YouVersion Logo
Search Icon

Deuteronomi 6

6
Caibidil VI.
Traċdar fós ar míniuġaḋ na ndeiċ naiṫeanta.
1Annois is íad so na haiṫeanta, na reaċda, agus na ḃreiṫeaṁnuis, do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫeagasg ḋíḃ, ċor go ndéantáoi íad annsa ḃfearann a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ:
2Ionnus go mbía eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus go ccoiṁeudfá a reaċda uile agus a aiṫeanta, noċ ḟúagruimsi ḋuit, ṫú féin, agus do ċlann, agus clann do ċloinne, ar feaḋ do ṡáoġuil; íonnus go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe.
3¶ Eíst ar a naḋḃarsin, a Israel, agus taḃair haire sin do ḋéanaṁ; ċor go mbeiṫear go maiṫ agad, agus go líonfa tú go hiomaroaċ, mar do ġeall an TIĠEANA Día haiṫreaḋ ḋuit, annsa tír an a ḃfuil tuile ḃainne agus meala.
4Eíst, ó a Israel: an TIĠEARNA ar Ndíane is éin TIĠEARNA aṁain é:
5Agus gráḋoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía réd ċroiḋe uile, agus réd anam uile, agus réd ċuṁaċduiḃ uile.
6Agus béid na bríaṫraso, aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, ann do ċroiḋe:
7Agus múinfiḋ tú go dúṫraċdaċ dod ċloinn íad, agus laiḃeóruiḋ tú orra a nuáir ṡuiḋfeas tú ann do ṫiġ, agus a nuáir ṡiuḃólas tú an tsliġe, agus a nuáir luíḋḟeas tú síos, agus a nuáir éireoċus tú súas.
8Agus ceangola tú íad mar ċoṁarṫa ar do láiṁ, agus béid aṁuil éadanána idir do ṡúiliḃ.
9Agus scríoḃṫa tú íad ar ṗostuiġiḃ do ṫiġe, agus ar do ḋoirsiḃ.
10Agus is aṁla ḃías a nuáir ḃéurus an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don dúṫaiġ noċ do ṁionnuiġ dod aiṫriḃ, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, go ttiuḃraḋ ḋuit caiṫreaċa móra maiṫe, naċ tú féin do ċuir súas,
11Agus tiġṫe lán do na huile neiṫiḃ maiṫe, naċ tú féin do líon, agus toibreaċa toċalta, naċ tú féin do ṫoċuilt, fíneaṁna agus croinn ola, naċ tú féin do ṗlannduiġ; a nuáir íosas tú agus ḃías tú lán;
12 Annsin taḃair haire deagla go ndearmadfá an TIĠEARNA, noċ ṫug ámaċ ṫú as críċ na Hégipte ó ṫiġ na dáoirsi.
13Biaiḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus do ḋéana tú seirḃís dó, agus mionnoċaiḋ tú ann a ainmsion.
14Ní leanfa tú dée ar biṫ oile, do ḋéeiḃ na ndáoine atá fá ccuáirt ḃur dtimċioll;
15(Oír an TIĠEARNA do Ḋía is Día éadṁar ḃur measg é) deagla go lasfaḋ fearg an TIĠEARNA do Ḋía ad aġuiḋ, agus go scriosfaḋ ṫú ó ḋruim na talṁan.
16Ní ċuirfe tú caṫuġaḋ ar an TTIĠEARNA do Ḋía, mar do ċuir tú air a Massah.
17Coiṁéad go diṫċiollaċ aiṫeanta an TIĠEARNA do Ḋía, agus a ḟiaġnuisiġ, agus a reaċda, noċ do aiṫin sé ḋíot.
18Agus do ḋéana tú an ní is díreaċ agus is maiṫ a raḋarc an TIĠEARNA: ċor go mbeiṫear go maiṫ agad, agus go ḃféadfa tú dul a steaċ agus an fearann maiṫ do ṡealḃuġaḋ noċ do ṁionnaiḋ an TIĠEARNA dod aiṫriḃ,
19Agus teilgfe sé amaċ do naiṁde uile roṁad, mar do laḃair an TIĠEARNA.
20Agus a nuáir ḟíafroċus do ṁac ḋíot ansa naimsir atá ag teaċd, ġá ráḋ, Créd is cíall do na fiaḋnuisiḃ, agus do na reaċtuiḃ, agus do na breaiṫeaṁnusuiḃ, noċ do aiṫin an TIĠEARNA ar Ndía ḋíḃ?
21Ann sin déara tú re do ṁac, Do ḃámairne ar scláḃuiġiḃ ag Ṗárao san Négipt; agus ṫug an TIĠEARNA amaċ as an Négipt sinn le láiṁ láidir:
22Agus do ṫaisbéin an TIĠEARNA coṁarṫuiḋe agus iongantasa móra, agus doilġe ar an Négipt, ar Ṗárao, agus ar ṁuintir a ṫiġe uile, as coṁair ar súl:
23Agus ṫug sé sinne amaċ as sin, ċor go ttiuḃraḋ sé a steaċ sinn, do ṫaḃairt ḋúinn na dúṫaiġe do ṁionnuiġ sé dar naiṫriḃ.
24Agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋínn na reaċtaso uile do ċoṁall, agus eagla an TIĠEARNA ar Ndía, do ḃeiṫ oruinn ar ṁaiṫ rinn féin a gcoṁnuiḋe, ċor go ccoiṁéadfaḋ sé sinn beo, mar atá san ló a niuġ.
25Agus buḋ é ar ḃfíreúntaċd, má ḃeirmid aire na haiṫeantaso uile ḋéanaṁ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA ar Ndía, mar do aiṫin sé ḋínn.

Currently Selected:

Deuteronomi 6: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in