Leḃiticus 6
6
Caibidil 6
Dliġe ofrala an ḟir do ṡáruiġeas an reaċda le fios. 8 Agus aṫ-aiṫris ar ġnáṫ na nioḋbarṫa.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ,
2Má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana sáruġaḋ a náġaiḋ an TIĠEARNA, agus go ndéana bréag ré na ċoṁarsuin ann san ní tugaḋ ḋó a ttaisgiḋ, nó a gcumann, nó rugaḋ uaḋ ar éigin, nó do ṁeall sé a ċoṁarsa;
3Nó go ḃfuáir se an ní do ċuáiḋ a muġa, agus go ndéarna bréag dá ṫáoḃ, agus a ṁionna do ṫaḃairt a néiṫeaċ; a néinní ḋíoḃ so do ní duine, iona bpeacuiġeann sé:
4Ann sin buḋ aṁla ḃías, do ċionn gur ṗeacuiḋ sé, agus go ḃfuil ciontaċ, go naíseógṫa sé an ní rug ar éigin leis, nó an ní fúair sé gó cealgaċ, no an ní tugaḋ ḋó a ttaisciḋ, nó an ní do ċuáiḋ a muġa noċ fuair sé.
5Nó a nuile ní timċioll a ttug a ḋroċṁionna; aiseóguiḋ sé go hiomlán iona ṗrinnsipail, agus cuirfiḋ an cuigeaḋ cuid do ḃárr na ċionn, agus do ḃéura don tí dár ċoir é, a ló ofrála ar son a ċionta.
6Agus do ḃéura a ofráil ṡáruiġṫe ċum an TIĠEARNA, reiṫe gan ċaiḋe as an tréud, reir do ṁeasa, mar ofráil ṡáruiġṫe, don tsagart:
7Agus do ḋéana an sagart síṫ a laṫair an TIĠEARNA ḋó: agus maiṫfiġear ḋó arson éinneiṫe dá ndéarna sé ag sáruġaḋ ann.
8Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ga ráḋ,
9¶ Aiṫin do Aáron agus dá ṁacaiḃ dá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála loiscṫe: (is ofráil loiscṫe í, are son a loiscṫe ar a naltóir ar feaḋ na hoiḋċe go maidin, agus biáiḋ teine na haltóra ag loscaḋ innte.)
10Agus cuirfiḋ an sagart a ċulaiḋ lín uime, agus cuirfiḋ a ḃríste lín fá na ḟeóil, agus tóigeoḃuiḋ súas an lúaiṫ do loisc an teine maille ris a nofráil loiscṫe ar a naltoir, agus cuirfiġear láiṁ ris a naltóir íad.
11Agus cuirfiḋ a éadaċ ḋe, agus cuirfiḋ éadaċ eile uime, agus iomċóruiḋ amaċ an luáiṫ táoḃ a muiċ don ċampa go hionad ġlan.
12Agus biáiḋ an teine ar a naltóir ag loscaḋ innte; ní múċfuiġear i; agus loiscfiḋ an sagart connaḋ uirre gaċ áon ṁaidin, agus leagfa a nofráil loiscṫe a nórd uirre; agus loiscfiḋ uirre méaṫas na nofrálaċ síoṫċána.
13Biáiḋ an teine ar lasaḋ ċoiḋċe ar a naltóir; ní cuirfíġear amaċ go bráṫ í.
14Agus a sé so dliġeaḋ na hofrála biḋ: ofráilfid mic Aáron í a laṫair an TIĠEARNA, as coinne na haltóra.
15Agus glacfuiḋ lán a ḋuirn, do ṗlúr na hofrála bíḋ, agus dá hola, agus an tuis uile ḃías ar a nofráil bíḋ, agus loiscfiḋ ar a naltóir mar ḃolaḋ ċuṁra, eaḋon na ċuiṁne sin, don TIĠEARNA.
16Agus iosfuid Aáron agus a ṁic an fuiġeall: le harán gan laiḃín íostar é annsá náit náoṁṫa; a gcúirt ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ íosaiḋ síad é.
17Ní ḃruiṫfíġear maille re laiḃin é. Ṫug mé ḋóiḃsion é ar son a gcoda do mofráluíḃ déanta le teiniḋ; atá sé ro náoṁṫa, mar tá a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ṡáruíġṫe.
18A ḃfuil dfirionnċaiḃ a measc ċloinne Aáron íosaid de. Biáiḋ na reaċd go bráṫ ionḃur ngeinealaċaiḃ a ttáoḃ ofrálaiḋ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ gaċ áon dá mbeanfa riú biáiḋ náoṁṫa.
19Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,
20 Is í so ofráil Aáron agus a ṁac, noċ ofrálfuid síad don TIĠEARNA annsa ló a nungfuíġear é: an deaċṁaḋ cuid do eṗah do ṗlúr mín mar ofráil ḃíḋ go síorruiḋe, a leaṫ ar maidin, agus a leaṫ ionsa noiḋċe.
21A noiġeann dó ḋéantar é maille ré hola; agus a nuáir ḃías bruiṫe, do ḃéura tú a stéaċ é: agus na píosuiḋe bruiṫe do nofráil ḃíḋ ofráilfiḋ tú mar ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
22Agus an sagart dá ṁacaiḃ atá ungṫa na áit ofráilfiḋ sé é: búḋ statúid ċoiḋċe don TIĠEARNA í, loiscfiġear go híomlán í.
23Oir loisgfíġear gaċ uile ofráil bíḋ ar son an tsagairt go hiomlán: ní híostar é.
24Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise ḋá ráḋ,
25Laḃair ré Haarón agus le na ṁacaiḃ, gá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála peacaiḋ: annsa náit a marḃṫar a nofráil loiscṫe is ann muirfíġear a nofráil ṗeacaiḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: atá sé ro náoṁṫa.
26An sagart ofrálas é ar són peacaiḋ íosuiḋ sé féin é: ansa náit naoṁṫa iostar é, a ccúirt ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
27Gioḋ bé ar biṫ ní ḃeanas re nfeóil sin biaiḋ sé ro naoṁṫa: agus a nuair croiṫfiġear ḋá ḟuil ar éadaċ ár biṫ, niġfe tú a náit dár ḃean an croṫaḋ annsa náit náoṁṫa.
28Aċd an soiṫeaċ críaḋ ionar bruiṫeaḋ é, brisfiġear é: agus mas a bpota ṗrais do bruíṫeaḋ é, sciúrfuiġear é, agus meascfuiġear an pota a nuisce.
29Na húile ḟiríonnaċ a measc na sagart iósuiḋ ḋe: atá sé ro náoṁṫa.
30Ní hióstar ofrail ṗeacaiḋ ar biṫ a mbéarṫar éanċuid dá ḟuil go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe do ḋéanaṁ sioṫċána leis ansa náit náoṁṫa: loiscfíġear annsa teiniḋ í.
Currently Selected:
Leḃiticus 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.