YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 39

39
Caibidil XXXIX.
Atáid culaḋa naoṁṫa na nsagart ar na ndeunaṁ.
1Agus don ġorm, agus don ṗurpuir, agus don scárláoid, do rinneadur eáduiġe seirḃíse, do ḋéanaṁ serḃise an sa náit naoṁṫa, agus rinneadur na culaḋa naoṁṫa do Aáron; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
2Agus do rinne an téṗod dór, do ġorm, do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do linéadaċ ṁin ċasta.
3Agus do ḃuaileadar an tór na ṗlataḋuiḃ tana, agus do ġearradar na ṫéaduiḃ é, da oíbríuġaḋ annsa ġorm, agus annsa ṗurpuir, agus annsa scárlaoid, agus annsa linéadaċ ḟinealta, maille hobair ġéarċuísiġ.
4Do rinneadar píosuiḋe gualann dó, ḋa ċoiṁċeangal dá ċéilé: leis an dá imiol do ċoiṁċeanglaḋ ḋa ċéile é.
5Agus crios cúiríalta a eṗoid, do ḃí air, do ḃí don ċéadna, do réir a oibre sin; dór, do ġorm, do ṗurpuir, do scárláoid, agus do linéadaċ ḟínealta ċasta; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
6Agus do oibriġeadar cloċa onice ar na gcur a stiġ a ḃfailgiḃ óir ar na ngráḃáil, mar ġráḃaltar signéid, maille ré hanmannuiḃ ċloinne Israel.
7Agus do ċuir sé ar ġuáilliḃ an eṗod íad, ar ċor go mbéidis na gcloċuiḃ mar ċuiṁne do ċloínn Israel; mar do aiṫin an TIĠEARNA da Ṁaóise.
8Agus do rinne an tuċdṗláta dobair ġlic, cosṁail hobair a neṗoíd; dór, do ġorm, do ṗurpuir, do scárláoid, agus do líneadaċ finealta ċasda.
9Do ḃí sé ceaṫairḃeannaċ; do rinneadar an tuċdṗláta dúbalta; réisi do ḃí na ḟad, agus réisi na leiṫead, dúbalta.
10Agus do ċuireadar ann ceiṫre ċúrsa do ċlóċuiḃ: cúrsa do ṡardius, do ṫópas, agus do ċarbuncail: is é so an cead ċúrsa.
11Agus an dara cúrsa, emeraud, saṗir, agus diamond.
12An treas cúrsa, ligur, agat, agus ametist.
13Agus an ceaṫraṁaḋ cursa, beril, agus onice, agus iasper: do ḃádar curṫa a stiġ a ḃfailgiḃ óir iona ndruduiḃ.
14Agus do ḃádur na cloċa do réir anmanna ċloinne Israel, a dó ḋéag, dó réir a nanmann, aṁail ġráḃáil ṡignéid, gaċ éanduine gun a ainm, do réir an dá ṫreiḃ ḋéug.
15Agus do rinneadar ar an uċdṗláta slaḃruiḋe ann a ċeannuiḃ dobair ḟiġte dór ḟíorġlan.
16Agus do rinneadur ḋá ḟail óir, agus ḋa ḟáinne óir, agus do ċuireadar an dá ḟáinne ar ḋá ċeann an uċdṗláta.
17Agus do ċuireadar an dá ṡlaḃraḋ ḟiġte dór annsa dá ḟáinne ar ċeannuiḃ an uċdṗláta.
18Agus ḋá ċeann an dá ṡlaḃraḋ ḟiġte ḋaingníodar annsa da ḟail, agus do ċuireadar íad ar ġuailliḃ a neṗoid, roiṁe.
19Agus do rinneadar ḋá ḟaínne dór, agus dó ċuireadar íad ar ḋá ċeann an uċdṗlata, ar a imeal, noċ do ḃi ar ṫáoḃ a néṗoid taoḃ a stiġ.
20Agus do rinneadur ḋá ḟainne eile dór, agus do ċuíreadar íad ar ḋá ṫáoḃ a neṗoid ṡíos, leaṫ ris an gcuid ṫosuiġ ḋe, ṫall ar áġáiḋ a ċoṁċeangail, ós cionn ċreasa ċuirialta a neṗoid.
21Agus do ċeangladar an tuċdṗláta le na ḟáinniġiḃ dfainniġiḃ a neṗoid, lé lása do ġorm, ċor go mbía ós cionn an ċreasá ċuiríalta a neṗoíd, agus naċ scáoiltí an tuċdṗlata ó neṗod; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
22Agus do rinne sé róba a neṗoid dobair ḟiġte, uile do ġorm.
23Agus do ḃí poll a lár an róba, mar ṗoll lúiriġe, maille ré fonnsa fa gcuáirt timċioll an ṗuill, go naċ briseaḋ se.
24Agus do rinneadur ar an ċiuṁuluiḃ an róba pomegranait do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scarláoid, agus do líneadaċ ċasta.
25Agus do rinneadar cluigine dór ḟiorglan, agus do ċuireadar na cluigíne idir na pomegranatuiḃ, ar ċiuṁuis an róba, timċioll fá gcuáirt idir na pomegranatuiḃ.
26Cluigín agus pomegranat, cluigín agus pomegranat, timċioll fa gcuáirt ḟaṫuaime an róba do ḋéanaṁ miniostralaċd ann; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
27Agus do rinneadar cótuiḋe do línéadaċ ḟínealta dobair ḟiġte do Aáron, agus dá ṁacuiḃ,
28Agus míter do linéadaċ ḟínealta, agus boineid ṁaiṫe do linéadaċ ḟinealta, agus brísdiḋe linéaduiġ do lion ṁín ċásda,
29Agus crios do línéadaċ mín ċasda, agus do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, dobair ṡnáiṫide; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.
30Agus do rinneadar pláta na coróine náoṁṫa dór ġlan, agus do scríoḃadar scríḃinn air mar ġráḃail ṡeignéid, NAOṀṪAĊD DON TIĠEARNA.
31Agus do ċeangladur ḋó sin lása do ġorm, ċeangal go hárd ar an míter; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.
32Mar so do crioċnuiġeaḋ uile obair an tábernacuil loistín an ċóṁċruinniġ: agus do rinneadar clann Israel do reir a nuile ní do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin do rinneadar.
33Agus tugadar an tabernacuil ċum Maóisi, an lóistin, agus gaċ ní ḃeanas ris uile, a táitsiḋe, a ḃuird, a ḃarruiḋe a ṗiléir, agus a ṡoicéid.
34Agus an folaċ do ċroicniḃ reiṫeaḋ daite dearg, agus an folaċ, do ċroicniḃ broc, agus cuṁdaċ an ḟoluiġ.
35Aírc na fiaḋnuisi, agus a maidiḋe, agus an suiḋe trócaire.
36An bórd, agus a uile ṡoiṫiḋe, agus an tarán taisbéanta.
37An coinnleóir fíorġlán, go na lampaḋuiḃ, na lampuiḋe dá suiġiuġaḋ a nórd, agus a uile ṡoiṫiġe sin, agus a nola ċum soluis.
38Agus a naltóir órḋa, agus a nola ungṫa, agus an túis deaġḃoluiġ, agus brat do ḋorus an tabernacuil,
39A naltóir ṗráis, agus a ġráta práis, a ṁaidiḋe, agus a uile ṡoiṫiġ, an láḃéir agus a ċos,
40Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do ġeata na cúirte, a corduiḋe, agus a ṫairngiḋe, agus uile ṡoiṫiġe serḃíse an tabernacuil, do lóistín an ċoṁċruinniġ.
41Eaduiġe na serḃíse, do ḋéanaṁ serḃíse annsa náit náoṁṫa, agus na culaḋa náoṁṫa do Aáron an sagart, agus a cculaḋa a ṁac, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt.
42Do réir a nuile ní do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin do rinneadar clann Israel a nobair uile.
43Agus do ḟéuċ Maóise ar an obair uile, agus, féuċ, do rinneadar í, mar do aiṫin an TIĠEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do ḃeannuiġ Maóise íad.

Currently Selected:

Exodus 39: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in