Leḃiticus 16
16
Caibidil 16
Ofrala agus feust ġlanta úair san bliáḋan arson an tsaguirt fein agus an ṗobail uile.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise déis ḃáis ḋeisi mac Aáron, a nuáir do ofraladur a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do éagadar;
2Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Laḃair ré Haáron do ḋearḃraṫair, gan teaċd gaċ éanuáir do náit náoṁṫa táoḃ a steaċ don ḟolaċ as coinne an tsuiḋe ṫrócaire, noċ atá ar a náirc; go naċ ḃfuiġeaḋ bás: óir taisbéanfa misi mé féin annsa néull ar an tsuiḋe ṫrócaire.
3Mar so ṫiucfas Aáron sa náit náoṁṫa: maille ré bulóig óig mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫe mar ofráil loiscṫe.
4Cuirfiḋ sé uime an cóta náoṁṫa línéaduiġ, agus béid na brístiḋe línéaduiġ ré na ċroicionn, agus ar na ċrioslúġaḋ lé crios línéaduiġ, agus leis an míter línéaduiġ éideoċṫar é: is éaduiġe náoṁṫa iadso; uime sin niġfiḋ sé a ḟeóil a nuisce, agus annsin cuirfiḋ uime íad.
5Agus tóigeoḃuiḋ do ċoṁċruinniuġaḋ cloinne Israel dá ṁeannan do na gaḃruiḃ ar son ofrala ṗeaoaiḋ, agus áon reiṫe mar ofráil loiscṫe.
6Agus ofráilfiḋ Aáron a ḃulóg na hofrála peacaiḋ noċ ḃías ar a ṡon féin, do ḋéanaṁ síoṫ ar a ṡon féin, agus ár son a ṫiġe.
7Agus glacfuiḋ an dá ġaḃar, agus taisbéanfuiḋ íad as coinne an TIĠEARNA ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
8Agus cuirfiḋ Aáron crannċar ar an dá ġaḃar; eaḋon crann ar son an TIĠEARNA, agus crann ar son an ġaḃair a raċus as.
9Agus do ḃéura Aáron leis an gaḃar air ar ṫuit crannċair an TIĠEARNA, agus ofrálfuiḋ é mar ofráil ṗeacaiḋ.
10Aċd an gaḃar, air ar ṫuit crannċair gur ab é an gaḃar a léigṫe as, bearṫar beó as coinne an TIĠEARNA é, do ḋéanaṁ síoṫa leis, agus leigfe ḋó imṫeaċd mar ġaḃar ṡáor fán ḃfásaċ.
11¶ Agus do ḃéura Aáron bulóg na hofrála peacaiḋ leis, noċ ḃías ar a ṡon féin, agus do ḋéana síṫ ḋó fein, agus do ṫiġ, agus muirfiḋ bulóg na hofrála peacaiḋ atá ar a ṡon féin:
12Agus glacfuiḋ sionnsa lánn do smeorṫóidiḃ teineaḋ ó a naltóir as coinne an TIĠEARNA, agus lan a ġlaice do ṫúis ḋeaġḃoluiḋ brúite go mín, agus do ḃéura táoḃ a stiġ do nfolaċ é:
13Agus cuirfiḋ an túis ar an teiniḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, ċor go ḃfoileoċuiḋ néull na túise an suiḋe trócaire atá ar an ḃfíaġnuise, go naċ ḃfaġaiḋ bás:
14Agus glacfuiḋ dfuil na buloige, agus croiṫfiḋ sé lé na ṁéur ar an tsuiḋe ṫrócaire í leaṫ ṡoir; agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire croiṫfiḋ do nfuil seaċd nuáire lé na ṁéur.
15¶ Annsin muirfiḋ gaḃar na hofrála, peacaiḋ, ḃías ar son an ṗobail, agus do ḃéura a ḟuil táoḃ a steaċ do nfolaċ, agus do ḋéana ris an ḃfuil sin mar do rinne sé ré fuil na bulóige, agus croiṫfiḋ í ar an suiḋe trócaíre, agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire:
16Agus do ḋéanuiḋ síoṫ ar son an ionaid náoṁṫa, do ḃríġ neaṁġloine ċloinne Israel, agus do ċionn a saruiġṫe iona uile ṗeacaḋuiḃ: agus do ḋéana mar sin ar son ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, noċ ċoṁnuiġeas na measc, a meaḋón a neaṁġloine.
17Agus ní ḃía éanduine a ttabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe a nuáir raċus sé a steaċ do ḋéanaṁ na síoḋa annsa náit náoṁṫa, nó go dteig amaċ, agus go ndéarna síṫ ar a ṡon féin, agus ar son a ṫiġe, agus ar son ċoṁċruinniġṫe Israel uile.
18Agus raċaiḋ amaċ ċum na haltóra atá as coinne an TIĠEARNA, agus do ḋéana síṫ ar a son; agus glacfuiḋ dfuil na bulóige, agus dfuil an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcuáirt í.
19Agus croiṫfiḋ do nfuil uirre lé ná ṁéur seaċd nuáire, agus glanfuiḋ í, agus náoṁṫoċuiḋ í ó neaṁġloine ċloinne Israel.
20¶ Agus a nuáir ċuirfeas críoċ ar ḋéanaṁ síṫe do náit náoṁṫa, agus do ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus do naltóir, do ḃeura an gaḃar beó leis:
21Agus leagfuiḋ Aáron a ḋá láiṁ ar ċionn an ġaḃair ḃeó, agus aideóṁuiḋ ós a ċionn olc ċloinne Israel uile, agus a sárúiġṫe iona bpeacaḋuiḃ uile, dá gcur ar ċionn an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar siuḃal é lé láiṁ ḋuine iomċuḃaiḋ fán ḃfásaċ.
22Agus iomċoruiḋ an gaḃar air féin a néigceart uile go fearann gan áitreaḃ: agus léigfiḋ an gaḃar uaḋa san ḃfásaċ.
23Agus tiucfaiḋ Aáron a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus cuirfiḋ sé na héaduiġe lín de, noċ do ċuir air a nuáir do ċuáiḋ do náit náoṁṫa, agus fúigfiḋ annsin íad:
24Agus niġfiḋ a ḟeoil le huisce an sa náit náoṁṫa, agus cuirfiḋ éadaċ air, agus raċfuiḋ amaċ, agus ofrálfuiḋ ioḋbuirt loiscṫe, agus ofráil loiscṫe an ṗobail, agus do ḋéana síoṫ ḋó féin, agus don ṗobal.
25Agus loiscfiḋ sé méaṫas na hofrála peacaiḋ ar a naltóir.
26Agus an té do léig an ġaḃar uaḋa mar ġaḃar ṡáor niġfiḋ sé a éadaċ, agus foṫruicfiḋ sé a ḟeóil a nuisce, agus na ḋiáiġ sin tiucfa sé don ċampa.
27Agus an ḃulóg ar son na hofrála peacaiḋ, agus an gaḃar ar son na hofrála peacaiḋ, a ttugaḋ a ḃfuil a steaċ do ḋéanaṁ síoḋa annsa náit náoṁṫa, béurfuiḋ óglaċ amaċ as an ccampa íad; agus loiscfiḋ annsa teiniḋ a gcroicne, agus a ḃfeóil, agus a notraċ.
28Agus an té loiscfeas íad niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ a ḟeóil a nuisce, agus na ḋiáiġ sin tiucfa don ḟoslungṗort.
29Agus biáiḋ so na statúid go bráṫ aguiḃ: ḃur nanmanna do ċráḋ ar an seaċdṁáḋ mí, ar an deaċṁaḋ lá don ṁí, agus ní ḋéantáoi obair ar áonċor, más do ḃur ttír féin é, no coiṁṫiḋeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measg:
30Oír is ar an lá sin do ḋéana an sagart síṫ ar ḃur son, dá ḃur nglanaḋ, lé mbeiṫí glan a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA ó ḃur bpeacuiġiḃ uile.
31 Biáiḋ sé na ṡábbóid ṡuáiṁneasa aguiḃ, agus cráifiḋe ḃur nanmanna, lé statúid go bráṫ.
32Agus an sagart ungfas, agus ċoisreógas sé ċum miniostralaċd a noifig an tsagairt a náit aṫar, is é do ḋéanas an tsíṫ, agus cuirfiḋ an téadaċ lín air, an ċuluiḋ náoṁṫa:
33Agus do ḋéana siṫ don tsanctóir náoṁṫa, agus do ḋéana síṫ do ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus don naltóir, agus do ḋéana síṫ ar son na sagart, agus ar son ṗobuil an ċoṁṫionóil uile.
34Agus biaiḋ so na statúid ṡíorruiḋe aguiḃ, do ḋéanaṁ síoḋa do ċloinn Israel ar son a bpeacuiġiḃ uile uáir san mblíaḋuin. Agus do rinne sé mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Currently Selected:
Leḃiticus 16: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.