YouVersion Logo
Search Icon

Neaḃruiḋeaċ 7

7
Caibidil VII
Sagartaċt Ċríosd do réir Ṁelċisedec, oirḋeire tar úird Aaroin.
1Oir an Melċisedecsa rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, ṫarrla sé Dábraham ar mbéiṫ ḋó ag filleaḋ air ais ó ár na ríġṫeaḋ, agus do ḃeannuiġ sé é; 2Agus tug Abraham deaċṁuiġ na nuile neiṫeann dó; noċ dá ngoirṫear ar tús ar na eidirṁíniuġaḋ Rí na fíréuntaċda, agus na ḋiáiġ sin mar an gcéudna, Rí Ṡálem, eaḋon, Rí na sioṫċána; 3Gan aṫair, gan ṁáṫaír, gan ċineaḋ, gan tosaċ laeṫeaḋ, ná deireaḋ beaṫa aige; aċd ar na ċur a gcosaṁlaċd Ṁic Dé; fanuiġ sé na ṡagart go síorruiḋe.
4Tuguiḋ a nois do ḃur naire créd é méud an duinese, ḋá dtug Abraham féin an prioṁaṫair deaċṁuiġ na héudála. 5Agus go deiṁin an dream do ċloinn Léḃi, ġaḃus an tsagartaċd ċuca, atá áiṫne aca réir an reaċda deaċṁuiġ do ġaḃail ón bpobal, eaḋon, ó na ndearḃráiṫriḃ féin, bíoḋ go dtangadar ó leasraċ Abraham. 6Aċd an tí naċ áirṁiġṫear a ḃeiṫ déinċineaḋ ríusan do ġlac sé deaċṁuiġ ó Abraham, agus do ḃeannuiġ sé an tí agá raḃadar na geallaṁnaċa. 7Agus gan imreasuin ar biṫ beannuiġṫear a ní is lúġa ón ní is mó. 8Agus ann so glacuid na dáoine ġeiḃ bás deaċṁuiġ; aċd ann súd, an ti ré ndeárnaḋ fíaḋnuise go maireann sé. 9Agus (do ráḋ na fírinne,) tug Léḃi féin, noċ ġlacas an deaċṁuiġ, deaċṁuiġ úaḋa a Nábraham. 10Oír do ḃí sé fós a leasraċ a aṫar, an tan ṫárla Melċísedec ḋó.
11Ar a naḋḃarsin dá dtigeaḋ iomláine tré ṡagarṫaċd na Leḃíti, (óir is ré linn na sagarṫaċda sin tugaḋ an reaċd don ṗobal,) créd fá raiḃ riaċdanus ní sa ṁó ré sagart eile éirġe ann do réir uird Ṁelċísédec, agus gan ḃeiṫ ḋó ar na ġairm do réir uird Aáron? 12Oír ar mbeiṫ don tsagartaċd ar na aṫruġaḋ, is éigean an reaċd daṫruġaḋ mar an gcéudna. 13Oír an tí air a laḃarṫar na neiṫese is ré treiḃ eile ḃeanas sé, dá naċ dearnuiġ éinneaċ miniosdralaċd ag a ualtóir. 14Oír as ní follas gur do ṫreiḃ Iúda do éiriġ an Tiġearna; treaḃ ar nar laḃair Máoise éinni a dtáoḃ na sagartaċda. 15Agus fós is móide as follás é: do ḃríġ go ḃfuil sagart eile ar néirġe ann a gcosaṁlaċd Ṁelċísedec, 16Dá náċ dearnaḋ do, sagart réir reaċd na háiṫne colluiḋe, aċd do réir ċúṁaċd na beaṫa síorruiḋe. 17Oír do ní Día fíaḋnuise, As sagart ṫú go síorruiḋe réir uird Ṁelċísedec. 18Oír a náiṫne do ḃí roiṁe ann atá sí ar na cur ar gcúl do ḃríġ a meirḃe agus a neaṁṫarḃuiḋe. 19Oír ní ḋearna an reaċd ní ar biṫ iomlán, aċd teaċd a steaċ a muiniġne as féarr; tré na dtigmíd a ḃfogus do Ḋía. 20Agus an ṁéid naċ gan ṁionnuiḃ: 21(Oir do rinneaḋ sagairt díoḃsan gan ṁionnuiḃ trés an tí a duḃairt ris, Tug an Tíġearna mionna agus ní ġéuḃuiḋ aiṫreaċas é, As sagart ṫú go síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec:) 22Do rinneaḋ go fíu a noirid sin, urra an ċonnarṫa is feárr Díosa. 23Agus do rinneaḋ iomad díoḃsan na sagartuiḃ, do ḃríġ gur ṫoirmisg an bás íad ḟuireaċ: 24Aċd do ḃríġ go maireann ann fearsa, go siorruiḋe, atá sagartaċd ṡíorruiḋe aige. 25Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.
26Oir a sé a ṡaṁuil sin dárdṡagart dob iomċuḃaiḋ ḋúinne do ḃeiṫ aguinn, noċ atá náoṁṫa, neiṁċiontaċ, gan ċáiḋe air biṫ, ar na sgaraḋ ré peacṫaċuiḃ, agus do rinneaḋ níos aírde ná na flaiṫis; 27Ar náċ ḃfuil riaċdanus go láeṫeaṁuil, mar do ḃí ar na hárdsagartuiḃ úd, ioḋbarṫa do ḋéunaṁ ar tús, ar son a ṗeacuiġeaḋ féin, na ḋiáiġ sin ar son ṗeacuiġeaḋ an ṗobail: óir do rinne sé so eunúair aṁáin, an tan do rinne sé íoḋbairt de féin. 28Oír do ní an reaċd árdsagairt do ḋáoiníḃ ḃíos eugcruáiḋ; aċd do bríaṫar na mionn a ndiáiġ an reaċda ardsagart don Ṁac, noċ atá críoċnuiġ go síorruiḋe.

Currently Selected:

Neaḃruiḋeaċ 7: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in