Bible App logo
Search Icon

Deuteronomi 15

15
Caibidil XV.
Fuascalta na mboiċd san seaċdṁaḋ bliaḋan. 15 Reaċt a ttimċill luċd muinntir.
1Accionn gaċ seaċdṁaḋ blíaḋan do ḋéana tú fúasclaḋ.
2Agus sé so moḋ an ḟúascuilte: gaċ duine ḃéaras éinuí ar áirleagaḋ dá ċoṁarsuinn sáorfa sé é; ní ḋéana sé éigion ar a ċoṁarsuinn, nó ar a ḋearḃraṫair; do ċionn gur bé fúasclaḋ an TIĠEARNA ġoirṫear ḋe.
3O aċdrannaċ íarrfa tú é a rís: aċd an ní dot ċuid atá ag do ḋearḃraṫair fuaisgeoluiḋ do láṁ é;
4Aċd aṁáin a núair naċ béid boiċd ḃur measc; óir beannoċuiḋ an TIĠEARNA go mór ṫú ann sa dúiṫċe ṫug do ṪIĠEARNA Día ḋuit ṡealḃuġaḋ mar oiġreaċd:
5Aċt aṁáin má éisdir go dúṫraċdaċ re guṫ do ṪIĠEARNA Dé, do ṫaḃairt aire go gcoiṁeoltá na haiṫeantasa uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ.
6Oír ḃeannuiġ do ṪIĠEARNA Día ṫú, mar do ġeall sé ḋuit: agus do ḃeara tú áirleagaḋ do ṁórán cineaḋaċ, aċd ní íarrfa tú áirleagaḋ; agus riaġloċa tú ós cionn ṁóráin cineaḋaċ, aċd ní riaġloċaidsion ós do ċionnsa.
7¶ Má ḃíonn láiṁ riot duine boċd áon dot ḋearḃráiṫriḃ táoḃ a stiġ dáon dot ḋoirsiḃ ann do ḋúiṫċe noċ do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, ní ċrúaiḋeoċa tú do ċroiḋe, agus ni ḋruidfe tú do láṁ ód ḋearḃraṫair boċd:
8Aċd oisceola tú do láṁ go fáirsiong ḋó, agus do ḃéara tú ḋó ar áirleagaḋ go deiṁin go lór ċum a riaċdannis, ansa ní is easḃuiḋ air.
9Taḃair haire naċ biaḋ smuaintiuġaḋ ad ḋroċċroiḋe, ġa ráḋ, Atá an seaċdṁaḋ blíaḋan, blíaḋan an ṁaiṫṁeaċuis, ag druidion rinn; agus naċ biáiḋ do ṡúil go hole a naġuiḋ do ḋearḃraṫar ḃoiċt, agus naċ ttiuḃra tú éinní ḋó; agus go néiġfiḋ sé ar an TTIĠEARNA a taġaiḋ, agus go mbía na ṗeacaḋ ort.
10Do ḃéura tú ní ḋó go deiṁin, agus ní ḃiáiḋ doirḃeas ar do ċroiḋe an tráṫ ḃéuras tú ḋó é: de ḃríġ go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú air son an neiṫesi ad uile oibriġiḃ, agus an gaċ uile ní iona gcuirte tú de láṁ.
11Oír ní scarfuid na boiċt ċoiḋċe ris a ndúiṫċe: uimesin cuirimsi dríaċuiḃ ortsa, ḋá ráḋ, Oisceola tú do láṁ go fairsing dot ḋearḃraṫair, dot ḃoċd féin, agus dot ríaċdanaċ féin, ann do ḋúiṫċe.
12Agus má racṫar do ḋearḃraṫair, Eaḃruiḋe fir, nó Eaḃruiḋe mná riot, agus go mbiáiḋ ag serḃis duit go céann sé mbliaġan; annsin ar an séaċdṁaḋ blíaḋain léigfe tú ḋó imṫeaċd sáor uáit.
13Agus a nuáir ċuirfios tú amaċ sáor uáit é, ní léigfe tú ḋó imṫeaċd uáit folaṁ:
14Cuirfe tú leis go fairsing as do ṫréud, agus as hurlár, agus as do ċuid fíona: gáċ ní ler ḃeannuiġ do ṪIĠEARNA Día ṫú do ḃéara tú ḋósan.
15Agus cuiṁneoċa tú go raiḃ tú féin a ndaóirsi san Négipt, agus gur ḟúascuil do ṪIĠEARNA Día ṫú; uime sin aiṫniġimsi an nísi ḋíot a niuġ.
16Agus is aṁluiḋ ḃías, má deir sé riot, Ni imeoċa mé uáit; do ċionn gur gráḋuiġ sé ṫú agus do ṫiġ, do ḃríġ go ḃfuil se go maiṫ ad ḟoċair;
17Ann sin glacfa tú meanaḋ, agus cuirfe tú tré na ċluáis annsa dorus é, agus biaiḋ sé na ṡeirḃíseaċ agad go braṫ. Agus már an gcéadna ḋéanas tú red ḃanógluiċ.
18Na bíoḋ na ċrúas ort, a nuair ċuirfeas tú sáor uáit é; óir do ḃí fá ḋó coṁmaiṫ ré serḃíseaċ túarasdail, ag déanaṁ seirḃíse ḋuit sé blíaḋna: agus beinneoċaiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫusa ann gaċ uile ni da ndéana tú.
19¶ Gaċ uile ċéad ṫoraḋ firionn dá ttiucfa ód ṡealḃa agus ód ṫréud naoṁṫoċaiḋ tú dot ṪIĠEARNA Día íad: ní ḋéana tú obair ar biṫ le cédġein do ḃó, agus ní lomfa tú céadúan do ċáoraċ.
20Iósa tú é a ḃfiaġnuisi do ṪIĠEARNA Dé gaċa blíaḋna san náit noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA, ṫú féin agus muintir do ṫiġe.
21Agus má ḃíonn cáiḋé ar biṫ ann, má ḃíonn bacaċ, no cáoċ, no droċ aíneaṁ ar biṫ air, ní ḋéana tú íoḋbuirt ḋe dot ṪIĠEARNA Día.
22Iósa tú é táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ: ionann iosas an duine neaṁġlan agus glan é, mar an ṗoc ḟionn, agus mar an gcáirrḟíaḋ.
23Aṁáin ní íosa tú a ḟuil; dóirtfe tú ar an ttalaṁ í aṁuil uisge.

Currently Selected:

Deuteronomi 15: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in