YouVersion Logo
Search Icon

Galatiánaċ 6

6
Caibidil VI
Tríd ṫrócaire, 6 ċeirte, 14 ḟulang, 15 agus ḃeaṫa núa, aiṫeantar clann Dé.
1A ḋearḃraiṫre, má ġreamuiġṫear neaċ a gcóir ar biṫ go hobann, tuguiḋse a ḋream spioradálta, a ṡaṁuil sin do ḋuine ar a ais ré sbiorad ceannsaċda; ag taḃairt aire leaċd féin a ḋuine, naċ ccuirfiḋe cáṫuġaḋ ortsa mar an gcéuḋa. 2Iomċruiḋ úaluiḋe a ċéile, agus mar sin coiṁlíonfuiḋ réaċd Ċríosd. 3Oír dá sáoiliḋ éunduine é féin do ḃeiṫ éifeaċdaċ, ar mbeiṫ ḋó gan éifeaċd, atá sé meallta ann a inntinn féin. 4Aċd déunaḋ gaċ áon a obair féin dearḃṫa, agus mar sin biáiḋ aḋḃar gáirdeaċais aige ḋá ṫáoḃ féin aṁáin, agus ní do ṫáoḃ ḋuine eile. 5Oír iomċoruiḋ gaċ áon a úalaċ féin.
6Tugaḋ an tí ṫeaguisgṫear sa mbréiṫir don tí ṫeaguisgeas é roinn dá uile ṁaiṫeasuiḃ. 7Ná mealltar siḃ; ní ġaḃann Día sgige ċuige: oír giḋ bé ní ṡiolċuireas neaċ, a sé an ní céudna ḃeanfas sé. 8Oír an tí ṡiolċuireas don ċoluinn buainfiġ sé truailliġeaċd don ċoluinn; aċd an tí ṡiolċuireas don Sbioruid buáinfiḋ se an ḃeaṫa ṁarṫanaċ don Sbioruid. 9Aċd ag déunaṁ maiṫeasa ná bímid tuirseaċ: oír beanfum iona ám féin, muna ndeaċam a neimbríġ. 10Uime sin an feaḋ atá an tám aguinn, déunam maiṫ do na huile ḋáoiniḃ, agus go mórṁór do luċd éintiġe an ċreidiṁ.
11Do ċí siḃ fairsinge na litre do sgríoḃ mé ċuguiḃ ré mo láiṁ féin. 12An ṁéid lér mían íad féin do ṫaisbéunaḋ go sgíaṁaċ sa ccoluinn, cuirid dfíaċuiḃ oruiḃse an timċillġearraḋ do ġaḃail ċuguiḃ; aṁáin deagla go ndéantáoi gérleanṁuin orrṫa ar son ċroíṫe Ċríosd. 13Oír an dream sin féin atá timċillġearrṫa ní ċoiṁéuduid síad an reaċd; aċd as mían ríu siḃse ḃeiṫ timċillġearrṫa, ċum mórḋála do ḋéunaṁ ḋóiḃ as ḃur ḃfeóil. 14Giḋeaḋ nár léige Día go ndéanuinnse mórḋáil, aċd as croiṫ ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuil an sáoġal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoġal. 15Oír a Níosa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ, aċd sa gcrúṫuġaḋ núaḋ. 16Agus an ṁéid ṡiuḃalfus réir na riáġlaċsa, síoṫċáin, agus trócaire orrṫa, agus ar Israel Dé.
17O so amaċ ná cuireaḋ éunduine míoṡuáiṁneas oramsa: oir iomċruim um ċorp coṁarṫaḋa an Tiġearda Iósa. 18Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille ré ḃur spioruid, a ḋearḃraiṫre. Amén.

Currently Selected:

Galatiánaċ 6: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in