Exodus 40
40
Caibidil XL.
Ata an Tabernacuil fein ar na ċur suas. 13 Do naoṁuiġeaḋ Aaron agus a Ċlann mac ċum oifig nan sagart. 14 Do líon gloir Dé an Tabernacuil.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise gá ráḋ.
2Ar an gcéád lá don ċéid ṁí ċuirfeas tu súas tabernacuil loistín an ċoṁċruinniġ.
3Agus cuirfe tú annsin á steaċ aírc na fiaḋnuisi, agus foileoċa tú a nairc leis an gcuṁdaċ.
4Agus do ḃeura tú a steaċ an bórd, agus suiḋeoċa tú a nordúġaḋ na neiṫe atá ré ṡuiḋiuġaḋ a nórd air; agus do ḃéura tú an coinnleóir a steaċ, agus las fa tú a lampuiḋe.
5Agus suiḋeoċa tú a naltóir dór ċum na túise as coinne aírc na fiaḋnuise, agus cuirfe tú brat an doruis leis an tabernacuil.
6Agus suiḋeoċa tú áltóir na hofrala loiscṫe as coinne ḋoruis ṫabernacuil loistin an ċoṁċruinniġ.
7Agus suiḋeoċa tú an laḃéir idir lóistin an ċoṁċruinniġ, agus an altóir, agus cuirfe tú uísce ann.
8Agus cuirfiḋ tú súas an cúirt timċioll fa gcúairt, agus croċfa tú súas na bruit ag geata na cúirte.
9Agus glacfa tú an ola ungṫa, agus ungfa tú an tabernacuil, agus a ḃfuil astiġ ann, agus naoṁṫa tú é, agus a ṡoiṫiġe uile: agus bíaiḋ sé naoṁṫa.
10Agus ungfa tú altoír na hofrala loiscṫe, agus a ṡoiṫiġ euile, agus naoṁṫa tú a naltoir: agus bíaiḋ na altoír ro naoṁṫa.
11Agus ungfa tú an láḃéir agus a ċós, agus náoṁṫoċa tú é.
12Agus do ḃéara tú Aáron agus a ṁic go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus niġfe tú íad le huisce.
13Agus cuirfe tú ar Aáron na héaduiġe naoṁṫa, agus unfga tú é, agus naoṁṫoċa tú é; ċor go miniosdrálfuiḋ sé ḋaṁ sa a noifig an tsagaírt.
14Agus do ḃéara tú a ṁic ċugad, agus éideoċa tú íad le cótuiḋiḃ:
15Agus ungfa tú íad, mar do ung tú a naṫair, ċor go ḃféadfaid miniostralaċd do ḋéanaṁ ḋamsa a noifig an tsagairt: óir biaiḋ a nungaḋ go deṁin na ṡagartaċd ṡíorruiḋe ar feaḋ a ngeinealáċ.
16Is murso do rinne Maóise: do réir an uile ní do aiṫin an TIĠEARNA ḋe, is mar sin dó rinne sé.
17Agus tárla annsa ċéad ṁí don dara bliaḋain, ar an gcéad ló don ṁí, gur tógḃaḋ súas an tabernacuil.
18Agus do ṫóg Maóise an tabernacuil súas, agus do ḋaingniḋ a ṡoiceid, agus do ċuir súas a ḃuird, agus do ċuir a ḃarruiḋe a steaċ, agus do ṫos súas a ṗiléir,
19Agus do leaṫnuiġ amaċ an lóistín ós cionn an tabernacuil, agus do ċuir folaċ an lóistin timċioll air, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
20Agus do glac sé agus do ċuir an ḟiaḋnuise ann san áirc, agus do ṡuiḋiġ na maidiḋe ar an áirc, agus do ċuir an suiḋe trócaire súas ar an áirc:
21Agus ṫug se an áirc ċum an tabernacuíl, agus do ċuir súas cuṁdaċ an ḟoluiġ, agus do ḟoluíġ áirc na fiaḋnuisi, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
22Agus do ċuir sé an bórd a lóistin an ċoṁċruinniġ, ar ṫaoiḃ an tabernacuil leaṫ ṫuaiġ, taoḃ amuiċ don ċuṁdaċ.
23Agus do ċuir sé an tarán a norduġaḋ air a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóíse.
24Agus do ċuir sé an coinnleóir a loistín an ċoṁċruinniġ, ṫall as coinne an ḃuird, ar ṫaoḃ an tabernacuil leaṫ ṫeas.
25Agus do las na lampuiḋe a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
26Agus do ċuir sé an altóir órḋa a lóistín an ċoṁcruinniġ a ḃfiaḋnuise an ċuṁduiġ:
27Agus do loisc sé túis deaġḃoluiġ uirre; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
28Agus do ċuir sé súas an brat ag dorus an tabernacuil:
29Agus do ċuir altoir na hofrála loiscṫe ag dorus ṫabernacuil lóistín an ċoṁċruinniġ, agus do ofráil se uirre, ofráil loiscṫe agus offráil bíḋ; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.
30Agus do ċuir an láḃéir idir lóistín an ċoṁċruinniġ agus a naltóir, agus do ċuir uisce ann ċum ionnlaiḋ.
31Agus Maoise, agus Aáron agus a ṁic do niġeadur a láṁa agus a ccosa aige:
32A nuair do ṫéiġdis go lóistín an ċoṁċruinniġ, agus a nuair ṫigdís a ḃfogus do naltóir, do ionnlaidis; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóisi.
33Agus do ṫóg sé súas an ċúirt timċioll fá gcuáirt an tabernacuil agus na haltóra, agus do ċuir súas brat ġeata na cúirte. Mar sin do ċrioċnuiġ Maóise a nobaír.
34Annsin do ḟoluiġ néull lóistin an ċomċruinniġ, agus do líon glóir an TIĠEARNA an tabernacuil.
35Agus nior ḃféidir do Ṁaóise dul a stéaċ a lóistín an ċomċruinniġ, do ċionn gur ċoṁnuiġ an néull air, agus gur líon glóir an TIĠEARNA an tabernacuil.
36Agus a nuair rugaḋ an néull súas ó ṁullaċ an tabernacuil, do ċuáiḋ clann Israel ar a naġáiḋ ann a nuile ṫurusaiḃ.
37Aċd muna mbeurṫáoi an néull súas, ní aistreoċaidis go nuige an lá iona mbéurṫáoi súas é.
38Oír do ḃí néull an TIĠEARNA ar an tabernacuil ann sa ló, agus do ḃí teine air sa noiḋċe, a raḋarc ṫiġe Israel uile, ar feaḋ a naistir uile.
Currently Selected:
Exodus 40: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.