Gníoṁarṫa 26
26
Caibidil XXVI
Pol ag laḃairt a ttimċeall Ċríosd go neartṁar a néisdeaċt Agrippá. 30 Do ṁeasadar an eireaċd neimċiontaċ é.
1Agus a duḃairt Agrippa ré Pól, As ceadaiġeaċ ḋuit laḃairt ar do ṡon féin.
Ann sin ar síneaḋ a láiṁe amaċ do Ṗól, do ḟreagair sé dá ṡáoraḋ féin: 2Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó ḃeiṫ a niúġ ċum laḃarṫa ar mo ṡon féin ad ḟíaḋnuisise sna huile neiṫiḃ ann a néiliġid na Iúdaiġe mé: 3Go mórṁór do ḃríġ gur feasaċ ḋaṁ, ṫusa do ḃeiṫ eólġaċ a nuile ġnáṫaiġiḃ agus ċeasduiḃ na Niúdaiġeaḋ: ar a naḋḃarsin guiḋim ṫú fá éisdeaċd ríum go foiġideaċ. 4Is aiṫne do na Iúdaiġiḃ uile, mo ḃeaṫasa ó móige, agus cionnus do ḃí sí a measg mo ċiniḋ féin a Niárusalém ó ṫosaċ; 5Noċ do aiṫin mé roiṁe so, (dá maḋ áil ríu fíaḋnuise do ḋéunaṁ,) ar mbeiṫ ḋaṁ am Ḟṗairisineaċ ó mó ṡinnsearaiḃ do réir ríaġla a núird ro ḋíriġse aguinne. 6Agus a nois seasuim ar mbeiṫ ḋaṁ dom éiliuġaḋ tré ḋóṫċus na geallaṁna do rinne Día dár naiṫriḃ: 7Ré a ḃfuil súil ag ar nda ṫreiḃ ḋéugne, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋía do ló agus dóiḋċe go gnáṫaċ. Is do ṫáoḃ an dóṫċais sin, a rí Agrippa, eiliġid na Iúdaiġe misi. 8Créd fá a measdar riḃse mar ní díċreidṁeaċ, go ndúisiġeann Día na mairḃ? 9Go deiṁin do ṁeas misi ionnam féin, gur ċóir ḋaṁ mórán do neiṫiḃ contrarrḋa do ḋéanaṁ a naġaiḋ anma Iósa Nasárrḋa. 10Noċ do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do ċuir mé iomad do na náoṁuiḃ a bpríosúnaiḃ, ar ḃfaġáil cúṁaċd ḋaṁ ó úaċdaránaiḃ na sagurt; agus an tan do básuiġeaḋ íad, tug misi máonta. 11Agus ag taḃairt pionúis dóiḃ go minic trés na huile ṡinagogaiḃ, do ċoiṁéigniġ mé íad, ċum blasṗéime laḃairt; agus ar ndul daṁ tar ṁoḋ ré buile na naġaiḋ, do rinne mé gérleanṁuin orrṫu a gcaiṫreaċaiḃ coigcríċe.
12Fá a namsin ar mbeiṫ ḋaṁ fós ag dul go Damascus lé cúṁaċdaiḃ agus lé barántus na nárdsagurt, 13Do ċunairc mé a rí a meaḋon láoi sa tsliġe solus ó neaṁ, bá mó ná soillse na gréine, noċ do ḋeallruiḋ um ṫimċeallsa agus a dtimċeall na druinge do ḃí um ḟoċair sa tsliġe. 14Agus ar dtuitim ḋúinn uile ar talaṁ, do ċúalaiḋ mé gúṫ ag laḃairt riom, agus ag ráḋ sa dteangaiḋ Eaḃra, A Ṡáuil, a Ṡáuil, créd fa ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum? is cruiḋ ḋuit beiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ ḋealg. 15Agus a duḃairt misi, Cía ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision, Is misi Iósa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin. 16Aċd éiriḋ súas, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige so do ḟoillsiġ mé féin duit, do ċum go nóirdeóċainn ṫú ad oglaċ agus ad ḟiaḋnuise, ní hé aṁáin ar na neiṫiḃ do ċunnairc tú, aċd mar an gcéudna ar na neiṫiḃ ann a ḃfoillseóċar ḋuit mé; 17Dod ṡáoraḋ on bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, ċum a ḃfuilim anois dod ċur, 18Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.
19Uime sin, a rí Agrippa, ní raiḃ mé easuṁal don táiḋḃse neaṁḋa: 20Aċd do ḟógair mé do luċd Ḋamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feaḋ région ṫíre Iúdaiġe go huiliḋe, agus do na Cineaḋaċaiḃ, aiṫreaċus do ḋéanaṁ agus filleaḋ ċum Dé, ag déunaṁ oibreaċa iomċúḃaiḋ don aiṫriġe. 21Ar son na naḋḃarsa do rugadar na Iudaiġe sa teampall oram, agus do ċuireadar rompa mo ṁarḃaḋ. 22Giḋeaḋ tug Día coḃáir ḋaṁ, agus do ṡeas mé gus a niu, ag déunaṁ fíaḋnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a ráḋ ḋaṁ aċd na neiṫe a duḃradar na fáiḋe agus Maóisi do ḃeiṫ ċum teaċda: 23Go ḃfuiléongaḋ Críosd, agus go maḋ hé céidneaċ do éiréoċaḋ ó ṁarḃaiḃ é, agus go ḃfoillséoċaḋ sé solus don ṗobalsa, agus do na Cineaḋaċaiḃ.
24Agus ar mbeiṫ ḋó ag ráḋ na neiṫeaḋsa ar a ṡon féin, a duḃairt Festus do ġúṫ ṁór, Atá tú ar buile, a Ṗóil; cuiriḋ iomad foġlomaṫa ré cúṫaċ ṫú.
25A duḃairt Pól an tan sin; A Ḟéstuis ro oiḋeirc, ní ḃfuilimse ar buile; aċd laḃruim bríaṫra na fírinee go céilliġe. 26Oír atá fios na neiṫeannsa ag an rí, agá laḃraimse go dána na laṫair: óir ní ṡaóilim go ḃfuil ainḃfios éainneiṫe ḋíoḃ so air; oír ní a gclúid do rinneaḋ so. 27A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáiḋe? Atá a ḟios agam go gcreidir.
28A duḃairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag náċ ttairrngeann tú mé ċum ḃeiṫ am Ċríosduiġe.
29Agus a duḃairt Pól, Do bfearr leam go ḃfaġuinn daṫċuinge ó Ḋía, ní hé aṁáin ṫusa, aċd mar an gcéudna an ṁéid éisdeas riom aniu, ḃeiṫ go híomlán, cosṁail ríom féin, aċd na geiṁleaċasa aṁáin.
30Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiriḋ an rí súas, agus an túaċdarán, agus Bernice, agus an dream do ṡuiḋ na ḃfoċaire. 31Agus ar ndul do leaṫtaóiḃ ḋóiḃ, do laḃradar ré a ċéile, ag ráḋ, Ní ḋéunann an fearso éin ni ṫuilleas bás nó cuiḃriġṫe. 32Agus a duḃairt Agrippa ré Festus, Do béidir an fearso do léigean fá réir, muna ḃeiṫ go ndeaċaiḋ sé ar ċómairce Ṡéasair.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 26: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.