II Timóteuis 2
2
Caibidil II
Cúram, 6 foiġide 22 geanmnuiḋeaċd, 24 agus cceannsaċd na minisdreaḋ.
1Uime sin, a ṁic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd. 2Agus na neiṫe do ċuáluiḋ tú uáimse a láṫair ṁoráin dfíaġnuiḃ, táoḃ na neiṫe céudna ré dáoiniḃ dísle, noċ ḃías foirtill ar ḋáoiniḃ eile do ṫeagusg mar an gcéunda. 3Uime sin fulaingse anṡóġ, mar ṡaiġdíur maiṫ Iósa Críosd. 4Ní ċreapluiġear éinneaċ dá leanann an cogaḋ ré gnoṫuiġṫiḃ na beaṫasa; ionnus go ndéanaḋ toil an tí do ṫoḃ é na ṡaiġdiúr. 5Agus fós má ní áoinneaċ sbáirn fo ṁaiġisdreaċdaiḃ, ní curṫar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionaċ. 6As eígean do treaḃṫaċ sáoṫar do ḋéunaṁ suil do ġeiḃ sé na tórṫa. 7Smuáin ar na neiṫiḃ a deirim; agus go dtuguiḋ ar Tíġearna tuigsi ḋuit sna huile neiṫiḃ. 8Cuíṁniġ gur eiséirġe Iósa Críosd ó ṁarḃuiḃ, do ṡíol Daiḃi do réir mo ṡoisgéilse: 9Ar son a ḃfuilim ag fúlang uilc, go géiḃeannuiḃ, mar ḟear droċgníoṁa; giḋeaḋ ní ḃfuil bríaṫar Dé ceanguilte. 10Uime sin iomċruim na huile neiṫer ar son na druinge atá ar na dtoġa, ċuni an tslánaiġṫe atá a Niósa Críosd do ġnóḋuġaḋ ḋóiḃsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruiḋe. 11As ráḋ fírinneaċ so: Oír más bás dúinn ná ḟoċair, búḋ marṫuinn dúinn mar an gcéudna na ḟoċair: 12Má nimíd fúlang bíam a rioġaċd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna: 13Má náċ ccreidmídne fanaiḋ seision díleas: ní féidir leis é féin do ṡéuna.
14Cuir na neiṫesi a gcuiṁne ḋóiḃ agus aiṫin díoḃ a ḃfíaḋnuisi an Tíġearna gan ḃeiṫ ag cíapáil a dtimċioll focal gan tairḃe air biṫ, aċd búaiḋreaḋ don druing éisdeas. 15Déun díṫċioll ar ṫú féin do ṫáisbéunaḋ ionṁolta do Ḋía, a tfior oibre náċ rig a leas aḋnaire do ḃeiṫ aire, ag gearraḋ ḃreiṫre na fírinne go cóṁṫrom. 16Toirmisg ciapáil ḃríaṫar neaṁḋíaġa gan éifeaċd: óir tiucfuiḋ ar a naġuiḋ ċum tuilliḋ neiṁḋiaġaċda. 17Agus biáiḋ a mbríaṫar ag cnáoi mar ċancar: agár díoḃ Himenéus agus Ṗilétus; 18Noċ a dtáoḃ na fírinne do ċuáiḋ ar seaċrán ón gcóṁarṫa, ag ráḋ go ndeaċuiḋ a neiséirġe ṫoruinn ċeana; agus sgriosas creideaṁ ḋruinge áiriġe. 19Giḋeaḋ fanuiḋ fonndameint ḋaingean Dé ar bun, aga ḃfuil an séulasa, eaḋon Go ḃfuil fios a ṁuinntire féin ag an Dtíġearna. Agus, Gaċ áon ġoireas ar ainm Ċríosd seaċnaḋ sé a néugcóir. 20Gíḋeaḋ a dtíġ mór bíd, ní hé aṁáin soiṫiġe óir agus airgid, aċd fós soiṫiġe croinn agus críaḋ; cuid díoḃ ċum onóra, agus cuid eile ċum neaṁonóra. 21Uime sin dá nglana neaċ ar biṫ é féin úaṫa so, biáiḋ sé na ṡoiṫeaċ ċum onóra, ar na ḋéunaṁ náoṁṫam oireaṁnaċ don Tíġearna, ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre. 22Seaċuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, do ṡíoṫċáin, maille ris an druing ġoireas air an Dtíġearna ó ċroiḋe ġlan. 23Agus seaċain ceasda éigcéilliḋe neaṁḟoġlomṫa, ar mbeiṫ a ḟeasa agad go mbrósduiġid síad ceannaruic. 24Oír ní coir do ṡearḃfoġantuiḋe an Tíġearna ḃeiṫ ceannarraiceaċ; aċd ḃeiṫ ceannsa ris na huile ḋáoiniḃ, réiḋ ċum teaguisg, ag iomċar ré droċḋáoniḃ, 25Ag teagusg na druinge ḃíos conntrarrḋa ḋá inntinn maille ré ceannsaċd; dféuċain an dtiuḃraḋ Día aiṫriġe ḋóiḃ uáir ar biṫ ċum na fírinne dadṁáil; 26Agus teaċd ar a nais, ó ḋul an díaḃail, agá ḃfuilid gaḃṫa mar is áill leis féin.
Currently Selected:
II Timóteuis 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.