Leḃiticus 26
26
Caibidil 26
Séula agus coṁḋúnaġ an laġ. 3 Ṫaoiḃ beannaċd ina coiṁead. 14 Agus mallaċd do luċd a dísbeagaḋ.
1Ni ḋéantaoi ḋáoiḃ féin íoḋuil ar biṫ nó ioṁáiġ ġráḃalta, ní mó ċuirfeas siḃ súas íoṁáiġ ṡeasṁaċ, ni mó ċuirfiḋe én ioṁáiġe ċloiċe súas ionḃur bfearann, do ċromaḋ sios di: oir misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
2Coinneoċuiḋe mo ṡábboid agus ónóruiḋe mó ṡanctóra: misi an TIĠEARNA.
3¶ Má ṡíuḃluiġṫí ann mo statúidiḃ, agus maiṫeanta do ċoiṁéud agus a ndéanaṁ;
4Annsin do ḃéura mé fearṫuinn ḋiḃ na ham féin, agus do ḃéura an talaṁ a ḃíseaċ, agus do ḃéaruiḋ croinn an ṁaċaire a ttoraḋ.
5Agus béaruiḋ ḃur mbúalaḋ go ham an nḟínḟoġṁair, agus sinuiġ an nḟinḟoġṁair gus an síolċur: agus iostáoi ḃur narán go maḋ lán, agus áiteoċṫáoi íonḃur nduṫaiġ go daingean.
6Agus do ḃéura misi síoṫċáin ánnsa tír, agus luiḋfiġe síos, agus ní ċuirfe éandunie eagla oruiḃ: agus coiscfiḋ mé droíċḃeaṫaíġ don dúṫaiġ, ní mó raċas an cloiḋeaṁ tré ḃur ḃfearann.
7Agus leanfuiḋe ḃur naiṁde, agus tuitfid roṁuíḃ ris an ccloiḋeáṁ.
8Agus brisfiḋ cuigear aguiḃsi ar ċéad, águs cuirfe céad ḋíḃsi míle ċum teiṫṁe: agus tuitfid ḃur náṁuid roṁaiḃ leis an gcloiḋeaṁ.
9Oír biáiḋ meas agum oruiḃ, agus do ḋéana mé síolṁar siḃ, agus méideoċa mé siḃ, agus daingnéoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ.
10Agus íostáoi an sean lónn, agus do ḃéurṫáoi an sean amaċ do ḃríġ an lóinn nuaḋ.
11Agus suiḋeoċa mé mo ṫabernacuil ḃur measc; agus ní ḃíaiḋ gráin ag manam oruiḃ.
12Agus síuḃoluiḋ me ḃur measc, agus beiḋ me am Ḋía aguiḃ, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa.
13Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndia, noċ ṫug amaċ siḃ as críċ na Hégipte, ċor naċ mbeiḋ siḃ ḃur ndaoirsineaċuiḃ áca; agus do ḃris mé cuiḃríġe ḃur gcuinge, agus ṫug mé oruiḃ imṫeaċd go díreaċ.
14¶ Giḋeaḋ muna éistí rium, agus naċ ndéantáoi na haiṫeanta so uile;
15Agus má ṫarcuisniġṫí mo statúidíġ, nó má ḃíonn gráin ag ḃur nanam roiṁ mo ḃreiṫeaṁnus, íonnus naċ ccoiṁlíonfáoi maiṫeanta uile, aċd go mbrisfíḋe mo ċunnraḋ:
16Do ḋéana misi mar an gceadna so riḃse; cuirfe me criṫeagla oruiḃ, cnáoi agus fíaḃrus tinntiġe, noċ ċnáoiḋfeas na súile, agus do ḃéura doilġios croiḋe: agus cuirfiḋe ḃur síol go díoṁáoin, óir is íad ḃur náṁuid íosas é.
17Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.
18Agús muna néistiġe riom fós ar a ṡon so uile, annsin píanfa mé siḃ seaċd nuáire eile ar son ḃur bpeacaiḋ.
19Agus réubṫa mé néart ḃur núaḃair; agus do ḋéana mé ḃur neaṁ aṁail íarann, agus ḃur talaṁ aṁail ṗras:
20Agus caiṫfíḋe ḃur neart go díoṁáoin: oir ní ṫiuḃra ḃur ḃféarann a ṡoċar, ní mó do ḃearuid croinn na talṁan á ttoraḋ.
21¶ Agus má ṡiuḃluiġṫí contrárḋa ḋaṁsa, agus náċ éisdfiḋe rium; do ḃéura mé seaċd nuáire eile tuilleaṁ plaiġe oruiḃ do réir ḃur bpeacaḋ.
22Cuirfe me mar an gcéadna béaṫaċuiġ allta ḃur measc, noċ ṡladfas siḃ fá ḃur gcloinn, agus ṁuirfeas ḃur náirnéis, agus do ḋéanas tearc a nuiḃir siḃ; agus béiḋ ḃur sliġṫe móra na ḃfásaċ.
23Agus muna ttigṫí ar ḃur nais leis na neiṫiḃsi, aċd go siuḃolfáoi contrárḋa ḋaṁsa;
24Annsin siuḃoluiḋ misi mar an gceadna contrárḋa ḋáoiḃsi, agus smaċdeoċa mé fós seaċd nuaíre eile siḃ ar son ḃur bpeacaḋ.
25Agus dó ḃéura mé cloiḋioṁ oruiḃ, ḋiġeólus cúis mo ċunnarṫa: agus a nuáir ċruinneoċṫáoi a ḃfoċair á ċéile a stiġ ion ḃar gcaiṫreaċaiḃ, cuirfe me an ṗláiġ ḃur measc; agus seaċódṫar a láiṁ na náṁad siḃ.
26 Agus a nuáir ḃrisfeas mé bata ḃur naráin, bruiṫfiḋ deiṫneaṁar ban ḃur narán a néanḃácus aṁáin, agus do ḃéaruid ḃur narán díḃsi ar na ṫoṁas: agus íostáoi agus ní ḃeiṫí sáṫaċ.
27Agus muna éistí riomsa ar a ṡon so uile, aċd síuḃal contrárḋa ḋaṁ;
28Annsin siuḃóluíġ misi ionḃur naġuiḋsi a ḃfeirg ṁóir; agus misi, eaḋon misi féin, smaiċdeoċus siḃ seaċd nuáire ar son ḃur bpeacaiḋ.
29Agus íostáoi féoil ḃur mac, agus feóil ḃur ninġion íostáoi.
30Agus scríosfa misi ḃur náite árda, agus gearrfa mé síos ḃur níoṁaiġe, agus teilgfe mé ḃur gconablaċ ar ċonablaċuiḃ ḃur nioḋal, agus fuaiṫeoċuiḋ manam siḃ.
31Agus do ḋéana mé ḃur gcaiṫ reaċa na ḃfásáċ, agus do ḃéura mé ḃur sanctóra ċum uáíguis, agus ní ḃoiltneaċa me bolaḋ ḃur mboltanuis ndeaġḃoluiḋ.
32Agus do ḃéura mé an tír ċum uáignis agus ḃur náiṁde áiteoċus innte: biáiḋ úaṁán orra fán ní sin.
33Agus scainnreoċa mé siḃ a measc ná ngenteaḋ, agus tairreonga mé cloiḋeaṁ amáċ ḃur ndiáiġ: agus biáiḋ ḃur ndúṫaiġ uáigneaċ, agus ḃur gcaiṫreaċa na ḃfasaċ.
34Annsin ċoinneoċus an talaṁ a sabbóidiġ, an fad ḃías se folaṁ, agus beiṫíse a ttír ḃur náṁad; is annsin ṡuáiṁneoċus an talaṁ, agus buáiḋeoċṫáoi a sabbóidiġ.
35An feaḋ ḃías sé gan áitreaḃ biáiḋ suáiṁneaċ; do ċionn narṡuáíṁniġ sé ionḃur sabbóidiḃsi, in feaḋ do ċoṁnuiġeaḃair féin ann.
36Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.
37Agus tuitfid ar muin a ċeile, aṁuil do ḋéandáois roiṁe ċloiḋioṁ, a nuáir naċ mbiáiḋ éanduíne na ndiáiġ: agus ní ḃéiḋ cumas aguiḃ a laṫair ḃur náṁad.
38Agus tuitfíḋe a measc na ngennteaḋ, agus íosuiḋ talaṁ ḃur náṁad súas siḃ.
39Agus an ṁéid ṁairfeas ḋíḃ seargfuid ann a nolc a ttír a náṁad; agus már an gcéadna a ccoirṫiḃ a náiṫreaḋ seargfuid meille riú.
40Má adṁuid siád a neagceart, agus éacceart a naiṫreaḋ, maille ré na sáruġaḋ léur ṡáruiġeadar a maġaiḋsi, agus mar an gcéadna gur ṡiuḃluiġeadar contrárḋa ḋaṁ;
41Agus gur ṡíuḃuil misi contrárḋa ḋóiḃsion, águs go ttug mé a ttír a náṁad íad; annsin má ḃíd a gcroiḋṫe neaṁṫimċillġéarrṫa uṁall, agus go nglacfuid pionús a nuilc:
42Ann sin cuiṁneoċa misi mo ċunnraḋ ré Iácob, agus mar an gcéadna mo ċunraḋ ré Hisaac, agus cuiṁneoċá mé mar an ccéadna mo ċunraḋ ré Habraham; agus cuiṁneoċa mé an dúṫaiġ.
43Ṫairis sin fúicfiḋ síad an tír, agus géuḃuiḋ sí a sábbóidiġ, an feaḋ ḃías uáigneaċ gan íadsan inte: agus géuḃuiḋ síad pionús a néigceirt: do ċionn, eaḋon do ċionn gur ṫarcuisníġeadar mo ḃreiṫeaṁnuis, agus do ċiónn gur ḟúaṫaiġ a nanam mo statúidiġ.
44Giḋeaḋ fós ar a ṡon sin, a nuáir ḃéid síad a ttír a náṁad, ní ṫeilgfe mé seaċad íad, agus ní mó ḟuaṫoċus mé íad, dá scrios ṫríd amaċ uile, agus do ḃriseaḋ mo ċunnarṫa ríu: oir is misi an TIĠEARNA a Ndía.
45Aċd cuiṁneoċa mé ar a sonsan cunraḋ a sinnsear, noċ ṫug mé a maċ as críċ na Hégipte a raḋarc na ngenteaḋ, Ionnus go mbéinn am Ḋía aca: is misi an TIĠEARNA.
46 Is íad so na statúide agus na breiṫeaṁnuis águs na dliġṫe, noċ do rinne an TIĠEARNA ider é féin agus clann Israel a slíaḃ Sínái lé láiṁ Ṁaóise.
Currently Selected:
Leḃiticus 26: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.