YouVersion Logo
Search Icon

Neaḃruiḋeaċ 5

5
Caibidil V
Oirḋearcus ṡagartaċd Iósa Criosd oscionn na nuile.
1Oir gaċ uile árdsagart, ṫógṫar ó ḋáoiniḃ is ar son dáoineaḋ orduiġear é a dtáoḃ na neíṫeann ḃeanas ré Día, ċum ofrála agus íoḋbarṫa do ḋéunaṁ ar son peacaḋ: 2Noċ agá ḃfuil cumas lórṫrúaiġe do ḃeiṫ aige don druing atá ainḃfiosaċ, agus ar seaċrán; do ḃríġ go dtimċiollṫar é féin mar an gcéudna déugcrúas. 3Agus dá ḃríġ so atá dfiaċuiḃ air, ioḋbairt do ḋéunaṁ ar son na bpeacaḋ, ar son an ṗubail, agus ar a ṡon féín mar an gcéudna. 4Agus ní ġaḃann éunduine a nonóirse ċuige féin, aċd an tí atá ar na ġairm ó Ḋía, aṁuil Aarón. 5As mar an gcéúdna ní úaḋ féin do ġaḃ Críosd a nonóirse ċúige go ndeuntáoi árdsagart de; aċd ón ti a duḃairt ris, As tú mo Ṁac, a niúġ do ġein misi ṫú. 6Do réir mar a deir sé fós a náit eile, As sagart ṫú go síorruiġe do réir uird Ṁélċísedec. 7Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas: 8Agus bíoḋ gur be an Mac é, dfoġluim sé úṁlaċd as na neiṫiḃ do ḟulaing sé; 9Agus ar mbeiṫ ḋó ar na ḋéunam iomlán, do rinneaḋ úġdar an tslánuiġe ṡíorruiġe ḋe do na huile dáoiniḃ úṁlaiġeas dó; 10Ar mbeiṫ ḋó ar na ġairm ó Ḋía na ardṡagart do réir uird Ṁelċísedec.
11Ar a ḃfuil mórán aguinn re a laḃairt, do neiṫiḃ atá dóċurṫa amaċ, do ḃríġ go ḃfuil muill éisdeaċda oruiḃse. 12Oír siḃse dár ċóir ḃeiṫ ḃur luċd teaguisg do réir aimsire, as riaċdanus dáoiḃ a rís sinne ḃir dteagusg a gcéudṫosuiġiḃ ḃréiṫre Dé; agus tárrla ḋiḃ beiṫ sa ríoċdsin gur mó atá bainne duireasḃuiḋ oruiḃ, na bíaḋ láidir. 13Oír gaċ áon ċleaċdas bainne atá sé neaṁíulṁar a mbréiṫir na fíréuntaċda: (óir is náoiḋe é.) 14Aċd is don luċd ṫig ċum áóisi ḟóġnas an biáḋ laidir, agá ḃfuilid a gcéúdfaḋa tré ġnáṫuġaḋ ḟada ar na gcleaċdaḋ ċum eidirḋealuiġe maiṫeasa agus uilc.

Currently Selected:

Neaḃruiḋeaċ 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in