YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 27

27
Cabidil XXVII
Luingséoraċd Ṗóil, 41 agus an luingḃriste, 44 aċd tárrfuid na daóíne fa ṫír slán.
1Agus ar ttaḃairt breaṫa ḋóiḃ go seolfamaóis gus an Neadáill, tugadar Pol agus bráiġde áiriġe eile, do ċaiptin ḃanna Agustus, dár ḃainm Iúlius. 2Agus ar ndul dúinn a luing do longaiḃ Adramitium, do ċuireamar roṁuinn, séolaḋ ré táoḃ ċósdaḋ na Hásia; agus do ṫógḃamar ar séolta, agus do ḃí Aristarcus Macedónaċ ó Ṫessalonica, ann ar gcuideaċda. 3Agus an na ḋiáiġ sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeiṫ go muinntearrḋa ré Pól do Iúlius, dfulaing sé ḋó ḋul dfios a ċarad ċum coṁfurtaċda dfaġail úaṫaḋ. 4Agus ar nimṫeaċd ḋúinn as sin, do ṡéolamar ré taóiḃ Ċípruis, do ḃríġ go raiḃ an ġáoṫ contrarrḋa ḋúinn.
5Agus ar séolaḋ ḋúinn trés an ḃfairrge láiṁ ré Cilícia agus ré Pamṗília, tangamar go Míra, caṫair a Lícia. 6Agus ar ḃfaġáil luinge don ċaiptin ó Alecsandria ann sin do ḃí ag triali do Neadáill; do ċuir sé sinne innte. 7Agus ar mbeiṫ ḋúinn morán do laeṫiḃ ag séolaḋ go mall, agus ar dteaċd dúinn ar éigin as coṁair Ċníduis, do ḃríġ nar leig an ġáoṫ ḋúinn, do ṡéolamar a ngar do Ċréta, láiṁ ré Salmóne; 8Agus, ar séolaḋ ṫairis dúinn ar éigin, tangamar go hionad áiriġe dá ngoirṫear Na cúanta bréaġa; dar ḃfogus caṫair Laséa.
9Agus ar gcaiṫeaṁ ṁórain aimsire ḋúinn, agus ar mbeiṫ ḋár luingséoraċd ċeana gúasaċdaċ, do ḃríġ an troisgiḋ do ḋul ċeana ṫorainn, do ḃí Pól ccoṁairli uġaḋ, 10Ag ráḋ ríu, A ḋaóine, do ċím go mbiáiḋ ḃur luingséoraċd maille ré dóċar agus ré dul amúġa mór, ní hé aṁáin na iadála agus na luinge, aċd ar nanmann féin mar an gcéudna. 11Giḋeaḋ is mó do ċreid an caiptin an túaċdarán agus maiġisdir na luinge, ná na neiṫe a duḃairt Pól. 12Agus ar mbeiṫ don ċúan neaṁġaraṁail aca re hanṁuin ann sa ġeiṁreaḋ, do rinniḋ a norṁór do ċoṁairle sgaóileaḋ as, dféuċain an ḃféudfaidis air éanċor teaċd go Ṗenice, ċum an ġeiṁriḋ do ċaiṫeaṁ ann; cúan do ċúantuiḃ Ċrétá, atá ar na ṡuiḋuiġaḋ a níardndeas agus a níardtuáiḋ.
13Agus ar séideaḋ go cíuin don ġáoiṫ a ndeas, ar na ṡáoilsin dóiḃsean go néiréoċaḋ a dturas ríu, ar dtógḃáil a séoltaḋ ḋóiḃ, do ṡéoladar ní sa ġoire do Ċréta. 14Aċd go haiṫġearr na ḋiáiġ sin do ṡéid gáoṫ sdoirmeaṁail, do ḃí na gáoiṫ a noirdṫuáiḋ ar a noiléun. 15Agus ar mbeiṫ don luing dá fúadaċ, agus gan neart aice cur a naġaiḋ na gáoiṫe, ar na léigean ris an ngáoiṫ do ṡéoil roiṁe. 16Agus ar ndul a sdeaċ go dían dúinn fá oileun ḃeag áiriġe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád: 17Noċ do ṫógḃadar súas, agus do ḟéuċadar gaċ uile ġléus caḃarṫa, ag creasuġaḋ na luinge fáoiṫe; deagla go mbuáilfedís a ngaineaṁ béo, agus ar léigean a séolta síos dóiḃ, do hiomċraḋ íad mar sin. 18Agus ar mbeiṫ ḋúinn an na ḋiaiġ sin, dár dteilgean ó ṫoinn go toinn rés dóirm ro ṁóir, do ṫeilgeadar a nearruiḋe amaċ; 19Agus an treas do ṫeilgeamar amaċ lé ar láṁuiḃ oirnéis na luinge féin. 20Agus ar mbeiṫ don ġréin agus do na réultaiḃ gan soillsiuġaḋ ḋúinn móráin do láeṫiḃ, agus ar luiġe do sdóirim nár ḃeag orainn, rugaḋ uáinn gaċ uile ḋóṫċas caḃarṫa dá raiḃ aguinn ó sin amaċ.
21Agus ar mbeiṫ ḋúinn a ḃfad gan bíáḋ, do ṡeas Pól iona meaḋon, agus a duḃairt sé, A ḟeara, do ḃfearr ḋáoiḃ aire do ṫaḃairt ḋaṁsa, agus gan sgáoileaḋ ó Ċrétá, ionnus go seaċónaḋ siḃ an doċarsa agus an dioġḃáil. 22Agus a nois guiḋim siḃ fá ṁeisniġ ṁaiṫ do ḃeiṫ agaiḃ, óir ní ċaillfiḋ éunduine agaiḃ a anum, aċd an lúng aṁáin. 23Oír do ṡeas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serḃís, sa noiḋċe a noċd láiṁ rium, 24Ag ráḋ, Na bíoḋ eagla ort, a Ṗóil; is éigean duit seasaṁ a laṫair Ṡéasair: agus, féuċ, do ṫioḋlaic Dia ḋuit an ṁéid ṡéolus maille riot. 25Uime sin, a ḟeara, bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agaiḃ: óir creidimse Día, gurab aṁluiḋ ḃías sé mar a duḃraḋ leam. 26Ṫairis sin, is éigeann dúinn búalaḋ fá oiléun áiriġe.
27Agus ar dteaċd don ċeaṫraṁaḋ oiḋċe déug, ar mbeiṫ ḋúinn dar dteilgean ó ṫoinn go toinn ag Adriá, a dtimċeall ṁeaḋóin oiḋċe do ṡáoileadar na mairnéulaiḋ go raḃadar ḃfogus do ṫír éigin; 28Agus ar léigean an luáiḋe sios dóiḃ, fúaradar é na ḟiċíd fead ar ḋoiṁne: agus ar ndul as sin beagán dóiḃ, ar léigean an luáiḋe síos arís dóiḃ, fúaradar é na ċúig ḟeadaiḃdéug. 29Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ eaglaċ fá ḃúalaḋ fá ionadaiḃ garḃa, ar dteilgean ceiṫre nancaireah ó ḋeireaḋ na luinge ḋóiḃ, do bfearr léo go mbíaḋ an lá ann.
30Agus ar mbeiṫ do na mairnéulaċaiḃ ar tí teiṫeaṁ as an luing, agus ar léigéan an ḃáid síos dóiḃ sa ḃfairrge, mar do ḃedís ar tí ancaireaḋ do ṡíneaḋ amaċ ó ṫosaċ na luinge, 31A duḃairt Pól ris an gcaiptin agus ris na saiġdiuiriḃ, Muna ḃfanaid so sa luing, ní héidir síḃse ṡáḃáil. 32Do ġearradar na saiġdiúiri an sin téuda an ḃáid, agus do léigeadar ḋó tuitim amaċ.
33Agus an feaḋ do ḃí an lá ag éiriġe, tug Pól do ċoṁairle ḋóiḃ uile bíaḋ do ċaiṫeaṁ, ag ráḋ, A sé so an ceaṫraṁaḋ lá déug ḋíḃ ag fuireaḋ ḃar dtrosgaḋ, gan ḃíaḋ ar bíṫ do ċaiṫeaṁ. 34Uime sin guiḋim siḃ fá ḃíaḋ ċaiṫeaṁ: óir is ní ḃeanus ré ḃur slainte é: óir ní raċaiḋ ruáinne cinn éunduine aguiḃ a múġa. 35Agus ar ráḋ na neiṫeaḋ so ḋó, agus ar nglacaḋ aráin, rug sé buiḋeaċas ré Día na ḃfíaḋnuise uile: agus ar mbriseaḋ a naráin dó, do ṫionnsgain sé a iṫe. 36Ann sin ar ngaḃáil meisniġe ċuca do cáċ uile, do ċaiṫeadar bíaḋ mar an gcéudna. 37Agus a sé uiḃir ḋáoine do ḃámair sa luing ḋa ċéd sé fir ḋéug agus trí fiċid.
38Agus tar éis a saiṫ bíḋ do ċaiṫeaṁ ḋóiḃ, do éudromuiġeadar an lung, ar dteilgean na croiṫneaċda amaċ fán ḃfairge. 39Agus ar néirġe don ló, ní raiḃ fios na tíre sin aca: aċd tugadar calaḋ áiriġe ḋa naire ann a raiḃ tráiġ, ann ar áontuiġeadar, an lung do ṡaṫaḋ, dá maḋ éidir ríu. 40Agus ar dtógḃáil na nancaireaḋ ḋóiḃ, do léigeadar an lung fán ḃfairge, agus ar sgáoileaḋ ċeangluiġṫeaḋ na sdiúire ḋóiḃ, mar an gcéudna, do ṫógḃadar an príoṁṡeól ris an ngáoiṫ, agus do ṫríalladar ċum na tráġa. 41Agus ar dteagṁáil a nionad ḋóiḃ ionar ḃuáil dá ḟáirrge fá ċéile, do ḃuáileadar an lung fá ṫalaṁ; agus ar ndaingniuġaḋ do ṫosaċ na luinge, dfan sí gan ċorruġaḋ, agus do sgaoileaḋ a deireaḋ ó ċéile ré haiṁneart na dtonn.
42Ann sin do rinneadar na saiġdiúiri do ċoṁairle na braiġde do ṁarḃaḋ, deagla go mbéuraḋ a ṡnáṁ éunduine aca as: 43Aċd ar mbeiṫ don ċaiptín, fonnṁar ar Ṗól do ṡaḃáil, do ṫoirmisg sé iad ón gcoṁairlesi; agus do aiṫin sé don luċd do ḟéud snáṁ íad féin do ṫéilgean amaċ ar tús, agus dul a dtir: 44Agus do ċáċ eile, cuid díoḃ aír ċláraiḃ, agus cuid eile ar ċotannaiḃ brisde áiriġe don luing. Agus tárrla mar sin go ndeaċadar uile slán fá ṫír.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 27: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in