YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 27

27
Caibidil 27
Dliġe na móide. 32 Ní bfeidir an deaċṁaḋ do ṁalartuġaḋ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,
2Laḃair ré cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir do ḃéura duine a ṁoid ṡingil, buḋ leis an TIĠEARNA na daóine reir do ṁeassasa.
3Agus búḋ é so do ṁeas do nfiór ó ḟiċid blíaḋan daóis go nuige seascad bliaḋan daóis, buḋ é do ṁeas caogad secel airgid, do réir ṡecel na sanctóra.
4Agus más bean í, ann sin buḋ é do ṁeas tríoċad secel.
5Agus más ó ċúig ḃlíaḋnuiḃ daóis ḃías go nuige fiṫċe blíaḋan, an sin buḋ é do ṁeás do nfior fiṫċe secel, agus don ṁnaoi deiċ sécél.
6Agus más ó ṁí daóis ḃiás go nuige cúig ḃlíaḋna daóis, ann sin buḋ é do ṁeas don ḟior cúig secel dairgead, agus don ṁnáoi buḋ é do ṁeas tri secel.
7Agus más ó ṫrí fiċid bliáḋan daóis ḃías agus ós a ċíonn; mas fear é, annsin buḋ é do ṁeas cúig secél déug, agus don ṁnáoi deiċ secel.
8Aċd más boiċte é nó do ṁeas, ann sin foillseoċuiḃ é féin a laṫair an tsagairt, agus measfuiḋ an sagart é; do réir ċumuis ḟir na móíde ṁeasfas an sagart e.
9Agus más beaṫaċ, dá ttugaid na dáoine ofráil a laṫair an TIĠEARNA, gaċ uile ní do ḃéir duine don TIĠEARNA dón tsórt sin biáiḋ náoṁṫa.
10Ní áṫróċuiḋ tú é, agus ní ṁalairtfe tú é, ní maiṫ air ḋroċ ní, nó droċ ní ar ni maiṫ: má ṁalairteann tú ar áon ċor beaṫaċ ar ḃeaṫaċ, ann sin biáiḋ féin agus an ṁalairt náoṁṫa.
11Agus más beaṫaċ neaṁġlan é, dá naċ déanuid íoḋbuirt ofrála don TIĠEARNA, ann sin taisbéanfuiḋ sé an beaṫáċ a láṫáir an tsagairt:
12Agus measfuiḋ an sagart é, an maiṫ nó an saiṫ é: mar ṁeasas tusa, ḃías ad ṡagart é, is mar sin ḃías sé.
13Aċd má ḟúasclann ar éanċor é, ann sin cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid a ccion do ṁeastasa.
14¶ Agus a nuáir naóṁṫoċus duine a ṫiġ da ḃeiṫ náoṁṫa don TIĠEARNA, ann sin measfuiḋ an sagart é, an maiṫ nó an saiṫ é: mar ṁeasfus an sagart é, is mar sin ḃías seasṁaċ.
15Agus má ḟúasglann an té do naoṁaiḋ a ṫiġ é, ann sin cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid dáirgead an ṁeasda na ċíonn, agus biáiḋ aige.
16Agus má náoṁann duine don TIĠEARNA cuid éigin do ṁaċaire a ṡeilḃe, annsin biáiḋ do ṁeas do réir a ṡíl sin: meusfuiḋear cáogad secel airgid do hómer síl eórna.
17Má náoṁann a ṁaċaire ó ḃliaḋuin an iubilé, seasfuiḋ dó réir do ṁeastasa.
18Aċd más tar éis na íubilé náoṁṫoċás sé a ḟearann, annsin coṁáirfiḋ an sagart an tairgead ċuige do réir ḃlíaḋan a nfuiġill, go blíaḋuin na iuḃile, águs léigfíġear sin síos dod ṁeas.
19Agus má ḟúasglann an té dó náoṁuiḋ a ḟearann ar éanċor é, annsin cúirfiḋ ná ċionn an cúigeaḋ cuid dairgead dot ṁeassa, agus daingneoċar ḋó é.
20Agus muna ḃfúascla se an fearann, nó má reac se an fearann ré duine eile, ní ḟuaisceoltar nís mó é.
21Aċd an fearann, a nuáir raċus amaċ annsá íubilé, biáiḋ náóṁṫa don TIĠEARNA, mar ḟearann taḃartuis; biáiḋ a ṡealḃ ag an tsagart.
22Agus má uáoṁann duine don TIĠEARNA fearann do ċeannuiġ sé, naċ do ṁaċairiġiḃ a ṡeilḃe;
23Annsin coṁairfiḋ an sagart lúaċ ḋó mar ṁeasfas tusa, go nuige blíaḋuin an íubilé: agas do ḃéura do meassa uaḋ an lá sin, mar ni náoṁṫa don TIĠEARNA.
24A mblíaḋuin an íubilé fillfiḋ an fearánn ċum an té ór ceanċaḋ é, eaḋon ċum an té lér leis sealḃ a nfearuinn.
25Agus biáiḋ do ṁeassa uile do réir secel na sanctóra: fiṫċe gerah ḃiás annsá tsecel.
26¶ Aṁáin primidíl na mbeaṫaċ, buḋ cóir do ḃeiṫ na ṗrimidil ag an TTIĠEARNA, ní naóṁṫoċuíḋ éanduine é; mas daṁ, nó cáora é: is leis an DTIĠEARNA é.
27Agus más beaṫaċ neaṁġlan é, annsin fuáisceoluiḋ sé é do réir do ṁeastasa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid de na ċeann: agus muna ḃfúascaltar é, annsin reacfuiġear é do réir do ṁeastasa.
28Giḋeaḋ, bronnta ḃronnfas duine don TIĠEARNA do nuile ní dá mbía aige, do ḋuine nó do ḃeaṫaċ, agus dá ḟearann ṡeilḃe, ní reacfuiġear agus ní ḟuáisceoltar é: atá gáċ uíle ní bronntar rónáoṁṫa ag an TIĠEARNA.
29Einní bronntar, noċ ḃronntar ó ḋáoiniḃ, ni ḟuáisceoltar é; aċd cuirfiġear sin ċum báis go deiṁin.
30Agus is leis an DTIĠEARNA an uile ḋeaċṁaḋ a nfearuinn, más do ṡíol an ḟearuinn, nó do ṫoraḋ an ċroinn, ceaċtar ḋíoḃ: atá náoṁṫa don DTIĠEARNA.
31Agus má ḟuasglann neaċ ar éanċor éinní dá ḋeaċṁuiḋ, cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid de na ċíonn.
32Agus a ttáoḃ áirġe, nó tréada fá na ndeaċṁuiḋ, giḋ bé ní imṫiġeas fán tslait, biáiḋ a ḋeaċṁaḋ náomṫa ag an TIĠEARNA.
33Ní spíonfa an maiṫ nó an olc é, ní mó ṁalairtfeas é: agus má ṁalairteann ar eanċor é, annsin biáiḋ féin agus an malartaċ náoṁṫa; ní ḟuáisceoltar é.
34 Is íad so na haiṫeanta, do aiṫin an TIĠAERNA do Ṁaóise ċum cloinne Israel a slíaḃ Sínai.

Currently Selected:

Leḃiticus 27: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Leḃiticus 27