YouVersion Logo
Search Icon

Neaḃruiḋeaċ 6

6
Caibidil VI
Mór-ċuntaḃairt cláonaḋ go neiṁċreideaṁ, [agus a raḋ, Go ḃairiḋ Críosd ar a ċéusaḋ, mar ṁealltoir ó Ṡatan, Maṫ. Vii 22. c. xii. 24, 31.] Tar éis do ḋuine ṁíoġráiseaċ, Críosd a adṁail, no Spiorad na míorḃuilteaḋ dfaġáil úaiḋ.
1Uime sin ar léigean ṫoruinn dúinn ṫeaguisg ċéudṫosuiġeaḋ Ċríosd, tigeam air ar naġuiḋ ċum ḃeiṫ diongṁálta; gan ḃeiṫ dúinn a rís ag cur ḟonndameint na haiṫriġe ó oibreaċuiḃ marḃa, agus ċréidṁe a dtáóḃ Dé, 2Ṫeagusg na mbaisdeaḋ, agus leagaḋ na láṁ, agus eiséirġe na marḃ, agus an ḃreiṫeaṁnuis ṡíorruiḋe. 3Agus do ḋéunam so, do ċead Dé. 4Oír an dream atá ar na soillsiuġaḋ áon uáir aṁáin, agus fuáir blas an tioḋluice neaṁġa, agus lér roinneaḋ an Spiorad Náoṁ, 5Agus do ḃlais deaġḃríaṫar Dé, agus suḃailciḋe an tsáoġail atá ċum teaċda, 6Agus atá ar dtuitim, ní féidir a naṫnúaḋuġaḋ a rís ċum aiṫriġe; do ḃríġ go ḃfuilid ag céusaḋ Ṁic Dé a rís ḋóiḃ féin, agus ag sgige fáoi. 7Oír an talaṁ ṡlúigeas a nfearṫuinn ṫig go minic air, agus do ḃeir luiḃionna úaḋa ṫéid a dtárḃa don druing ṡáoṫruiġeas é, do ġéiḃ sé beannaċd ó Ḋía: 8Aċd an talaṁ do ḃeir sgeaṫaċ agus driseaċ úaḋa as diomolta, agus is fogus é dá ḃeiṫ malluiġe; agúr ab é a ċríoċ a losgaḋ.
9Giḋéaḋ a ċáirde, atámuid deiṁneaċ asuiḃse fá neiṫiḃ is fearr ná sin, agus as foigse don tslánuġaḋ, bíoḋ go láḃramáoid mar so. 10Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ. 11Agus as mían rinn gaċ áon aguiḃ do ṫaisbéunaḋ na dúṫraċda céudna ċum láindearḃṫa an dóṫċais go deireaḋ: 12Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.
13Oir an tan ṫug Día gealaḋ D'Abraham, do ḃriġ nár ḃféidir leis neaċ bá mó do ṫaḃairt mar ṁíonnuiḃ, tug sé é féin mar ṁíonnuiḃ, 14Ag ráḋ, Go deiṁin ag beannuġaḋ beannóċa mé ṫusa, agus ag méuduġaḋ méideóċa mé ṫú. 15Agus mar sin, ar ḃfuireaċ go foiġideaċ ḋó, fuáir sé toraḋ na geallaṁna. 16Oír go deiṁin do ḃeirid dáoine an tí is mó ná íad féin mar ṁionnuiḃ, agus as críoċ air gaċ imreasain dóiḃsion mionna ċum deiṁniġṫe. 17As mar an gcéudna ar mbeiṫ do Ḋía fonnṁar ar a ċoṁairle neaṁċorruiḋ dfoilliuġaḋ go ro ḟoirrleaṫan doiġriḃ na geallaṁna, do ḋearḃuiḋ sé é ré mionnuiḃ: 18Ionnas tré ḋá ní dóaṫarruiḋ, ann naċ féidir lé Día bréug do ḋeunaṁ, go mbeiṫ meanma láidir aguinne, ag rioṫ ċum greamuiġṫe don dóṫċas atá roṁuinn: 19Noċ atá aguinn mar ancaire, daingean diongṁálta a nanma, agus ṫéid a steaċ go soiṫe a ní atá don táoiḃ a stiġ don ḃrat; 20Sa náit a ndeaċuiḋ an céidreaṫuiġe air ar soinne, eaḋon Iósa, dá ndearnaḋ árdsagart síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec.

Currently Selected:

Neaḃruiḋeaċ 6: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in