YouVersion Logo
Search Icon

Eseċiel 43

43
Caibidil XLIII.
Náoṁuiġiḋ fiaġnaise lonnraċa Dé, a ṫeampull féin gu bráṫ.
1Na ḋiáiġ sin ṫug se ċum an ġeata mé, an geata ḟéuċus leaṫ soir:
2Agus, féuċ, ṫáinic glóir Dé Israel as an tsliġe a noir: agus do ḃí a ḟuáim aṁuil fuáim ṁóráin uisceaḋ: agus do loinnriġ an talaṁ le na ġlóir.
3Agus do ḃí do réir ṫaisbéanta na fise do ċonnairc me, eaḋon do réir na fise do ċonairc mé an tan ṫáinic mé do scrios na caiṫreaċ: agus cosṁuil na fise ris an ḃfis do ċonnairc me ag sruṫ Ċebar; agus do ṫuit mé air maġáiḋ.
4Agus ṫáinic glóir an TIĠEARNA don tiġ a sliġe an ġeata a ḃfail a raḋarc don leaṫ ṡoir.
5Marsin do ṫóig an spiorad súas mé, agus ṫug don ċúirt dob ḟaide a steaċ mé; agus, féuċ, do líon glóir an TIĠEARNA an tiġ.
6Agus do ċúalaiḋ mé é ag laḃairt riom amaċ as an ttiġ; agus do ṡeas an duine láiṁ riom.
7¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, áit mó ċaṫaóire ríoġa, agus áit ḃonn mo ċos iona náitreoċa mé a lár ċloinne Israel go bráṫ, agus mainm náoṁṫa, ní ṡaileoċuiḋ tiġ Israel ní as mó, neaċtar ḋíoḃ, nó a riġṫe le na stríopaċus, nó le conablaċaiḃ a ríoġ iona náitiḃ árda.
8A suíġiuġaḋ a ttairseaċ ag mo ṫáirseaċaiḃsi, agus a bpostaḋ ag mo ṗostaḋuiḃsi, agus an ḃalla eadrum féin agus íad, do ṫruáilliodar ċeana mainm náoṁṫa le na ngráineaṁlaċdaiḃ do rinneadar: uimesin do ḋíoṫlaiṫriġ mé íad ann mfeirg.
9Anois cuirdís úaṫa a stríopaċus, agus conablaċa a ríoġ, a ḃfad uáim, agus do ḋéana mé coṁnuiġe iona lár go bráṫ.
10¶ A ṁic an duine, taisbéin an tiġ do ṫiġ Israel, iondus go mbía náire a bpeacaḋ orra: toiṁsidís an sompla.
11Agus má ḃíd náireaċ fa nuile ní dá ndéarnadar, taisbéin cuma an tiġe ḋóiḃ, agus a ġleus, agus a ḋul amaċ, agus a ṫeaċt a steaċ, agus a uile ḟoirm, agus a uile órduiġṫe, agus a uile ċuma, agus a uile ḋliġṫe: agus scrioḃ iona raḋarc é, ċor go ccoiṁéadfuid síad a uile ḟoirm, agus a órduiġṫe uile, agus go ndéanuid síad íad.
12Isé so dliġeaḋ an tiġe; Air ṁullaċ an tsléiḃe biáiḋ a ṫéoruinn iomlán fa ccuáirt ro náoṁṫa. Féuċ, isé so dliġeaḋ an tíġe.
13¶ Agus síad so toṁais na haltóra do réir na ccuḃad: Is cuḃad agus leiṫiod baise an cuḃad; eaḋon buḋ cuḃad a íoċtar, agus a leiṫne cuḃad, agus buḋ réise a imeal agá ḃrúaċaiḃ timċioll fa ccuáirt: agus buḋ í so cuid is áirde do naltóir.
14Agus biáiḋ ḋá ċuḃad ó níoċtar ar an ttalaṁ go nuige an suiġiuġaḋ íoċtaraċ, agus áonċuḃad a leiṫne; agus ón tsuíġiuġaḋ is lúġa gus an tsuíġiuġaḋ is mó ceiṫre cuḃaid, agus a leiṫne áonċuḃad.
15Marsin buḋ ceiṫre cuḃaid a naltóir; agus ó naltóir agus ós a ċionn biáiḋ ceiṫre beanna.
16 Biáiḋ a naltóir ḋá cuḃad déag air fad, a dó ḋéag ar leiṫne, ceaṫairḃeannaċ iona ceiṫre ceaṫraṁnuiḃ.
17Agus biáiḋ an suíġeaċaḋ ceiṫre cuḃáid déag air fad agus a ceaṫairdéag air leiṫead ann a ċoirneuluiḃ; agus buḋ leaṫ ċuḃád a hiomiol fa ccuairt; agus buḋ cuḃad fa ccuairt a hioċtar; agus féuċfuid a staíġreaḋa leaṫ ṡoir.
18¶ Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, is marso a deir an Tiġearna DIA; Isíadso órduiġṫe na haltóra annsa ló a ndéanuid í, dofrail íoḋbarṫa loisge uirre, agus do ċroṫaḋ fola uirre.
19Agus do ḃéara tú do na sagartaiḃ na Leḃítiġ ḃíos do ṡíol Ṡadoc, noċ ṫig a ngar ḋaṁsa, do ṁiniostralaċt daṁ, a deir an Tiġearna DIA, bulóg óg mar ofráil ṗeacaiḋ.
20Agus glacfuiḋ tú dá ḟuil sin, agus cuirfe tú air a ċeiṫre ḃeannuiḃ, agus air ċeiṫre coirnéuluiḃ an tsuiḋeaċaḋ, agus air a nimiol timċioll fa ccuáirt: is marso ġlanfas tú agus scagfas tú é.
21Glacfa tú fós bulóg na hofrála peacaiḋ, agus loisgfiḋ tú annsa náit orduiġṫe é don tiġ, táoḃ amuiġ don tsanctóir.
22Agus air an dara lá ofráilfiḋ tú meannán do na gaḃruiḃ gan ċáiḋe mar ofráil ṗeacaiḋ; agus glanfuid a naltóir, mar do ġlanadar í leis an mbulóig.
23An tan ċríoċnoċus tú a glanaḋ: ofráilfiḃ tú bulóg óg gan ċáiḋe, agus reiṫe as an ttréad gan toiḃéim.
24Agus ofráilfiḋ tú íad a laṫair an TIĠEARNA, agus teilgfid na sagairt salaun orra, agus ofrálfuid súas íad mar ofrail loisge don TIĠEARNA.
25Seaċt lá ġléasfás tú gaċ aon lá gaḃar mar ofráil ṗeacaiḋ: gléasfuid síadsan fós bulóg óg, agus reiṫe as an ttréud, gan ċáiḋe.
26Glanfuid síad a naltóir seaċt lá agus firníaṁfuid í; agus beinnoċuid íad féin.
27Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA.

Currently Selected:

Eseċiel 43: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in