YouVersion Logo
Search Icon

Deuteronomi 14

14
Caibidil XIV.
Orduġaḋ ar cleaċdaḋ na ccineaḋaċ uma nṁarḃ, do ṡeaċna. 4 Ainṁintiġ glan agus neaṁġlun. 22 Gnáṫ agus foġna na deaċṁaḋ.
1Is siḃ clann an TIĠEARNA ḃur Ndía: ní ġearrfuiḋe siḃ féin, agus ní ḋéantaoi lomaḋ ar biṫ eidir ḃur súiliḃ ar son an ṁairḃ.
2Oír is pobal náoṁṫa ṫú don TIĠEARNA do Ḋía, agus do ṫoġ an TIĠEARNA ṫú ċum ḃeiṫ ad ṗobul áiriġ aige féin, tar gaċ uile ċineaḋ dá ḃfuil ar an ttaluṁ.
3¶ Ní íosa tú éinní aḋúaṫṁar.
4 Is íad so na hainṁiṫiġ íostaói: eaḋon an daṁ, an ċáora, agus an gaḃar,
5Ann cáirrḟíaḋ, agus an pocrúaḋ, agus an fíaḋ fionn, agus an gaḃar fíaḋáin, agus an pigarg, agus an daṁ alluiġ, agus an ċaṁois.
6Agus gaċ uile ḃeaṫaċ noċ roinneas an nionga, agus scoiltios an scoilteaḋ a ndá laḋuir, agus ċognas an ċír measg na nainṁinteaḋ, íostaói iadsin.
7Giḋeaḋ ní íostaói íadso don ṁéid ċognas a ccír, nó roinneas a nionga scoilte; mar atá an caṁall, an geirrḟíaḋ, agus an coinín: óir cognaid an ċír, aċd ní roinnid an nionga; uime sin atáid neaṁġlan ḋíḃsi.
8Agus na muca, do ċionn go roinnid an nionga, agus naċ ccognuid an ċír, atáid neaṁġlan dáóiḃ: ní iostaoi dá ḃfeóil, ní mó ḃainfúiḋe ré na gconablaċ marḃ.
9¶ Is iad so iostaói do nuile dá ḃfuil ionnsna huisgeḋíḃ: a nuile ar a mbía eiteaċ agus bláosca íostaói íad:
10Agus giḋ be ar biṫ air naċ ḃfuil eiteaċ nó bláosca ní íostaói íad; atáid neaṁġlan daóiḃ.
11Do nuile éun ġlan íostaói.
12Aċt is iad so dá naċ iostaoi: an tiolar, an téan fionn, agus an tíascaire cáirneaċ,
13Agus an préaċán gearr, agus an préaċán ceirteaċ, agus an préaċan ingneaċ do réir a ċiníl,
14Agus gaċ uile ḟíaċ duḃ do réir a ċiníl,
15Agus an tulċaḃcan, a náinléog, agus an ċúaċ, agus an seaḃac do réir a ċiníl,
16An tulcaḃċan beag, agus an túlcaḃċan mór, agus a neala,
17Agus an peliocan, agus an tiolar timċiollaċ, agus an fiaċ fairge,
18Agus an ċorr ġlas, agus an ċorr ġrían do réir a ċiníl, agus an filbín, agus a níaltóg leaṫair.
19Agus gaċ uile ní snáiġeaċ eitillios atá neaṁġlan duitsi: ní híostar iad.
20 féadṫaói gaċ uile éan glan diṫe.
21¶ Ni íostaói éinní reaċus déag uaḋ féin: do ḃéura tú é don ċoiṁiḋeaċ ḃías ann do ḋoirsiḃ, go niṫe sé é; nó féadfa tú a ḋíol ris an ndeóraiḋ: óir is pobal náoṁṫa ṫusa don TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.
22¶ Do ḃéura tú úait go ceart an deaċṁaḋ dot uile ṡíol, noċ do ḃeir an taluṁ úaḋ gaċ a blíaḋain.
23¶ Agus íosa tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, san náit noċ ṫoiġfeas sé a ainm do ṡuíḋiuġaḋ ann, deaċṁaḋ harḃa, ṫfíona, agus hola, agus primidil tsealḃann agus do ṫréud; ċor go ḃfoġlamaiḋ tú eagla do ṪIĠEARNA Dé do ḃeiṫ ort a gcoṁnuiḋe.
24¶ Agus má ḃíonn an tsliġe ro ḟada agad, as naċ ḃféudann tú a iomċur; má ḃíonn a náit roḟada uait, noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann, a nuáir ḃeinneoċus do ṪIĠEARNA Día ṫú:
25Ann sin do ḋéana tú airgiod de, agus ceaingeola tú an tairgiod súas ann do láiṁ, agus raċaiḋ tú don náit noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día:
26Agus do ḃéura tú an tairgiod sin ar giḋ bé ní a mbía dúíl ag hinntin ann, ar ḋaṁuiḃ, nó ar ċaorċuiḃ, nó ar ḟionn, nó ar ḋiġ láidir, giḋ bé ní ḃus toil led inntinn: agus íosa tú annsin a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, agus do ḋéana tú gáirdeaċus, ṫú fein, agus do ṁuintir,
27Agus an Leḃíteaċ ḃías táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ; ní ṫréigfe tú é; óir ni ḃfuil roinn ná oiġreaċd aige maille riot.
28¶ A ndeireaḋ ṫrí mblíaḋan do ḃeura tú amaċ deaċṁuiḋ do ḃisiġ uile an ḃlíaḋuin sin féin, agus cuirfe tú a ttaisge í taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ:
29Agus tiucfaiḋ an Leḃíteaċ, do ḃríġ naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd aige maille leaċdsa, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, íosuid agus béid sáiṫeaċ; ċor go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú an gaċ uile obair do láiṁe noċ do ní tú.

Currently Selected:

Deuteronomi 14: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in