YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 17

17
Caibidil 17
Ni bfeídir fuil iṫe; 15 No feóil do reúbaḋ le beaṫaċaiḃ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ,
2Laḃair ré Háaron, agus ré na ċloinn, agus re cloinn Israel uile, agus abair riú; Is é so an ní do aiṫin an TIĠEARNA, dá ráḋ,
3Giḋ bé ar biṫ duine ḃías do ṫiġ Israel, ṁuirfeas daṁ, no úan, nó gaḃar, annsa ċampa, nó ṁuirfeas táoḃ a muiċ don ċampa,
4Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine:
5Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.
6Agus croiṫfiḋ an sagart a nfuil ar altóir an TIĠEARNA ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus loisgfiḋ an méaṫas mar ḃalaḋ deaġḃolaiḋ don TIĠEARNA.
7Agus ní ofráilfid nís mó a níoḋbarṫa do ḋíaḃluiḃ, a ndiáiġ ar imṫiġeadar lé stríapaċus. Biáiḋ so na statúid aca go bráṫ ar feaḋ a ngeinealaċ.
8¶ Agus déara tusa riú, Giḋ bé ar biṫ duine do ṫiġ Israel, nó do na coiṁiġiḃ ḃíos ar cuáirt eadruiḃ, ofráilfeas ofráil loiscṫe nó íoḋbuirt.
9Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, dá ofráil don TIĠEARNA; gearrfuiġear ċeana an té sin amaċ as lár a ṁuinntire.
10¶ Agus giḋ bé ar biṫ duine ḃías da ṫiġ Israel, nó da na coiṁiġiḃ ḃíos ar cuáirt ḃur measg, iṫeas éainġné ḟola; cuirfiḋ misi umarro maġaiḋ a naġaiḋ a anma sin iṫeas fuil, agus gearrfa mé amaċ ó na ḋáoiniḃ é.
11Oír is annsa ḃfuil atá anam na feóla: agus tug misi ḋáoiḃsi í ar a naltóir do ḋéanaṁ síoḋa dá ḃur nanmannuiḃ. Oir a a nfuil do ní síṫ ar son a nanma.
12Uime sin a duḃairt mé le cloinn Israel, Ni íosaiḋ áonduine aguiḃ fuil, ní mó íosas áonċoiṁiġṫeaċ fuil, do ċoṁnuiġeas ḃur measc.
13Agus giḋ bé ar biṫ duine ḃías do ċloinn Israel, nó do na coiṁiġṫeaċuiḃ ċoṁnuiġeas ḃur measc, do ní fíaḋaċ agus ḃeireas ar ḃeaṫaċ nó ai éun is éidir iṫe; dóirtfiḋ amaċ a ḟuil sin, agus foileoċuiḋ lé luáiṫreaḋ í.
14Oír is í beaṫa gaċ uile ḟeóla i; is ar son a ḃeaṫa ḃíos a ḟuil: is uime sin a duḃairt mé re cloinn Israel, Ní íostáoi fuil ḟeóla ar biṫ: óir ís í a ḟuil anam gaċ uile ḟeóla: giḋ bé ar biṫ íosas í gearrfuiġear amaċ é.
15¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.
16Aċd muna niġfiḋ sé íad, nó a ċorp do ḟoṫruġaḋ; annsin iomċóruiḋ sé a ċoir.

Currently Selected:

Leḃiticus 17: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in