Gníoṁarṫa 20
20
Caibidil XX
Pol ar togḃail Eutiċus an ḃás, 17 agus ar gairm sinnsear na Heṗesuis go Miletum ċuir sé tréd Dé mur úalaċ uirrṫe, agus ġaḃ cead diḃ.
1Agus tar éis na ceannairce do ċosg, do ġoir Pól na deisciobail ċuige, agus air ngaḃáil a ċeada ríu, da ṫríall sé dul úaṫa go Macedónia. 2Agus ar ndul trés na críoċuiḃsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briaṫar, táinic sé don Ġréig, 3Agus ar mbeiṫ ḋó trí ṁí ann sin. Ar gcur lúiġeaċáin do na Iúdaiġiḃ air, mar do ḃi faói dul a luing go Síria, do ċuir sé roíṁe filleaḋ tar a ais go Macedónia. 4Agus do ċuáiḋ ris na ċuideaċda gus a Násia Sopater ó Ḃeréa; agus do luċd Tessalónica, Aristarċus agus Secundus; agus Gáius ó ċaṫruiġ na Deirbe, agus Timotéus; agus do luċd na Hasia, Tiċicus agus Troṗimus. 5Do imṫiġeadar so roṁainne dfanadar rinn a Dtróas.
6Aċd do ċúamairne a luing ó Ṗilippi tar éis láeṫe a naráin gan laiḃín, agus tangamar ċucasan go Tróas a gcionn ċúig lá; agus dfanamair ann sin ar feaḋ seaċdṁuíne. 7Agus an céud lá don tseaċdṁuin, ar gcruinniuġaḋ do na deisciobluiḃ a gceann a ċéile, do ḃriseaḋ arain, do ḃriġ go raiḃ fáoi Ṗól imṫeaċd úaṫa lá ar na ṁáraċ; do rinne sé seanmóir go meaḋón oiḋċe. 8Agus do ḃádar mórán lóċrann a séomra árd, ann ar ċruinniġeadar a gceann a ċéile.
9Agus do ṡuiḋ ogánaċ áiriġe dár ḃainm Eutiċus ar fuinneóig, air dtuitim na ċodlaḋ go trom: agus ar mbeiṫ do Ṗól a ḃfad ag déunaṁ seanmóra, air na ṡáruġaḋ tré ċodlaḋ, do ṫuit sé síos ón treas lota, agus do tógḃaḋ súas marḃ é. 10Agus ar ndul do Ṗól síos, do luiġ sé air agus ar na ḟásgaḋ ris dó, a duḃairt sé, Na bíoḋ buáiḋreaḋ ar biṫ oruiḃ; óir atá a anum ann. 11Agus ar ndul do Ṗól súas do ḃris sé arán, agus a duáiḋ sé, agus do rinne sé coṁráḋ fada, go dtáinic máidin, dimṫiġ sé ann sin. 12Agus tugadarsan an tóganaċ léo na ḃeáṫuiġ, agus níor ḃeag a ngáirdeaċus.
13Aċd ar ndul a luing ḋúinne do ṡéolamar go Hassós, ar ċor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduiġ sé é, ċum go nimṫeaċaḋ sé féin da ċóis. 14Agus a núair ṫárla sé oruinn a Nassos, ar na ḃreiṫ linn dúinn, tangamar go Mitiléne. 15Agus ag séolaḋ ḋúinn as sin, tangamar lá ar na ṁáraċ as coṁair Ċiós; agus an lá na ḋiáiġ tangamar a dtir a Sámos, agus dfanamar a Dtrogillium, agus tangamar lá ar na ṁáraċ go Milétum. 16Oír do ċuir Pól roiṁe seólaḋ ré táoḃ Eṗesus, deagla go gcuirfiḋe moill ar biṫ air ann sa Násia: oír do ḃí deiṫfir air, ċum da maḋ éidir ḋó é, go mbíaḋ sé a Níarusalém fa Ċingcís.
17Agus ag cur feasa úaḋa ó Ṁilétum go Heṗesus, do ġoir sé sinnsir na heagluisi. 18Agus mar ṫangadar ċuige, a duḃairt sé ríu, Atá a ḟios aguiḃsi, cionnus do ḃí misi ḃur ḃfoċuir ann gaċ uile aimsir, ón ċéud la ṫáinic mé do Násia, 19Ag déunaṁ seírḃisi don Tiġearna maille ré gaċ uile úṁlaċd intinne, agus maille ré mórán déur, agus caṫaiġe, noċ do éiriġ ḋaṁ do ḃríġ ċéilge na Niúdaiġeaḋ: 20Agus nár ċongnaiṁ mé ní ar biṫ go folaiġṫeaċ dár ḟóguin, gan a ḟoillsiuġaḋ ḋíḃ, agus gan ḃur dteagasg go puibliḋe, agus ó ṫíġ go tíġ, 21Ag déunaṁ fíaḋnuisi do na Iúduiġiḃ agus do na Gréugaċuiḃ, fá ḟilleaḋ ċum Dé a naiṫriġe, agus a gcreideaṁ ar Dtiġearna Iósa Críosd. 22Agus féuċ, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a ḟios agum créd ṫeigéuṁus ḋaṁ ann: 23Aċd aṁáin go ndéunann an Spiorad Náoṁ fíaḋnuisi ann gaċ uile ċaṫruiġ ḋaṁ, ag ráḋ go ḃfuilid geiṁleaċa agus míoṡuaiṁneas ag fúireaċ leam. 24Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé. 25Agus féuċ, a nois, atá a ḟios agam, naċ ḃfaicfiḋ éunduine aguiḃsi, air ar ṡioḃail mé ag seanmóir ríoġaċda Dé, maġaiḋ ó so amaċ. 26Ar a naḋḃarsin cuirim a ḟíaḋnuisi oruiḃse a niuġ, go ḃfuilim glan ó ḟuil na nuile ḋáoine. 27Oír níor ṡeaċain mé coṁairle Dé ḟoillsiuġaḋ ḋíḃ go hiomlán.
28Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin. 29Oír atá a ḟios so agamsa, tar éis misi imṫeaċd go dtiocfuid madruiġ allta ġéura ḃur measg, naċ coigeóla an tréd. 30Agus fós éireóċuid dáoine ḋíḃ féin, noċ laiḃeórus neiṫe sáoḃa, ċum deisciobal do ṫarruing na ndiáiġ. 31Ar a naḋḃarsin déunaiḋ faire, agus cuiṁniġiḋ, nár sguir misi ar feaḋ ṫrí mbliaḋan ag teagusg gaċ áon díḃ do ló agus doiḋċe maille ré déuruiḃ.
32Agus a nois, a ḃráiṫréaċa, cuirim siḃ ar cumairce Dé, agus ḃríaṫar a ġrás, noċ ḟéudas ḃur dtógḃáil súas, agus oíġreaċd do ṫaḃuirt díḃ a ḃfoċair na nuile náoṁ. 33Níor ṡanntaiġ mé airgead, ná ór, ná éudaċ ḋuine ar ḃiṫ. 34Is aiṫne ḋíḃsi féin, gur ab íad na láṁasa do ṡoláṫair ḋaṁ gaċ ní ḋá raiḃ na riáċdanus orum féin, agus ar a raiḃ am ḟoċair. 35Do ḟoíllsiġ mé ḋíḃ ann sna huile neiṫiḃ, gur ab ag sáoṫruġaḋ mar so is cóir ḋáoiḃ cungnaṁ leis ná hanḃfannuiḃ, agus bríaṫra an Tiġearna Iósa do ċuiṁniuġaḋ, mar a duḃairt sé, Is mó as beannaiġe ní do ṫaḃuirt ná do ġlacaḋ.
36Agus an tan a duḃairt sé na bríaṫraso, agá léigean féin ar a ġlúiniḃ, do rinne ré urnaiġe maille riúsan uile. 37Ann sin do ġuileadar uile go mór, agus ag luiġe ar ṁuinéul Ṗóil, do ṗógadar é, 38Ag deanaṁ tuirse go morṁór fan mbréiṫir a duḃairt sé, Naċ ḃfaicfidís a aġaiḋ ó sin súas. Agus do ċúadar leis gus an luing.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 20: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.