, as ofráluíḃ an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, annsa ló ar ċuír se a steaċ íad do ṁiniostralaċd don TIĠEARNA a noifig an tsagairt;
36Noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ṫaḃairt dóiḃ ó ċloinn Israel, annsa ló ar ungaḋ íad, lé statúid go bráṫ ar faḋ a ngeinéalaċ.
37 Is é so dliġeaḋ na hofrála loiscṫe, na hofrála bíḋ, na hofrála peacaiḋ, agus na hofrála sáruiġṫe, agus na gcoisreagaḋ, agus íoḋbarṫa na nofrálaḋ síoḋa;
38Noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise a slíaḃ Sínai, annsa ló ar aiṫin sé do ċloinn Israel an íoḋbuirt dofráil don TIĠEARNA, a ḃfasaċ Sínai.
Currently Selected:
Leḃiticus 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.