II Timóteuis 3
3
Caibidil III
Na haimseara báoġlaċ ré teaċd. 16 Fós úġdar agus eifeaċd na sgriobtúr.
1Agus bíoḋ a ḟios so agad, go dtiucfuid aimseara báoġlaċa sna laeṫiḃ déiġeanaċa. 2Oír béid dáoine róċeanaṁuil orrṫa féin, sanntaċ, aiḋḃéil, díomsaċ, íṫiomráiteaċ, easúṁal dá naiṫriḃ agus dá máiṫriḃ, dómbuiḋeaċ, neaṁnáoṁṫa, 3Gan ġráḋ nadúrṫa, luċd droċċoinġill, luċd éiliġe bréugaċa, neíṁmeassarḋa, borb, gan ġráḋ don ṁaiṫ, 4Luċ braṫa, mearrgánta, áirdinntinneaċ, luċd ġráḋaiġeas sáiṁe ní sa ṁó na Día; 5Leigeas orrṫa féin ḃeiṫ díaġa, aċd do ḋíult do ċúṁaċd na díaġaċda: agus seaċainse a saṁuil sin. 6Oir is don druingse an luċd ḃíos ag teultóġ a steaċ a dtiġṫiḃ, agus ḃeireas ríu a mbruid mná simpliḋe líonta do ṗeacaḋ, noċ do ṫreóruiġṫear ré hainṁíanuiḃ éugsaṁla, 7Ag fóġluim do ṡíor, agus go bráṫ gan teaċ ḋóiḃ ċum eólais na fírinne. 8Agus do réir mar do ċuir Iannes agus Iambres a naġuiḋ Ṁaóisi, as mar an gcéudna ċuirid an dreamsa a naġuiḋ na firinne: luċ inntinne truáilliġe, mearuiġe a dtáoḃ am ċreidiṁ. 9Giḋeaḋ ní ḃéuruid buáiḋ ní sa ṁó: óir biáiḋ a gcúṫaċ follas do na huile ḋáoiniḃ, aṁuil do ḃí a gcúṫaċ súd mar an gcéudna. 10Aċd do lean tusa mo ṫeagusga, réim mo ḃeaṫa, mo rún, mo ċreideaṁ, mo ċeannsaċd, mo ġráḋ, agus mfoiġid, 11An ġérleanṁuin, an ṗáis, a dfulaing mé a Nantióċia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanṁana diomċuir mé: aċd do ṡáor an Tiġearna mé úaṫa uile. 12Agus fós, an ṁéid ler mían a mbeaṫa ċaiṫeaṁ go díaġa a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanṁuin. 13Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ. 14Aċd coṁnuiġse sna neiṫiḃ do ḟóġluim tú agus do fágḃaḋ táoḃ riot, ar mbeiṫ a ḟeasa agad cía ór ḟoġluim tú íad; 15Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd. 16Is ó Sbioruid Dé ṫáinic an sgriobtúir uile, agus is tarḃaċ é ċum teaguisg, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirceaduil na fíréuntaċda: 17Ionnus go mbíaḋ óglaċ Dé diongṁalta, agus ullṁuiġe go hiomlán ċum na huile ḋéaġoiḃre.
Currently Selected:
II Timóteuis 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: