YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 21

21
Caibidil XXI
Tairrġire Agabuis iom ċuiḃreaċ Ṗoil, 17 neaċ ar ċuireadar tám a Niárusalem.
1Agus tárlá, ar ndealuġaḋ ríusan dúinn, gur ṡeólamar roṁuinn, agus tangamar go díreaċ go Cóos, agus ar na ṁáraċ go Rhódus, agus as sin go Patára. 2Agus ar ḃfaġáil luinge ḋúinn ann sin do ḃí ag tríall go Ṗeníce, do ċúamar innte, agus do ṡeólamar roṁainn.
3Agus ar dteaċd a raḋarc Ċípruis, agus ar na ḟagḃail air ar láiṁ ċlí ḋúinn, do ṡeólamar go Síria, agus tangamar as sin go Tírus: óir as ann sin bá mián leis an luing a lasd do ċur amaċ. 4Agus ar ḃfaġáil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seaċdṁuinn ann: agus duḃradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém. 5Agus ar gcríoċnuġaḋ na laéṫeaḋ sin, do ṫríallamar roṁain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideaċda as an gcaṫruiġ amaċ: agus do leigeamar air ar nglúiniḃ sinn ar an dtráiġ, agus do rinneamar urnuiġe. 6Agus tar éis a ċéile do ṗógaḋ ḋúinn, do ċúamar sa luing; agus dfilleadarsan dá dtiġṫiḃ féin.
7Agus ar gcríoċnuġaḋ ar loingséoreaċda ḋúinn, tangamar ó Ṫírus, go Ptolemáis, agus ar mbeannúġaḋ do na bráiṫriḃ ḋúinn, dfanamar lá na ḃfóċair.
8Agus ar na ṁáraċ ar nimṫeaċd dúinn do ḃí do ċuideaċda Ṗoil, tangamar go Séasáreá: agus ar ndul á steaċ ḋúinn go tiġ Ṗilib an suiḃisgél, (noċ do ḃí don ṁóirṡeisear;) dfanamar aige. 9Agus do ḃádar ceaṫrar maiġdean, dinġeanuiḃ aigesion, noċ do níoḋ faiḋeadóireaċd.
10Agus ag fuireaċ dúinne mórán do láeṫiḃ, táinic fáiḋ áiriġe ó ṫír Iúdaiġe, dár ḃainm Agabus. 11Agus ar dteaċd ċugainne ḋó, do ġlac sé crios Ṗóil, agus ag ceangal a láṁa agus a ċosa féin, a duḃairt sé, Mar so a deir an Spiorad Náoṁ, Is ar an gcorsa ċeingéoluid na Iúdaiḋe an té lér leis an ċrios so a Niarusalém, agus do ḃéuruid síad a láiṁ na Gcineaḋaċ é. 12Agus an tan do ċúalamar na neiṫesi, díarramair féin, agus luċd na háite sin air, gan dul súas go Hiarusalém.
13Do ḟreaguir Pól ann sin, Créd do ḃeir siḃsi ag gul agus ag briseaḋ mo ċróiḋesi? óir atáimsi ullaṁ, ní ċum ḃeiṫ cuíḃriġe aṁáin, aċd mar an ccéudna ċum báis dfulang a Niarusalém ar son anma an Tiġearna Iósa. 14Agus an tan nar ġaḃ sé cóṁairle, do sguireamar, ag ráḋ, Déantar toil an Tiġearna.
15Agus tar éis na láeṫeaḋsa ar mbeiṫ ullaṁ ḋúinn, do ċúamar súas go Hiarusalém. 16Agus tangadar cuid do na deisciobluiḃ linn ó Ṡéasaréa, agus tugadar seindeisciobal áiriġe léo, dár ḃainm Mnason do rugaḋ a Cíprus, aga mbeimís ar ósda.
17Agus ar dteaċd go Hiarusalém dúinn, do ġaḃadar na bráiṫre ċuca sinn go lúaṫġáireaċ. 18Agus ar na ṁáraċ do ċúaiḋ Pól maille rinne a steaċ mar a raiḃ Séumus; agus do ċruinniġeadar na sinsir uile ann sin. 19Agus ar mbeannuġaḋ ḋóiḃ do Ṗól, dinnis sé a ndiáiġ a ċéile créd do rinne Día tré na ṡeirḃís féin a measg na Gcineaḋaċ.
20Agus ar na ċlós so ḋóiḃsion, tugadar glóir don Tiġearna. Agus a duḃradar ris, Do ċí tusa, a ḃráṫair, ga ṁéud míle do na Iúdaiḋiḃ ṫáinic ċum creidiṁ; agus átaid uile lán do ġráḋ an reaċda: 21Agus do ċúaladar ortsa, go dteagasgann tú do gaċ uile Iúdaiġe dá ḃfuil a measg na Gcineaḋaċ Maóisi do ṫréigean, agus go nabuir tú naċ cóir ḋóiḃ a mic do ṫimċeallġearraḋ, na siuḃal do réir an ġnáṫuiġe. 22Ar a naḋḃarsin créd ḋéanfuiġear? gan aṁarus as éigin don ṗobal cruinniuġaḋ a gceann a ċéile: óir cluinfíd síad go dtáinic tusa. 23Ar a naḋḃarsin déuna an nísi a deirmídne riot: atáid ceaṫrar feár aguinne air a ḃfuil móid; 24Beir íad so leaċd, agus glantar ṫú maille ríu, agus caiṫ léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aiṫéonaiḋ gaċ uile ḋuine, naċ ḃfuil éifeaċd ann ar cuireaḋ ort; aċd go sioḃlann tú féin ag coiṁéud an reaċda. 25Aċd a dtáoḃ ar ċreid do na Cineaḋaċuiḃ, do sgríoḃamairne agus dórdaiġeamar ḋóiḃ gan a leiṫéid sin do ġnáṫuġaḋ, aċd aṁáin íad féin do ċoiṁéd ó gaċ íoḋbarṫar díoḋaluiḃ, agus ó ḟuil, agus ó néiṫiḃ taċduiġe, agus ó sdríopaċus.
26Ann sin rig Pól na fir leis, agus ar na ṁáraċ ar na ġlanaḋ maille ríu do ċuáiḋ sé don teampoll ag foillsiúġaḋ ċoiṁlíonta láeṫeaḋ an ġlanta sin, nó go dtúgṫáoi ofráil ar son gaċ áonduine aca.
27Agus tar éis na seaċd lá sin do ċoiṁlíonaḋ aċd beag, do ċunncadar na Iúdaiġe ó Násia, eisean ann sa teampoll, agus do ḃogadar an ṗobal úile, agus ċuireadar laṁa ann san, 28Ag éiġṁe, Cóḃair, a ċlanna Isráel: A sé so an fear, ṫeaguisgeas an gaċ uile áir a naġuiḋ an ṗobuil, agus an reaċda, agus na háitesi: agus tuilleaḋ eile fós tug sé Gréuguiġ a steaċ don teampoll; agus do ṡaluiġ sé a náit náoṁṫasa. 29(Oír do ċunncadar Troṗimus Eṗesíanaċ na ḟoċuirsean na ċaṫraiġ, roiṁe sin, noċ do ṡáoileadar go dtug Pól ċum an teampuil é.)
30Uime sin do ḃuáiḋreaḋ an ċaṫuir uile, agus do riṫ an pobal a gceann a ċéile: agus ar mbreiṫ air Ṗól dóiḃ, do ṫairngeadar amaċ as a teampoll é: agus ar an mball do híaḋaḋ na doirsi. 31Agus an tan do ḃreaṫnúiġeadar a ṁarḃaḋ, táinic sgéula go hárdċaiptín an ḃanna, go raiḃ Iarusalém uile ar na buáiḋreaḋ. 32Agus ar an mball rug seisean saiġdiúiriġe agus caiptiniġe leis, agus do riṫ sé ċucasan: agus an tan do ċunncadarsan an túaċdarán agus na saiġdiúiri, do sguireadar do ġaḃáil ar Ṗól. 33Ann sin ar ndruíd ris do núaċdarán, rug sé air, agus daiṫin sé á ċeangal lé ḋá ṡlaḃraḋ; agus dfíafruiġ sé cia hé, agus créd do rinne sé.
34Agus do éiġ cuid mar so, agus cuid mar súd, a measg an ṗobail: agus mar nár ḃéidir leision deiṁín sgéul dfaġáil do ḃríġ na buáiḋearṫa, daiṫin sé eisean do ḃréiṫ don ċaisléun. 35Agus tárla ar dteaċd do Ṗól, ċum an sdaiġre, gur iomċradar na saiġdiúiriġe é air son foiréigin an ṗóbail. 36Oír do lean mórán don ṗobal é, ag éiġṁe, Beir uáinn é.
37Agus an tráṫ do ḃí Pól dá ḃréiṫ a steaċ don ċaisléun, a duḃairt sé ris a núaċdarán, An ceadúiġeaċ ḋaṁ ní laḃuirt riot? Agus a duḃairt seision, An laḃrann tú Gréigis? 38An né naċ tusa an Téigipteaċ, do ṫóg ceannairrce ṁór roiṁe so, agus do ṫréoruiġ ceiṫre ṁíle fear do luċd fionġoile leaċd ar an ḃfásaċ? 39Agus a duḃairt Pól, Gán aṁarus as Iúdaiġe misi ó ċaṫruiġ ro oirḋeirc Ṫarsus, na Cilícia, agus, guiḋim ṫusa, fulaing ḋaṁ laḃuirt ris an bpóbal. 40Agus an tan tug sé cead dó, ar seasaṁ do Ṗól ar a sdaíġre, do sméid sé lé na láiṁ ar an bpobal. Ag íarraiḋ éisdeaċda, agus ar ndéanaṁ cíuínis ṁóir ḋóiḃ, do laḃuir sé sa teanguiḋ Eaḃra ríu, ag ráḋ,

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 21: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in