YouVersion Logo
Search Icon

Eseċiel 44

44
Caibidil XLIV.
Na daóine, agus an tsliġe raċus a steaċ don náoṁ‐iosdaḋ.
1Ann sin ṫug sé mé ar mais a sliġe ġeata na sanctora amuiġ noċ ḟéuċus leaṫ ris an ttaóiḃ ṡoir; agus do ḃí sé druite.
2Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riom; Biáiḋ an geataso druite, ní hoisceoltar é, agus ní raċuiḋ duine ar biṫ a steaċ ann; do ḃríġ go ndeaċuiḋ an TIĠEARNA, Día Israel, a steaċ ann, uimesin druidfiġear é.
3 Is don ṗrionnsa atá ; suiḋfiḋ an prionnsa ann, diṫe aráin as coinne an TIĠEARNA; raċaiḋ se a steaċ a sliġe ṗóirse an ġeatasin, agus raċaiḋ amaċ a sliġe ċeadna.
4¶ Annsin ṫug sé mé a sliġe an ġeata ṫuáiġ as coinne an tiġe: agus daṁairc mé, agus, féuċ, do líon gloir an TIĠEARNA tiġ an TIĠEARNA; agus do ṫuit misi air maġaiḋ.
5Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, A ṁic an duine, coṁarṫuiġ go maiṫ, agus féuċ led ṡúiliḃ, agus cluin led ċlúasaiḃ a nuile ní a déara misi riot a ttaoḃ órduiġṫe ṫiġe an TIĠEARNA, agus a ḋliġṫe uile; agus coṁarṫuiġ go maiṫ dul a steaċ an tiġe, maille re dul amaċ na sanctóra.
6Agus a deara tú ris an ndruing ċogṫuiġ, eaḋon re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; O siḃsi a ṫiġ Israel, go maḋ lór liḃ a ndéarnaḃair da ḃur nuile ġráineaṁlaċtaiḃ,
7A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.
8Agus nár ċoiṁéadaḃair cúram mo neiṫe náoṁṫa: aċt do ċuireaḃair coiṁéuduiġṫe mo ċúruim ann mo ṡanctóir ar ḃur son féin.
9¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní raċuiḋ coiṁṫiġeaċ ar biṫ, neiṁṫimċillġéarrṫa a gcroiḋe, nó neiṁṫimċillġéarṫa a ḃfeóil, asteaċ ann mo ṡanctoirse, do ċoiṁiġṫeaċ ar bioṫ dá ḃfuil a measc ċloinne Israel.
10Agus na Leḃítiġ dimṫiġ a ḃfad uáim, an tan do ċuáiḋ Israel ar seaċran, noċ do ċuáiḋ ar seaċran a ndiáiġ a nioḋál; iomċoruid síad a néigceart féin.
11Giḋeaḋ béid síad na seirḃiseaċuiḃ ann mo ṡanctoir, ar na mbeiṫ a ccúram ag geataḋuiḃ an tiġe, agus ag miniostralaċt annsa tiġ: muirfid síad a nofráil loisge agus a níoḋbairt don ṗobal, agus seasfuid as a ccoinne do ṁiniostrálaċt dóiḃ.
12Do ḃriġ gur ṁiniostraladar ḋóiḃ a ḃfíaġnuise a nioḋal, agus go ttugadar air ṫiġ Israel tuitim a neigceart; uimesin do ṫóig misi súas mo láiṁ na naġaiḋ, a deir an Tiġearna DIA, agus iomċóruid síad a neigceart.
13Agus ní ṫiucfuid síad am ġarsa, do ḋéanaṁ oifige sagairt ḋaṁ, no do ṫeaċt a ngar éinneiṫe dom neiṫiḃ náoṁṫa, annsa náit ronáoṁṫa: aċt iomċoruid a náire, agus a ngráineaṁlaċta do rinneadar.
14Aċt do ḋéana misi coiṁéuduiġṫe cúruim mo ṫiġe ḋíoḃ, ċum a uile ṡeirḃíse, agus ċum a nuile ní dá ndéantar ann.
15¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:
16Raċfuid ann mo ṡanctóir, agus tiucfuid a naice mo ḃuird, do ḟrioṫolaṁ ḋaṁ, agus cuiṁdeoċuid mo ċúram.
17¶ Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an tan raċfuid a steaċ a ngeata na cúirte a stiġ, éideoċar íad lé héadaċ lín; agus ní ḃiáiḋ olann ar bioṫ orra, an feaḋ ḃéid ag miniostralaċt a ngeataḋ na cúirte is faide a steaċ, agus táoḃ a stiġ.
18Biáiḋ buinéaid lín air a cceannaiḃ, agus biáiḋ brístiġe lín aca air a leasraċuiḃ; ní ċriosloċuid íad féin le héinní dá ttiuḃra allus.
19Agus an tan raċuid síad amaċ don ċúirt amuiġ, eaḋon dan ċúirt is faide amaċ ċum an ṗobail, cuirfid síad díoḃ a néaduiġe ann ar ṁiniostraladar, agus leagfuid íad annsna seomraḋuiḃ náoṁṫa, agus cuirfid éadaċ oile umpa; agus ní náoṁṫoċuid síad an pobal le na néadaċ.
20Ní mó ḃéarrfuid a ccinn, nó ḟuileonguid a locaḋa dfás fada; beanfuid a ngrúag aṁáin dioḃ.
21Ní mó iḃios sagart ar bioṫ fíon, an tan raċaid don ċúirt is faide a steaċ.
22Ní mo ġlacfuid baintreaḃṫuiġ mar ṁnáiḃ, nó an ḃean ċuirfiġear ar siuḃal: aċt do ḃéaruid maiġdiona do ṡíol ṫiġe Israel, nó baintreaḃṫaċ agá raiḃ sagart roiṁe.
23Agus teagóscuid dom ṗobal an difir idir an náomṫa agus an neaṁnáoṁṫa, agus do ḃéaruid air ḋaóiniḃ eidirḋealuġaḋ idir an ġlan agus an neaṁġlan.
24Agus a nimreasain seasfuid a mbreiṫeaṁnus; agus do ḃéaruid breaṫ air do réir mo ḃreiṫeaṁnuisi: agus coiṁéadfuid mo ḋliġeaḋ agus mo reaċta ann muile ċruinniġṫiḃ; agus náoṁṫoċuid mo ṡaóire.
25Agus ní ṫiucfuid a naice ċuirp mairḃ ar bioṫ ḋá ttruáilleaḋ féin: aċt ar son aṫar, nó maṫar, nó ar son mic, no inġine, ar son dearḃraṫar, no deirḃṡeaṫar ag naċ raiḃ fear, is féidir léo íad féin do ṡalċaḋ.
26Agus tar éis a ġlanta, áireoṁuiḋ sé seaċt lá ḋó féin.
27Agus annsa ló a raċuiḋ se a steaċ san tsanctóir, don ċúirt a stiġ, do ṁiniostralaċt annsa tsanctóir, ofráilfiḋ sé a ofráil ṗeacaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.
28Agus biáiḋ sé aca na oiġreaċt: is misi a noiġreaċt: agus ní ṫiuḃarṫaoi séalḃ ar ḃiṫ ḋóiḃ a Nisrael: is misi a sealḃ.
29Iosfuid síad a nofráil ḃíḋ, agus a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ṡáruiġṫe; agus buḋ léosan a nuile ní ioḋbarṫa a Nisrael.
30Agus buḋ leis na sagartaiḃ, tosaċ ċéad ṫoruiḋ a nuile neiṫe, agus a nuile ofráil do nuile ṡórt, dá ḃur níoḋbarṫaiḃ: do ḃéarṫaói fós don tsagart tosaċ ḃur ttáos, ċor go ttíuḃra sé air an mbeannuġaḋ coṁnuiḋe ann do ṫiġ.
31Ní íosfuid na sagairt déinní éugfas úaḋ féin, nó réubṫa, mas éun é no beaṫaċ.

Currently Selected:

Eseċiel 44: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in