Bible App logo
Search Icon

Deuteronomi 16

16
Caibidil XVI.
Ar na trí fleaḃaiḃ móra. 2 Na cásg. 9 Na seaċdṁuine. 13 Nattabernaclaċ. 18 Ar ḃreiṫeaṁnaiḃ. 21 Anaḋaíḋ aḋḃair an íóḋalaḋraḋ.
1Coiṁead mí Abib, agus cuṁdniġ an ċáisg dot ṪIĠEARNA Día: óir is a mí Abib ṫug do ṪIĠEARNA Día amaċ as an Négipt ṫu an sa noiḋċe.
2Do ḋéana tú ar a naḋḃarsan íoḋbairt na casg dot ṪIĠEARNA Día don tréud agus don airġe, san nait ann a ttoiġfiġ an TIĠEARNA a ainm do ċur.
3Ní íosa tú arán loiḃín leis; seaċd lá íosas tú arán gan loiḃín leis, eaḋon arán na triublóide; (óir ṫáinic tú amaċ as críċ na Hégipte go deifreaċ:) ċor go gcuiṁneoċa tú an lá ṫáinic tú amaċ as críċ na Hégipte feaḋ laéṫeaḋ do ṡaoġail.
4Agus ní faicfiḋior aran loiḃín a néanáit ḃeanus riot ar feaḋ seaċd lá; ní mó ṁairfios éainġreim don nfeoil, dá ndéana tu íoḋbairt an ċéadla tráṫ nóna, go maidin ar na ṁáraċ.
5Ní ḟéadann tú íoḋbairt na cásg do ḋéanaṁ táoḃ a stiġ dáondorus, dá ttug do ṪIĠEARNA Día ḋuit:
6Aċ san náit ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann, annsin do ḋéana tú íoḋbuirt na cásg tráṫ nóna, ag dul síos don ġréin, fa nam a ttáinic tú amaċ as an Négipt.
7Agus róstfa agus íosfa tú é san náit ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día: agus fillfe tú ar maidin, agus raċaiḋ tú dot lóistíniḃ.
8Sé la íosas tú arán gan lóiḃin: agus an seaċdṁaḋ lá biáiḋ coṁċruinniuġaḋ sollamanta agad dot ṪIĠEARNA Día: agus ní ḋéana tú éainġne oibre ann.
9¶ Seaċd seaċdṁuine ċoṁáirfios tú ḋuit féin: tosuiġ coṁairéaṁ na seaċd seaċdṁuine ó nam ar ṫosuiġ tú an corrán do ċur sa ngort.
10Agus coiṁéadfa tú féusta na seaċdṁuineaḋ dot ṪIĠEARNA Día maille re taḃartus ofrála ṫoileaṁla do láiṁe, noċ ḃéaras tú dot ṪIĠEARNA Día, do réir mar do ḃeannuiġ do ṪIĠEARNA Día ṫú:
11Agus do ḋéana tú gáirdeaċus a laṫair do ṪIĠEARNA Dé, ṫú féin, agus do ṁac, agus hinġion, hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ noċ atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, ḃías ḃur measc, san náit noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann.
12Agus cuiṁneoċa tú go raiḃ tú ad ḋuine ḋáor san Négipt: agus coiṁéadfa tú agus do ḋéana tú na reaċda so.
13¶ Coiṁeadfa tú féusta na ttabernaclaċ seaċd lá, tar éis ṫú do ċruinniuġaḋ do ċoda arḃa agus fíona a steaċ:
14Agus do ḋéana tú gáirdeaċus an ṫféasta, ṫú féin, agus do ṁác, agus hinġion, agus hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dilleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, atá taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ.
15Seaċd lá ċoiṁéadfas tú féasta sollamanta dot ṪIĠEARNA Día san náit noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA: do ċionn go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú ion huile ḃiseaċ, agus ion huile oibreaċa do láṁ, nime sin go deṁin do ḋéana tú gáirdeaċus.
16¶ Trí huáire san mbliaḋuin ṫaisbéantar huile ḟearḋa a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé ann sa náit noċ ṫoiġfeas sé; a ḃféasta a naráin gan loiḃin, agus a ḃféasta na seaċdṁuineaḋ, agus a ḃféasta na ttabernaclaċ: agus ní ṫiocfaid folaṁ a laṫair an TIĠEARNA:
17Do ḃéara gaċ éanduine úaḋ mar ḃías a ċumus, do réir ḃeannuiġṫe do ṪIĠEARNA Dé noċ ṫug sé ḋuit.
18¶ Do ḋéana tú breiṫeaṁuin agus oifigiḋ ion huile ḋoirsiḃ, do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuít, ar feaḋ do ṫreaḃ uile: agus do ḋéanuid breiṫeaṁnus air do ṗobail maille re breiṫeaṁnus ceart.
19Ní ḋéana tú coiṁéigneaḋ breiṫeaṁnuis; ní ṫiuḃra tú meas ar péarsuinniḃ seaċ a ċéile, agus ní ġéuḃa tú cuṁa: óir dalluiġ an ċuṁa súile na ndaóine eagnuiġe, agus aiḋṁilliḋ briaṫra na ḃfíréan.
20An ní ḃías ro ċeart is sé leanfas tú, ċor go mairfe tú, agus go ngeuḃa tú oiġreaċd a nfearuinn do ḃéara do ṪIĠEARNA Día ḋuit.
21¶ Ní ċuirfe tú ḋuit féin garrán ar biṫ crann láiṁ ré haltóir do ṪIĠEARNA Dé, noċ do ḋéana tú ḋuit féin.
22Agus ní mó ċuirfios tú íoṁáiġ ar biṫ súas duit féin; noċ ḟuaṫuiġios do ṪIĠEARNA Día.

Currently Selected:

Deuteronomi 16: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in