Eseċiel 42
42
Caibidil XLII.
Cumadóireaċt ṡaóiṫeaṁuil an teampuill, ar na crioċ nuġaḋ.
1Annsin ṫug sé amaċ mé gus an ccúirt amuiġ, an sliġe leaṫ ris an ttuáisceart: agus ṫug sé a steaċ do na seomraḋuiḃ mé do ḃí ṫall ás ccoinne na háite ar leiṫ, agus do ḃí ós coinne an tiġe leaṫ ris an leiṫ ṫuáiġ.
2As coinne ḟad ċéad cuḃad, do ḃí an dorus a ttuáiġ, agas a leiṫead cáogad cuḃad.
3Ṫall as coinne na ḃfiṫċiod ċuḃad noċ do ḃí don ċúirt a stiġ, agus ṫall as coinne na páḃála do ḃí don ċúirt amuiġ, do ḃí áit spaisdéoraċda ar aġaiḋ áite spaisdéoraċda a ttrí teaġaisiḃ.
4Agus do ḃí as coinne na seomraḋiḃ áit spaisdeóireaċta deiċ ccuḃaid ar leiṫead táoḃ a stiġ, sliġe áon ċuḃad; agus a ndoirsi leaṫ ris an ttuáisceart.
5Anois do buḋ giorra na seomraḋa úaċdair: óir dob áirde na hionaid spaisteóireaċda ná iadso, náid na híoċtaruiġ, agus ná lár an tiġe.
6Oir do ḃádar a ttrí staiġriġiḃ, aċt ní raḃadar piléir aca aṁuil pileir na ccúirteann: uimesin do cuṁgaiḋeaḋ a nobair ní is mó ná an tíoċtar agus na an meaḋon ón ttalaṁ.
7Agus do ḃí cáogad cuḃad a ḃfad an ḃalla do ḃí amuiġ, ṫall as coinne na seomraḋ, leaṫ ris an ccúirt amuiġ air aġaiḋ ṫosuiġ na seomraḋ.
8Oír do bé fad na seomraḋa noċ do ḃí annsa ċúirt amuiġ cáogad cuḃad: agus, féuċ, as coinne an teampuill do ḃádar céad cuḃad.
9Agus faoí na seomraḋuiḃsi do ḃí dul a steaċ don taóiḃ ṡoir, mar ṫéid áon ċuca ón ċúirt amuiġ.
10 Do ḃádar na seomraḋa a ttiuiġeadas ḃalla na cúirte leaṫ ris a noirṫear, ṫall as coinne na háite ar leiṫ, agus ṫall as coinne na hoibre.
11Agus do ḃí an tsliġe as ccoinne a ccosaṁlaċd ṫaisbéanta na seomraḋa noċ do ḃí leaṫ ris an ttuáisceart, ccomḟad ríu, agus coiṁleaṫan ríu: agus do ḃí a nimṫeaċta amaċ uile aráon do réir a nimḋéanta, agus do réir a ndoruis.
12Agus do réir ḋoruis na seomraḋ do ḃí leaṫ ris an ndeisceart do ḃí dorus a ccionn na sliġeaḋ, an tsliġe go díreaċ as coinne an ḃalla leaṫ ris a noirṫear, mar ṫéid aon a steaċ ionta.
13¶ Annsin a duḃairt seision riomsa, Na seomraḋa buḋ ṫuáiġ agus na seomraḋa buḋ ḋeas, atá as coinne na háite ar leiṫ, is seomraḋa náoṁṫa íad, mar a níosuid na sagairt ṫig a ngar don TIĠEARNA na neiṫe ro náoṁṫa: annsin cuirfid siad na neiṫe ro náoṁṫa, agus a nofráil bíḋ, agus a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ṡáruiġṫe; oír is náoṁṫa a náit.
14An tan raċaid na sagairt ionta a steaċ, annsin ní raċaid síad amaċ as a náit náoṁṫa don ċúirt amuiġ, aċt leagfuid a néaduiġe annsin iona miniostraluid; óir atáid náomṫa; agus cuirfiḋ a néaduiġe eile orra, agus tiucfaid a ngar do na neiṫiḃsi noċ ḃeanas ris an bpobal.
15¶ Anois an tan do ċríoċnuiġ sé toṁas an tiġe a stiġ, ṫug sé amaċ mé léaṫ ris an ngeata a ḃfuil a raḋarc leaṫ soir, agus do ṫoṁais fa ccuáirt é.
16Do ṫoṁais sé an táoḃ ṡoir leis an tslat ṫoṁais cúig ċéad slat, leis an tslait ṫoṁais timċioll fa ccúairt.
17Do ṫoṁais sé an taóiḃ ṫnáiġ cúig ċéad slat, leis an tslait ṫoṁais timċioll fa ccúairt.
18Do ṫoṁais sé an taóiḃ ṫeas, cúig ċéad slat, leis an tslait ṫoṁais.
19Dfill sé fa ccuáirt gus an ttaóiḃ ṡíar, agus do ṫoṁais sé cúig ċéad slat leis an tslait ṫoṁais.
20Do ṫóṁais sé é air na ceiṫre táoḃuiḃ: do ḃi balla aige timċioll fa ccuáirt, cúig ċead slat air fad, agus cúig ċéad ar leiṫead, do ḋéanaṁ dealuiġṫe eidir an tsanctóir agus a náit neaṁnáoṁṫa.
Currently Selected:
Eseċiel 42: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.