II Timóteuis 1
1
Caibidil I
Grasa Dé do ḃíoḋgaḋ súas tré ċleaċdaḋ, agus urnniġe; 13 agus sómpla na mbriaṫar ḟallain attáoḃ creideaṁ agus gráḋ, do ċonṁáil.
1Pol, absdal Iósa Críosd tré ṫoil Dé, do réir ġeallaṁna na beaṫa atá a Níosa Críosd, 2Go Timotéus, an mac ionṁuin: Grasa, trócaire, agus síoṫċáin, ó Ḋía Aṫar agus ó Iósa Críosd ar Dtíġearna.
3Ḃeirim buiḋeaċas ré Día, da ndéanuim seirḃís ag leanṁuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá ċuiṁne ḃeiṫ agam ortsa do ġnaṫ am úrnuiġiḃ do ló agus doiḋċe; 4Ar mbeiṫ ḋaṁ fonnṁar ṫusa dfaicsin, an tan ċuíṁniġim ar do ḋéuruiḃ, ionnus go mbéinn líonta do ġáirḋeaċas; 5Ar mbeiṫ cuiṁneaċ ḋaṁ ar an gcreideaṁ neaṁḟallsa atá ionnad, noċ do ḃí na ċóṁnuiḋe ar tús ann do ṡeanṁáṫair Lois, agus ann do ṁáṫair Eunice; agus ís deiṁin leam a ḃeiṫ ionnadsa mar an gcéudna. 6Ar a naḋḃarsa cuírim a gcoiṁne ḋuit tioḋlacaḋ Dé atá ionnad tré ċur mo láṁsa ort, do ḃíoḋgaḋ súas. 7Oír ní sbiorad eagla tug Día ḋúinne; aċd sbiorad cúṁaċd, agus gráḋ, agus sláinte inntinne. 8Uime sin ná bíoḋ aḋnáire ort fá ḟíaḋnuise ar Dtíġearna, ná am ṫimċiollsa priosúnaċ ar a ṡon: aċd bíoḋ do ċuid agad do ḃuáiḋirt an tsoisgéil do réir ċúṁaċd Dé; 9Noċ do ṡáor sinn, agus do ġoir sinn maille ré gairm náoṁṫa, ní réir ar noibriġṫeaḋ, ahd réir a ċinniḋ féin agus a ġrás, noċ do tugaḋ ḋúinn a Niósa Críosd roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁuin; 10Aċd atá a nois ar ḟoillsiuġaḋ tré ṫeaċd deallruiġeeaċ ar Dtíġearna Iósa Críosd, noċ do ḋíḃir an bás, agus tug beaṫa agus neaṁṫruáilleaḋ ċum soillse trés an tsoisgéul: 11Ċum ar hórduiġeaḋ misi um ṡeanmóntuiġ, agus um absdal, agus um ḋoctúr na Gcineaḋaċ. 12An taḋḃar fá a ḃfuilim ag fulang na neiṫeannsa: giḋeaḋ ní ḃfuil aḋnáire oram: oír atá a ḟios agum cía ḋár ċreid mé, agus as deiṁin leam gur féidir leis an ní dfág mé táoḃ ris do ċoiṁéud fa ċóṁair an láoi úd. 13Bíoḋ agad sompla fírinneaċ na mbríaṫar ḃfalláin, do ċúaluiḋ tú uáimse, a gcreideaṁ agus a ngráḋ a Níosa Críosd. 14Coiṁéid an taisge ṁaiṫ do fágḃaḋ agad trés an Sbiorad Náoṁ ċóṁnuiġeas ionnuin.
15Atá a ḟios so agad, gur ṫréigeadar luċd na Hásia uile misi, agar ab ḋíoḃ Ṗigellus agus Hermogínes. 16Go dtuguiḋ Tiġearna na trócaire do ṫiġ Onesiṗoruis; óir tug sé fúaraḋ go minic ḋaṁsa, agus níor ġaḃ aḋnaire é f ṡláḃraḋ: 17Aċd, ar mbeiṫ ḋó sa Róiṁ do lorgair sé mé go ro ḋíṫċiollaċ, agus fuáir sé mé. 18Go dtuguiḋ an Tíġearna ḋósan trócaire dfáġail ón Dtíġearna sa ló úd: agus atá a ṡáirḟios agadsa, créd é a ṁéud do ḟoir sé oram a Neṗesus.
Currently Selected:
II Timóteuis 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.