Ccolossianaċ 2
2
Caibidil II
Diosbóireaċd ċealgaċ, lé béulaireaċd, agus geasrogaḋ ḋáoine, 20 agus gnaṫaiġte an reaċd, do ṡeaċna.
1Oir do bfearr leam go mbíaḋ a ḟioa aguiḃ créd é méud mo ċoṁruic ar ḃur sonsa, agus ar son na druing atá a Láodicéa, agus ar son na méide naċ ḃfacuiġ maḋuiġ sa ḃfeóil; 2Ionnus go mbíaḋ sólás air ccroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ ḋóiḃ dluṫuiġe ré ċéile a ngráḋ, agus a nuile ṡaiḋḃrios ṡáirḋearḃṫaċd tuisge, ċum éolais rúindíaṁra Dé, eaḋon a Naṫar, agus Críosd; 3Ann a ḃfuilid na huile ionnṁusa eagna agus éolais folaiġe. 4Aċd a deirim so, deagla go meallfaḋ éunduine siḃ ré hóraḋ bríaṫar: 5Oír bíoḋ naċ ḃfuilim ḃur láṫair sa gcoluinn, giḋeaḋ atáim ḃur láṫair sa sbioruid, ag déunaṁ gáirdeaċais agus ag féuċain ḃur nórduiġe, agus ḋaingne ḃur gcreidiṁ a Gcríosd.
6Uime sin aṁuíl do ġaḃaḃair an Tíġearna Iósa Críosd ċuguiḃ, siúḃluiḋ annsan: 7Ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur ḃfollamnúġaḋ ann, agus ar ḃur ndaingniuġaḋ sa gcreideaṁ, do réir mar do ṫeaguisgeaḋ siḃ, ag líonaḋ ann díḃ maille ré breiṫ ḃuíḋeaċais.
8Taḃruiḋ ḃur naire riḃ naċ meallfuiḋ éinneaċ siḃ tré ḟeallsáṁnaċd agus tré ṁealltóireaċd ḋioṁaíun, do réir ṫráċduiġe na ndaóine, do réir ċéudṫosuiġeaḋ an dóṁuin, agus ní do réir Ċríosd. 9Oír atá a nuile iomláine Ḋíaġaċda na cóṁnuiḋe annsan go corparrḋa. 10Agus atá siḃse ar ḃur iomlíonaḋ annsan, noċ as ceann do huile úaċdaranaċd agus do na huile ċúṁaċduiḃ: 11Ann a bfuilti mar an gcéudna timċillgearrṫa ré timċillġearraḋ naċ láiṁḋéunta, ag cur ċuirp ṗeacuiḋ na féola ḋíḃ tré ṫimċillġearraḋ Ċríosd: 12Ar mbeiṫ díḃ aḋluice má ráon ris tré ḃaisdeaḋ, ann a ndearnaḃair eiseirġe fós má raón ris tré ċreideaṁ oibre Dé, do ṫóg é súas ó ṁarḃuiḃ. 13Agus do aiṫḃéoḋuiġ sé siḃse maille rísion, ar mbeiṫ ḋíḃ marḃ a bpeacaiḋiḃ agus a neaṁṫimċillġearraḋ ḃur ḃféola, ag maiṫeaṁ a nuile ṗeacuiḋ ḋíḃ; 14Ar sgríos sgríḃinne na norduiġeaḋ do ḃí ar naḋuiġne ḋó, agus do ḃí contrárrḋa ḋúinne, do ṫóg se as a tsliġe í, ága greamaḋ don ċroiċ; 15Ag fáḋḃaḋ na núaċdaránaċd agus ná gcúṁaċd dó, do ṫaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caiṫréimeaċ ós a gcionn.
16Uime sin ná daṁnuiġeaḋ éínneaċ siḃ ar son ḃíḋ, ná ḋíġe, ná a dtáoḃ láe saóire, ná fan ré nuáiḋ, ná a dtáoḃ na sabbóideaḋ: 17Naċ ḃfuil aċd na sgáile do na neiṫiḃ atá ċum teaċda; aċd is lé Críosd an corp. 18Ná meallaḋ éunduine siḃ a núṁlaċd inntinne agus a dtaḃair onóra daingliḃ, ḋá ṡáṫaḋ féin sna neiṫiḃ naċ ḃfacuiḋ sé ríaṁ, ar na líonaḋ go dioṁaóin ré hinntinn a ċolla féin, 19Agus naċ ccongṁann sé an Ceann, as a ḃfáġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó gan uireasḃaiḋ dlíṫuiġe ré ċéile, tré altuiḃ, agus tré ċoiṁċeangaltuiḃ, fás tré ḟás Dé.
20Uime sin má fúaraḃair bás má ráon ré Críosd ó ċéudṫosuiġiḃ an doṁáin, créd, fá ḃfuil siḃ mar ḋaóiniḃ ċaiṫeas a mbeaṫa sa sáoġal, ag leanṁuin dórduiġṫiḃ, 21Ná bean ris; na blais; na láiṁsiġ; 22Noċ ṫéiḋ uile a dtruáilleaḋ ré na gcleaċdaḋ; do réir aiṫeantaḋ agus ṫeaguisg na ndaóine? 23Neiṫe agá mbí cáil éagna orrṫa, sa seirḃís ċúmuid daóine úaṫa féin, agus a núṁlaċd inntinne, agus a neaṁċoigilt an ċuirp; ní a nonóir air biṫ do ṡásaḋ na colla.
Currently Selected:
Ccolossianaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.