Agus do aiṫḃéoḋuiġ sé siḃse maille rísion, ar mbeiṫ ḋíḃ marḃ a bpeacaiḋiḃ agus a neaṁṫimċillġearraḋ ḃur ḃféola, ag maiṫeaṁ a nuile ṗeacuiḋ ḋíḃ; Ar sgríos sgríḃinne na norduiġeaḋ do ḃí ar naḋuiġne ḋó, agus do ḃí contrárrḋa ḋúinne, do ṫóg se as a tsliġe í, ága greamaḋ don ċroiċ