YouVersion Logo
Search Icon

Eseċiel 41

41
Caibidil XLI.
Cuma fioġarḋa an teampuill na leanṁuinn amaċ.
1Na ḋiáiġ sin ṫug sé mé ċum an teampuill, agus do ṫoṁais sé na postaḋa, sé cuḃaid ar leiṫead air an ttaóiḃse, agus sé cuḃaid ar leiṫead don taoiḃ oile, noċ dob é leiṫead an tabeirnacuil.
2Agus do bé leiṫead an doruis deiċ ccuḃaid; agus dob íad taóiḃ an doruis cúig cuḃaid ar áontaóiḃ, agus cúig cuḃaid don taóiḃ oile: agus do ṫoṁais sé a ḟad, ceaṫraċad cuḃad: agus a leiṫead, fiṫċe cuḃad.
3Annsin do ċuáiḋ sé a steaċ, agus do ṫoṁais sé posta an doruis, ḋá ċuḃad; agus an dorus, sé cuḃaid; agus do bé leiṫead an doruis, seaċt ccuḃaid.
4Marsin do ṫoṁais sé a ḟad fiṫċe cuḃad; agus a leiṫead, fiṫċe cuḃad, as coinne an teampuill: agus a duḃairt sé riomsa, Isé so an tionad ro náoṁṫa.
5Na ḋiáiġ sin do ṫoṁais sé balla an tiġe, sé cuḃaid; agus do bé leiṫead gaċ seomra táóiḃ, ceiṫre cuḃaid, timċioll fa ccuáirt an tiġe air gaċ taóiḃ.
6Agus do buḋ a trí na seomraḋa taóiḃ, ós cionn a ċéile, agus tríoċad a nórd; agus do ċúadar a steaċ annsa ḃalla noċ do ḃí don tiġ do na seomraḋniḃ ttaóiḃ timċioll fa ccuáirt, ċor go ngreamuidís, aċt ní raiḃ greim air bioṫ aca a mballa an tiġe.
7Agus do ḃí foirleiṫne, agus casaḋ fa ccuáirt a ccoṁnuiḋe súas ċum na seomraḋa taóiḃ: óir do ċuáiḋ casaḋ timċioll an tiġe súas a ccoṁuuiġe timċioll an tíġe fa ccuairt: agus marsin do ḃí leiṫead an tiġe súas, do ṁéuduiġ sé ón tseomra íoċtair gus an tseomra dob áirde ag an lar.
8Do ċonnairc mé fós áirde an tiġe timċioll fa ccuáirt: do be bunáit na seomraḋa, ttaóiḃ slat iomlán ṡé ccúḃad móra.
9 Do buḋ cúig cuḃaid, tiniġe an ḃalla, noċ do ḃí don tseomra taóiḃ amuiġ: agus do bé ionad na seomraḋa ttaóiḃ noċ do ḃí a stiġ an ċuid do fágḃaḋ.
10Agus do ḃí fairsinge ḟiṫċiod cuḃad idir na seomraḋaiḃ timċioll fa ccuairt an tiġe air gaċ taoiḃ.
11Agus do ḃí doirsi na seomraḋa ttaóiḃ leaṫ ris a náit do fágḃaḋ, áondorus don leiṫ ṫuáiġ, agus dorus oile don taóiḃ ṫeas: agus do leiṫead na háite do fágḃaḋ cúig cuḃaid timċioll fa ccuáirt.
12Anois do ḃí an teaġais do ḃí as coinne na háite ar leiṫ annsa ċionn leaṫ ṡíar seaċtṁoġad cuḃad ar leiṫead; agus do ḃí cúig cuḃaid ar ṫiuiġe a mballa na teaġaise timċioll fa ccuáirt, agus do bé a ḟad nóċad cuḃad.
13Marsin do ṫoṁais sé an tiġ, céad cuḃad ar fad; agus a náit ar leiṫ, agus an teaġais, gun a ḃallaḋuiḃ céud cuḃad air fad.
14Mar an ccéadna do bé leiṫead aiġṫe an tiġe, agus na háite ar leiṫ don taoiḃ ṡoir, céud cuḃad.
15Agus do ṫoṁais sé fad na teaġaise ṫall as coinne na háite ar leiṫ noċ do ḃí taóiḃ ṡíar ḋi, agus a cúinniḋe céud cuḃad, air ṫaóiḃ agus air an ttaóiḃ oile, maille ris an tteampall a stiġ, agus póirseaḋ na cúirte;
16Do ḃí postaḋa an doruis, agus da fuinnéoga cuṁga, agus na hionaid spaisteoireaċda timċioll fa ccuáirt air a ttrí lofta, ṫall as coinne an doruis, foluiġṫe le haḋmad timċioll fa ccuáirt, agus air an ttalaṁ súas gus na fuinneógaiḃ, agus do ḃádar na fuinneoga ar na ḃfolaċ;
17Agus an náit ós cionn an doruis, eaḋon gus an dtiġ do bḟaide a steaċ, agus a muiġ, agus ris an mballa uile timċioll fa ccuairt táoḃ a stiġ agus amuiġ, maille ré toṁas.
18Agus do rinneaḋ é le ċerubíniḃ agus le crannuiḃ pailme, iondus go raiḃ crann pailme idir ċerub agus ċerub; agus do ḃí ḋá aġaiḋ air gaċ aóin ċerub;
19Iondus go raiḃ aġaiḋ ḋuine leaṫ ris an ccrann pailme daóintaóiḃ, agus aġaiḋ leoṁuin óig leaṫ ris an ccrann pailme don taóiḃ oile: do ḃí sé déanta air feaḋ an tiġe timċioll fa ccuáirt.
20 Do ḃí ċerubíniġ ar na ndéanaṁ agus crainn ṗailme ón ttalaṁ go liós cionn an doruis, agus air ḃalla an teampuill.
21 Do ḃádar postaḋa an teampuill ceaṫairḃeannaċ, agus aḋaiġ na sanctóra; taisbeanaḋ an táoin mar ṫaisbeanaḋ aroile.
22 Do ḃí a naltóir ṁaide trí cuḃaid ar áirde, agus ḋá ċuḃad ar fad; agus do ḃí a beanna, agus a fad, agus a ballaḋa daḋmad: agus a duḃairt sé riom, Isé so an bórd atá a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA.
23Agus do ḃí ḋá ḋorus air an tteampall agus air án tsanctóir.
24Agus do ḃí ḋá ḋuilleóig aig gaċ dorus don dá ḋorus, ḋá ḋuilleoig fillte; ḋá ḋúilleóig dáondorus, agus ḋá ḋuilleóig don dorus oile.
25Agus do ḃí déunta orra, air ḋoirsiḃ an teampuill, ċerubiniġ agus crainn ṗailme, aṁail do rinneaḋ air an mballa; agus do ḃádar cláruiġ tiuġa air aġaiḋ an ṗóirse amuiġ.
26Agus do ḃádar fuinnéoga cuṁga agus crainn ṗailme air án ttaóiḃsi agus air an taóiḃ oile, air ṫaoḃuiḃ an ṗóirsi, agus air ṡeomraḋuiḃ taóiḃ an tiġe, agus cláruiġ tiuġa.

Currently Selected:

Eseċiel 41: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in