Leḃiticus 18
18
Caibidil 18
Céimeaḋ na ngáol-fogus, do ḃacfas pósaḋ. 19 Na mianġusa míċneasda.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
3Ní ḋéantáoi do réir gníoṁarṫa ċriċe na Hégipte, mar ar áitiġeaḃair: agus do réir oibreaċ ṫíre Cánaain, iona ḃfuilim ḋá ḃur ttaḃairt, ní ḋéantáoisi: ní mó imeoċṫáoi lé na nórduiġṫiḃ.
4Do ḋéantáoi mó ḃreiṫeaṁnuisi agus coiṁéadfuiḋe morduiġṫe, ag síuḃal ionta: is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
5Coiṁéadfuiḋe ar a naḋḃarsin mo statúidiġ, agus mo ḃreiṫeaṁnuis: noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionnta: misi an TIĠEARNA.
6¶ Ní ṫiucfa éanduine aguiḃ a ngar áoin dá mbía ngáol ḟogus dáoiḃ, ċum a ttárnoċd dfoillsiuġaḋ: mísi an TIĠEARNA.
7Tarrnoċd haṫar, nó tárrnoċd do ṁaṫar, ní léigfe tú leis: is í do ṁaṫair í; ní léigfe tú a tárrnoċd leis.
8Ní léigfe tú tárrnoċd ṁná háṫar leis: is í sin tárrnoċd haṫar.
9Tárrnoċd do ḋeirḃṡeaṫraċ, inġean haṫar, nó inġean do ṁaṫar, más annsa tiġ béarṫar í, nó a muiġ, ní léigfe tusa ċeana a ttárrnoċd ris.
10Tárrnoċd inġine do ṁic, nó inġine hinġine, a ttárrnoċd sin umurro ní léigfe tú ris: oir is í do ṫárrnoċdsa a ttárrnoċdsan.
11Tárrnoċd inġine ṁná haṫar, do gineaḋ ód aṫair, is í do deirḃṡíur í, ní léigfe tu leis a tárrnoċd.
12Ní léigfe tú tárrnoċd ḋeirḃṡeaṫ raċ haṫar ris: is í bean ḟogus ġáoil haṫar.
13Ní léigfe tú náire ḋeirḃṡeaṫraċ do ṁaṫair leis: óir is í bean ḟogus ġáoil do ṁaṫar í.
14Ní léigfe tú tárrnoċd ḋearḃráṫar haṫar leis, ní raċa tú a ngar a ṁná: óir is í bean dearḃráṫar haṫar í.
15Ní léigfe tú tárrnoċd do ḃainċleaṁna leis: is í bean do ṁic í; ní leigfe tú a tárrnoċd leis.
16Ní léigfe tú tárrnoċd ṁná do ḋearḃraṫar leis: is í sin tárrnoċd do ḋéarḃraṫar.
17Ní léigfe tú tárrnoċd mna agus a hinġine leis, agus ní ṫiuḃra tú inġean a mic, nó inġean a hinġine, ċum a ttárnoċd dfoílsíuġaḋ; óir is íad a mná foigse gáoil sin íad, is coir é.
18Ni mó ḃéurus tú bean a gcionn a deirḃṡeaṫar, dá buáireaḋ, ċum a tárrnoċd dfoilsiuġaḋ, táoḃ a muiġ don ṁnáoi eile, ar feaḋ a beaṫa.
19Mar an gcéadna ní raċa tú a ngar ṁná do ċoiṁríaċduin ría, an feaḋ ḃías ar na cur ar leiṫ ar son a neaṁġloinne.
20Tuilleaṁ eile, ní luiġfe tú go colluiḋe lé mnáoi do ċoṁarsan, dot ṫruáilleaḋ féin lé.
21Agus ní léigfe tú déanduine dot ṡlioċd dul ṫríd an teiniḋ go Móleċ, ní mó ḋísbeagfas tú ainm don Ḋé: misi an TIĠEARNA.
22Ní luiġfe tú le cinéul fearḋa, mar an gcinéul mbanda: is gráineaṁlaċd é.
23Ní mó luiġfeas tú le beaṫtaċ ar biṫ dot ṫruáilleaḋ féin leó: ni mó ḟanfas bean ag beaṫaċ ar biṫ do luiḋe lé: ís damnaḋ é.
24Ná truáilliḋ siḃ féin a neinní do na neiṫiḃsi óir is ionta so uile do truáilleaḋ ná dáoine do ṫeilg mé amaċ roṁuiḃ.
25Agus ata an talaṁ truáilliḋṫe: uime sin agruimsi a ċoir féin air, agus atá an talaṁ féin a sceiṫ a ḋúṫċusuiḋ ḋe.
26Coiṁeódtáoi ar a naḋḃarsin mo statúidiġ agus mó ḃreiṫeaṁnuis, agus ní ḋéantáoi éinní do an néiṫiḃ graineamlasa; ceaċtar duine dá ḃur ttír féin, nó an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measc:
27(Oír do rinneadar muinntir na tíre an ġráineaṁlaċdsa uile, noċ do ḃí roṁuiḃsi, agus atá an talaṁ truáilliġṫe;)
28Cor naċ sceiṫfiḋ an talaṁ siḃsi amaċ mar an gcéadna, a nuair ṫruiaillfiḋ siḃ é, mar do sceiṫ na cineaḋaċa do ḃí roṁuiḃ ann.
29Oír giḋ bé ar biṫ ḋéanas éainní do naḋúaṫṁuireaċdso, eaḋon na hanmanna do ní íad gearrfuiġear amaċ ó na muinntir íad.
30Ar a naḋḃarsin coiṁéadfuiḋe morduiġese, cor naċ déantáoi éainní do na gnáṫuiġṫiḃ gráineaṁlasa, do rinneaḋ roṁuiḃ, agus naċ dtruáillṫí siḃ féin ionta: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Currently Selected:
Leḃiticus 18: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.