Deuteronomi 13
13
Caibidil XIII.
Cloċfuiġṫear an impiḋeaċ ar claonaḋ on ċeart‐ċráḃaiḋ. 12 Scriosfar caiṫreaċa na nioḋal.
1Ma eírġionn ḃar measc fáiḋ, no fear aislingeaḋ dfaicsin, agus go ttiuḃra sé ḋuit coṁarṫa nó iongnaḋ,
2Agus go ttiocfa an coṁarṫa nó an tiongnaḋ a gcríċ, dár laḃair sé riot, ag ráḋ, Déanum do leanṁuin dée oile, (naċ ar ḃfeas duit,) agus déanum serḃis dóiḃ;
3Ní éistfe tú ré bríaṫruiḃ an nfáiġ sin, nó ḟir ḟaicsiona na naislingeaḋ: Oír dearḃuiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía siḃ, dá ḟéaċain an ngráḋuiġeann siḃ ḃur TṪIĠEARNA Día ré ḃur nuile ċroiḋe, agus lé ḃur nuile anum.
4Siuḃoltaoi a ndiáiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus biáiḋ a eagla oruiḃ, coiṁéadfuiḋe a aiṫeanta, agus uiṁleoċtaói dá ġuṫ, agus do ḋéantaói serḃís dó, agus greamoċuiġe ḋe.
5Agus cuirfiġear an fáiḋ sin, nó an brionglóideaċ na naislingeaḋ ċum báis; (do ċionn gur laḃair sé dá ḃur niompóġ ón TTIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ṫug amaċ siḃ as críċ na Hégipte, agus dfúascuil siḃ amaċ as tiġ na daóírsi, dot ṫiomáin amaċ as a tsliġe do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot do siuḃal.) Mar sin ċuirfe tú an tolc an siuḃal as do lár féin.
6¶ Má ḃrostuiġionn do ḋearḃraṫair ṫú, mac do ṁaṫar, nó do ṁac féin, nó hinġion, nó bean hoċda, nó do ċaruid, ḃias ḋuit mar hanum féin, go secréideaċ, ḋá ráḋ, Gluaisiom agus déanum seirḃís do ḋéeiḃ oile, naċ ar ḃfeas duit féin nó dot aiṫriḃ;
7Do na deéiḃ ḃías ag na daóiniḃ gaċa taoiḃ ḋíot, a ḃfogus duit, nó a ḃfad uáit, eaḋon ó ċeann go ċeile don doṁan;
8Ní aóinteoċṫa tú ḋó, agus ni éistfe tú ris; ní mó ḃías truáiġe ag do ṡúil dó, nó ċoigeolus tú é, no ċeilfios tú é:
9Aċ go deiṁim muirfe tú é; sí do láṁ féin ḃeanfus ris ar tús dá ċur ċum báis, agus na ḋiáiġ sin láṁ an ṗobuil uile.
10Agus cloċfa tú lé cloċuiḃ é, ionnus go néugfa sé; do ċionn gur ṫairg sé do ṫiomáin ón TTIĠEARNA do Ḋía, noċ ṫug amaċ ṫú as críċ na Hegipte, as tiġ na daoirsi.
11Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra, agus ní déanuid ní ḃus mó éanċoir mar a nolcsa ḃur measc.
12¶ Má ċluin tú a ccaṫruiġ dá ḃur gcaiṫreaċuiḃ, noċ ṫug an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit dáitreaḃ innte, ġá raḋ,
13Do ċúadar daóine áiriġ, clann ḃélial, amaċ as ḃur measg, agus do ṫairngeadar léo luċd áitriḃ a ccaiṫreaċ, ġá ráḋ, Gluaisiom agus déanum seirḃís do ḋeéiḃ eile, naċ ar ḃaiṫnid daóiḃ;
14Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróċá tú go frioċnaṁaċ; agus, féuċ, más firinne é, agus, go ḃfuil an ní dearḃṫa, go ndearnaḋ a leiṫéid sin daḋḟuaṫṁaireaċd ḃur measc;
15Buáilfe tú go deiṁin muintir na caiṫreaċ sin lé faoḃar an ċloiḋiṁ, léirscrios i, agus gaċ a mbía innte, agus a háirnéis, le faoḃair an ċloiḋiṁ.
16Agus cruinneoċa tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teiniḋ an ċaṫair, agus a héadail uile ó ḃeag go mór, ar son an TIĠEARNA do Ḋía: agus biáiḋ na carn go bráṫ; ní cuirfiġear súas ċoiḋċe i.
17Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;
18¶ A núair ḃéuras tú aire ré guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, do ċoiṁéud a aiṫneaḋ uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart a raḋarc an TIĠEARNA do Ḋía.
Currently Selected:
Deuteronomi 13: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.