YouVersion Logo
Search Icon

Eseċiel 45

45
Caibidil XLV.
Roinn ṁisdicṫe ḟearuinn na sanctóra, 6 na caiṫreaċ, 7 an ṗrionnsa; 9 agus reaċt na bprionnsa.
1Tuilleaṁ oile, an tan roinnfiḋe le crannċar an tír mar óiġreaċt, ofráilfiḋe ofráil don TIĠEARNA, roinn náoṁṫa do nfearann: buḋ é a ḟad cúig míle ḟiṫċiod slat, agus buḋ é a leiṫead deiċ míle. Agus biáiḋ so náoṁṫa iona uile ṫeorannuiḃ timċioll fa ccuáirt.
2Biáiḋ ḋe so cúig ċéad ar fad arson na sanctóra, maille re cúig ċéad ar leiṫiod, ceaṫraṁnaċ timċioll fa ccuáirt; agus cáogad cuḃad timċioll fa ccuáirt a ccuimíniḃ.
3Agus don toṁas so toiṁeosuiḋ tú fad ċúig míle ḟiṫċiod, agus deiċ míle ar leiṫead: agus annsin ḃías an tsanctóir agus a náit ro náoṁṫa.
4Biáiḋ cuid náoṁṫa a nfearuinn aig na sagartaiḃ seirḃísiġ na sanctóra, noċ ṫiucfas a ngar do ṁiniostralaċt don TIĠEARNA: agus biáiḋ na háit agá ttiġṫiḃ, agus na háit náoṁṫa don tsanctóir.
5Agus fós na cúig ṁíle ḟiṫċiod ar fad, agus na deiċ mile ar leiṫiod, biáid ag na Leḃítiḃ, seirḃísiġ an tiġe ḋóiḃ féin, mar ṡeilḃ do ḟiṫċid seomra.
6¶ Agus óirdeoċa siḃ seilḃ na caiṫreaċ cuig míle ar leiṫiod, agus cúig míle ḟiṫċiod ar fad, ṫall as coinne ofrála an ṗoirsiúin náoṁṫa: biáiḋ sé ag tiġ Israel uile.
7¶ Agus biáiḋ poirsiún ag an bprionnsa air áontaóiḃ agus air an ttaóiḃ oile dofráil an ṗoirsiúin náoṁṫa, agus do ṡeiloh na caiṫreaċ, as coinne ofrála an ṗorsiúin náoṁṫa, agus as coinne ṡeilḃ na caiṫreaċ, ó náird ṡíar leaṫ ṡíar, agus ón ttaóiḃ ṡoir leaṫ soir: agus biáiḋ an fad ṫall as coinne aóin do na poirsiunuiḃ, ó nimiol ṡíar gus a nimiol ṡoir.
8Annsa ḃfearann ḃías a sealḃ a Nisrael: agus ní ṡáireoċuid mo ṗrionnsaḋa ní sa ṁó mo ḋaóine; agus do ḃéaruid an ċuid oile don dúṫaiġ do ṫiġ Israel do réir a ttreaḃ.
9¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Go maḋ lór liḃ, a ṗrionnsaḋa Israel: áṫruiġiḋ uáiḃ foireigion agus millteaċus, agus déanuiḋ breiṫeaṁnus agus ceart, agus beiriḋ liḃ ḃur ḃfóirneart óm ṗobal, a deir an Tiġearna DIA.
10Biáiḋ aguiḃ meaḋa coṁṫroma, agus eṗah coṁṫrom, agus bát coṁṫrom.
11Biáiḋ an téṗah agus an bát daóinṁiosúr, ċor go ccoinneoċaḋ an bát an deaċṁaḋ cuid do homer, agus an téṗah an deaċṁaḋ cuid do homer: biáiḋ a miosúr sin do réir an homer.
12Agus buḋ fiṫċe gerah an secel: buḋ fiṫċe secel, cúig secel fiṫċiod, agus cúig secel déag, ḃur maneh.
13Isi so a nofráil ofráilfiḋe; an seiseaḋ cuid do eṗah do homer ċruiṫneaċda, agus ḃearṫaói an seiseaḋ cuid do eṗah do homer éorna:
14A ttáoḃ órduiġṫe na hola, an bát ola, ofráilfiḋe an deaċṁaḋ cuid do ḃát ón ċor, noċ is homer ḋeiċ mbát; óir is deiċ mbát an homer:
15Agus áon úan as an ttréud, as ḋá ċéad, as inuḃior ṁéuṫ Israel; mar ofráil ḃíḋ, agus ofráil loisge, agus mar ofráil ṡíoṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdís ḋóiḃ, a deir an Tiġearna DIA.
16Do ḃéaruid uile ḋaóine na tíre a nofráil ar son an ṗrionnsa a Nísrael.
17Agus buḋ é cuid an ṗrionnsa ofrála loisge, agus ofrála bíḋ, agus ofrála diġe, do ṫaḃairt úaṫa annsna féustuiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus annsna sabbóidiḃ, ann uile ṡollamantaċd ṫiġe Israel: gléusfuiḋ seision a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ḃíḋ, agus a nofráil loisge, agus na hofrála sioṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdis do ṫiġ Israel.
18Is marso a deir an Tiġearna DIA; Annsa ċéidṁí, annsa ċéadlá don ṁi, glacfa tú bulóg óg gan ċáiḋe, agus glanfuiḋ tú an tsanctóir:
19Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ, agus cuirfiḋ air ṗostaḋuiḃ an tiġé í, agus ar ċeiṫre coirnéaluiḃ ṡuiḋiġe na haltóra, agus air ṗostaḋuiḃ ġeata na cúirte is faide a steaċ.
20Agus is marsin do ḋéana tú an seaċtṁaḋ don ṁí ar son gaċ aonduine dá cciontuiġionn, agus ar son té ḃíos simpliġe: marsin sioṫċánfuiḋe an tiġ.
21Annsa ċéidṁí, annsa ċeaṫraṁaḋ lá déag don ṁi, biáiḋ an ċáisg aguiḃ, féusta ṡeaċt lá; arán gan loiḃin íostar.
22Agus annsa ló sin gléusfuiḋ an prionnsa ḋó féin agus duile ṗobal na tire bulóg mar ofráil ṗeacaiḋ.
23Agus seaċt lá do nféusta uillṁeoċa sé ofráil loisge an TIĠEARNA, seaċt mbulóga agus seaċt reiṫe gan ċáiḋe go láeṫeaṁuil na seaċt lá; agus meannán do na gaḃruiḃ go láeṫeaṁuil mar ofráil ṗeacaiḋ.
24Agus gléusfa se ofráil bíḋ eaḋon éṗah do gaċ bulóig, agus éṗah don reiṫe, agus hin ola don éṗah.
25Annsa seaċtṁaḋ , annsa ċúigeaḋ la déag don ṁí, do ḋéana sé a leiṫéid sin a ḃféasta na seaċt lá, do réir na hofrála peacaiḋ, do réir na hofrála loisge, agus do réir na hofrála bíḋ, agus do réir na hola.

Currently Selected:

Eseċiel 45: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in