YouVersion Logo
Search Icon

Galatiánaċ 5

5
Caibidil V
Saóirse na gcreidṁeaċ tré Ċríosd; ag coiṁṡeasaṁ, 3 ní a ngnás an tseínréaċd, agus ṗeacaiḋ, 5 aċd a ngráḋ Spiorúid Dé, agus ionnracuis.
1Uime sin seasuiḋ sa tsáoirse léur ṡáor Críosd sinn, agus ná bíġiḋ a rís ar ḃur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
2Féuċ, a deirimse Pól riḃ, dá dtimċillġearrṫar siḃ, náċ ḃfuiġe siḃ tairḃe ar biṫ a Gcríosd. 3Oír do ním dfíaḋnuisi a rís do gaċ áon ṫimċillġearrṫar, go ḃfuíl dfíaċuiḃ air an réaċd uile do ċoíṁlíonaḋ. 4Atá an ṁéid aguiḃ ṡáorṫar trés an réaċd, ar ḃur ndealuġaḋ ré Críosd; so ṫuiteaḃair ó ġrás. 5Oír atámuidne trés an Sbiorúid ó ċreideaṁ ag fuireaċ ré dóṫċas na fíreuntaċda. 6Oír a Niósa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ; aċd a gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.
7As maiṫ do rioṫaḃair; cía ċuir tóirmeasg oruiḃ fá ḃeiṫ úṁal do mḟírinne? 8Ní on tí ġoireas siḃ ṫáinic an brosduġaḋ so. 9Géuriḋe beagán laiḃín an táos uile. 10Atá muiniġin agumsa asuiḃ sa Dtiġearna, náċ bíaḋ siḃ ar aṫaraċ inntinne: giḋeaḋ an tí ċuíreas buáiḋreaḋ oruiḃ biáiḋ sé fá ḃreiṫ ḋamanta, giḋ bé ar biṫ é. 11Agus a ḋearḃráíṫre, má nímse mar an gcéudna an timċillġearraḋ do ṡeanmóir, créud fá ḃfuil gérleanṁuin fós dá ḋéunaṁ oram? go deiṁin atá sgannuil na croiṫe ar na cur ar gcúl. 12Do bfearr leam fós an drung ċuireas míoṡúaiṁneas oruiḃ ga mbeidís ar na ngearraḋ uáiḃ.
13Oír, a ḋearḃráiṫre, as ċum sáoirsi do goireaḋ siḃ; aṁáin ná déunuiḋ an tsáoirse na cionfáṫa don ċoluinn, aċd bíġiḋ féin ag seirḃís do ċéile tré ġráḋ. 14Oír coiṁliontár an réaċd uile a náoinḃréiṫir aṁáin, ann so; Gráḋuiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin. 15Aċd dá raiḃ siḃ ag crine agus ag sluġaḋ a ċeile, taḃruiḋ aire riḃ náċ ccnáoiṫear siḃ ré ċéile.
16Uime sin a deirim, Siúḃluiḋ sa Sbiorúid, agus ní ċoiṁlionfuiḋ siḃ núanġus na colla. 17Oír bí míanġus na colla a naḋuiġ na Sbíoruiḋe a naḋuiġ na colla: agus atáid so contrárḋa ḋá ċéile: ionnas naċ féidir liḃ na neiṫe as mían riḃ do ḋéunáṁ. 18Agus ma ṫreóruiġṫear siḃ ris an Sbiorúid, ni ḃfuilti fáoi an réaċd. 19Tuilleaḋ eile, is follas oibreaċda na colla, mar atá; Aḋaltrannas, sdríopṫaċas, neaṁġloine, macnas, 20Ioḋalaḋraḋ, piseóga, náṁadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceaċd, 21Tnúṫ, dúnṁarḃaḋ, meisge, cráos, agus a saṁail sin: ar a laḃruim riḃ roiṁ láiṁ, aṁuil do innis mé ḋáoiḃ roiṁe, naċ ḃfuiġe an drung do ní a saṁail so óiġreaċda rioġaċda Dé. 22Aċd a sé as toraḋ don Spiorúid gráḋ, gáirdeaċas, síoṫċáin, foíġid ḟasa, ceannsaċd, rún maiṫeasa do ḋéunaṁ, creideaṁ, 23Macántas, measarḋaċd: ní ḃfuil dliġeaḋ a naḋuiġ a saṁuil sin. 24Oír an drung as le Críosd do ċeusadar an ċolan maille ré na toil agus ré na míanġusuiḃ.
25Más beó ḋúinn sa Sbiorúid, siuḃlam mar an gcéudna sa Sbiorúid. 26Ná bíoḋ dúil a nglóir ḋioṁáoin aguinn, ag cur ċaṫuiġe ár a ċéile, ag tnúṫ ré ċéile.

Currently Selected:

Galatiánaċ 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in