Bible App logo
Search Icon

Deuteronomi 17

17
Caibidil XVII.
An ioḋbart do ḃeiṫ gan toiḃeim. 8 Na sagairt agus na breiṫeaṁuin dó reitiġeas gaċ cruaḋ‐ċúis. 14 Toġa, 16 agus dleasdannas rí.
1Ni ḋéana tú bulóg ar biṫ dioḋbairt dot ṪIĠEARNA Día, nó caora, a mbía aineaṁ, no gráin ar biṫ: óir is aḋḟuaṫṁaireaċd sin ag do ṪIĠEARNA Día.
2¶ Má ġeiḃṫior ḃur measg, táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ noċ ṫug do ṪIĠEARNA Día ḋuit, fear nó bean, do rinne coir ġráineaṁuil a raḋarc do ṪIĠEARNA Dé, a mbriseaḋ a ċunnarṫa,
3Agus go neaċaiḋ agus gur ḟreastaluiġ dée eile, agus gur aḋraiḋ íad, an ġrían, no an ġealaċ, no éinni do ṡlúaġ niṁe, naċ ar aiṫin misi;
4Agus go ninneostar ḋuitsi é, agus go gcúala tú, agus gur ċeastuiġ tú go duṫraċdaċ é, agus, féuċ, mur fíor é, agus an ní dearḃṫa, gur hoibríġeaḋ a leiṫéid sin daṫḟúaṫṁaireaċd a Nisrael:
5Ann sin do ḃéara tú an fearsin amaċ nó an ḃeansin, noċ do rinne an droiċní sin, go nuige do ḋoirsi, an fear nó an ḃean ċéadnasin, agus cloċfa tú lé cloċuiḃ íad, no go néaguid.
6Do réir ḃéil ḋa ḟíaḋuin, no ṫrí ḃfíaḋan, cuirfiġear ċum báis an té ṫuillfeas bás; aċd ar son ġlóir éanduine aṁáin ní cuirfiġear ċum báis é.
7Biaid láṁa na ḃfíaḋan air ar tús dá ċur ċum báis, agus na ḋiáiġ sin láṁa an ṗobail uile. Marsin ċuirfios tú an olc ar siuḃal uáit gan a ḃeiṫ ḃur measg.
8¶ Má éirġionn cúis ḃiás ro ċrúaiḋ ort a mbreiṫeaṁnus idir ḟuil agus ḟuil, idir eiḋlioḋ agus eiḋlioḋ, agus idir ḃuille agus ḃuille, do ċúisiḃ imreasuin taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: annsin éireoċa tú, agus raċa tú súas san náit ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día;
9Agus tiucfa tú gus na sagartmḃ Leḃiteaċ, agus gus an mbreíṫeamb ḃías ann is na láeṫiḃsin, agus ceisteoċuiḋ tú; agus taisbéanfuid ḋuit breaṫ an ḃreiṫeaṁnuis:
10Agus do ḋéana tusa do réir a norduiġe, ṫaisbéanuid ḋuit an drong ḃías don náit sin noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA; agus do ḃéara tú dot aire a ḋéanaṁ do réir gaċ a ttéagoscuid ḋuit:
11Dó réir órduiġṫe an dliġe ṁúinfid siad ḋuit, agus do réir an ḃreiṫeaṁnuis inneosuid duit, do ḋéana tú: ní ċláonfa tú ó nórduġaḋ ṫaisbéanuid duit, air a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé.
12Agus an duine do ḋéanas go heasurramaċ, agus naċ éistfiḋ ris an tsagart noċ ṡeasas ann sin do ṁiniostrálaċd a laṫair do ṪIĠEARNA Dé, nó ris an mbreiṫeaṁ, fuileonguiḋ an duine céadna sin bás: agus cuirfe tú an tolc ar siuḃal ó Israel.
13Agus cluinfid an pobal uíle, agus biáiḋ eagla orra, agus ní ḋéanuid easurraḋas ní is mó.
14¶ A nuáir ṫiocfas tú don dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, agus ṡealḃoċus tú í, agus áitreaḃus tú innte, agus déara tú, Cuirfe mé riġ ós mo ċionn, do nós na gcineaḋaċ uile atá um ṫimċioll;
15Cuirfe tú ar gaċ uile ċor an té sin na ríġ ós do ċionn, noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día: aon a measc do ḋearḃráiṫreaċ ċuirfios tú na riġ ós do ċionn: ni ḟéadann tú coiṁiġṫeaċ do ċur ós do ċionn naċ ḃfuil na ḋearḃráṫair agad.
16Aċ ní ċruinneoċuiḋ sé iomad eaċ ḋó féin, ní mó ḃéarus sé fa deara ar an bpobal filleaḋ don Négipt, ċorgo méideoċaḋ sé eiċ ḋó féin: do ḃríġ go nduḃairt an TIĠEARNA riḃ, Ní ḟillfiḋe ó so amaċ san tsliġe ċéadna.
17Ní mó ċruinneoċus sé iomad ban dó féin, ċor naċ ḃfillfiḋ a ċroiḋe ar ais: agus ní mó ċruinneoċus sé ḋó féin ainiomad óir nó airgid.
18Agus is aṁluiḋ ḃías, a núaír ṡuíġfios sé a ccaṫaóir a rioġaċda, go scrioḃṫa sé ḋó fein cóib an dliġesi ann a leaḃar amaċ as leaḃar da mbía a ḃfiaḋnuisi na sagart Leḃíteaċ:
19Agus biáiḋ sin aige, agus léiġfiḋ sé ann ar feaḋ laéṫeaḋ a ṡáoġáil: ċor go ḃfoġluimfiḋ sé eagla a ṪIĠEARNA Dé, do ḃeiṫ air, bríaṫra an dliġesi uile do ċoiṁlíonaḋ agus na reaċdasa dá ndéanaṁ:
20Ionnus naċ ttóigfiḋ a ċroiḋe súas ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus naċ ḃfillfea sé a leaṫṫaoiḃ ón naiṫne, ar a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé: ar ċor go bfaideoċa sé a láeṫe iona rioġaċd, é féin, agus a ċlann, a lár Israel.

Currently Selected:

Deuteronomi 17: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in