Galatiánaċ 4
4
Caibidil IV
Ḃadar dáoine fá réaċd Ṁaóise mar oíġre fa ḟear-coiṁead: 22 giḋeaḋ is dúal sáoirse ṫeaċd ar ṡlioċt Ṡára.
1Giḋeaḋ a deirim, Ar feaḋ ḃíos an tóiġre na leanḃ, naċ ḃfuil diṫfir ar biṫe eidir é agus ṡearḃḟoġantuiḋe, bíoḋ go ḃfuil na ṫiġearna ós cionn gaċ neiṫe; 2Aċd bí fáoi luċd a ċoiṁéuda, agus fán luċd ar a mbí a ċúram, go teaċd na haimsire do órduiġ an taṫair. 3As mar an gcéudna sinne, an tan do ḃámar ar leanbuiḃ, do ḃámar a ndáoirse fáoi ċeadṫosuiġiḃ an tsáoġail: 4Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd, 5Ċum na druinge do ḃí fáoi an reáċd dfúasglaḋ ḋó, ionnus go ḃfuiġemísne ait cloinne.
6Agus do ḃríġ go ḃfuiltí ḃur gcloinn, do ċuir Día úaḋ ann ḃur gcroiḋṫuḃ Spiorad a Ṁic féin, ġoireas, Abbá, Aṫair. 7Uime sin ní searḃfoġantuiḋe ṫú feasda, aċd mac; agus más mac, is oiġre ṫú mar an gcéudna do Ḋía tré Ċríosd.
8Aċd an tan sin ar mbeiṫ ḋáoiḃ gan eólas Dé aguiḃ, do ḃíoḋ siḃ ag seirḃís do na déeiḃ, naċ ḃfuil na ndéeiḃ ó naduir. 9Aċd a nois, ó átá eólas Dé aguiḃ, nó fós eólas Dé oruiḃ, cionnas ḟilleas siḃ a rís ar na céudṫosuíġiḃ eugcruáiḋe uireasḃaċa, dár mían ruḃ ḃeiṫ a rís fá ḋáoirse? 10Bí coiṁéud aguiḃ ar laeṫiḃ, agus ar ṁíosuiḃ, agus ar aimsearuiḃ, agus ar ḃlíaḋanuiḃ. 11Atá eagle oram ḃur dtimċeall, gur go dioṁáoin do ṫuirsiġeas mé féin riḃ.
12Iarruim daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫre, bíġiḋ mar misi, do ḃríġ go ḃfuilimse mar siḃse: ní ḋearnaḃair éugcoir ar biṫ oram. 13Agus atá a ḟios aguiḃ gur tré éugcrúas na feóla do ṡeanmóir mé ḋáoiḃ an soisgéul ar tús. 14Agus ní raiḃ tarcuisne ná grain aguiḃ air mo ċaṫuġaḋsa um ḟeóil; aċd do ġaḃaḃair ċuguiḃ mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd. 15Uime sin créd í an ċáill ṡonuis do ḃí oruiḃ? óir do ním dfíaḋnuíse ḋáoiḃ, go mbeanfaḋ siḃ da maḋ éidir é, ḃur súile féin amaċ, re na dtaḃairt daṁsa. 16Ar a naḋḃarsin an ḃfuilim um náṁuid aguiḃ, fán ḃfírinne dinnisin díḃ? 17Ní ré máiṫ, atá teasġráḋ acaḋsan dáoiḃ, aċd bá mían riu sinne do ċur amaċ uáiḃse; ionnus go mbíaḋ teasġráḋ aguiḃsi ḋóiḃ féin. 18Aċd as maiṫ an teasġráḋ ré ḃeiṫ go siorruiḋe a ní ṁaiṫ, agus ní hé aṁáin an tan ḃímse ḃur laṫair. 19A ċlann ḃeag, agá ḃfuilim a rís ré nioḋnuiḃ ḃur dtimċeall nó go ndealḃṫar Críosd ionnuiḃ, 20Agus do bfearr leam go mbéinn ḃur láṫair a nois, ċum mo ġóṫa dáṫruġaḋ; óir atáim aṁarnsaċ orúiḃ.
21Innisiġ ḋaṁ, a ḋream lér mían ḃeiṫ fáoi an reaċd, an gcluin siḃ an reaċd? 22Oír áta sgríoḃṫa, go raḃadar días mac ag Abraham, mac aca ré hinnilt, agus mac eile ré mnáoi ṡáoir. 23Agus an mac do ḃí ris a ninnilt as do reir na feóla rugaḋ é; aċd an mac do ḃí ris an mnáoi ṡáoir as do ḃríġ na geallaṁna rugaḋ é. 24Atá ní eile ré ṫuigsin as na neiṫiḃse: oír a síad so an dá ṫiomna; áon ab é Agar ó ṡlíaḃ Sína, ḃeireas clann ċum dáoirse. 25Oír as ionann Agar agus Sína, slíaḃ sa Narábia, agus as cosṁuil í ris a Niarusalém atá a nois ann, agus atá sí fá ḋáoirse maille ré na cloinn. 26Aċd ata an Tiarusalém atá ṡúas sáor, noċ as máṫaír ḋúinne uile. 27Oír atá sgríoḃṫa, Bioḋ gairdeaċas ort a ḃean aimrid náċ beireann clan; réub amaċ agus éiġ, a ḃean naċ ḃfuil ré níoḋnuiḃ: óir is liá clann na mná tréigṫe ná na mná agá ḃfuil fear.
28Uime sin, a ḋearḃraiṫre, is sinne clann na geallaṁna, do réir Isaac. 29Aċd aṁuil do ḃí a nuáirsin an tí ruġaḋ di réir na feóla ag gérleanṁuin ar an tí ruġaḋ do réir na Ṡioruide, is mar sin atá a nois mar an gcéudna. 30Giḋeaḋ créd adeir an sgriobtúir? Teilg amaċ a ninnilt agus a mac: óir ní ḃíaiḋ mac na hinnilte na oiġre máráon ré mac na mná sáoire. 31Go deiṁin, a ḋearḃráiṫre, ní clan don innilt sinne, aċd don ṁnáoi ṡáoir.
Currently Selected:
Galatiánaċ 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.