II Ccorintiánaċ 9
9
Caibidil IX
An barr meanmnuġaḋ ċum féíle agus déirce.
1Oir a dtáoḃ ṁiniosdrálaċda do ḋéunaṁ do na náoṁuiḃ, as iomarcaċ ḋaṁ sgríoḃaḋ ċuguiḃ: 2Oír atá fios ullṁaċda ḃur ninntinne agum, as a ndéanuim mórḋáil asuiḃse ris na Macedónaċaiḃ, ag ráḋ, Go ḃfuil blíaḋuin ó ḃí Aċaía ullaṁ; ionnas gur ḃrosduiġ ḃur niomṫnúṫsa morán. 3Agus do ċuir mé na dearḃráiṫreaċasa ar siuḃal, ionnus naċ bíaḋ mó ṁórḋail asuiḃsi dioṁaóin sa gcáilsi; agus go mbíaḋ siḃse ullaṁ, mar a duḃairt mé: 4Deagla má ṫigid na Macedónaċaiġ riom, agus go bfuiġid síad siḃse neaṁullaṁ, go mbíaḋ aḋnáire oruinne gan teaċd oruiḃse fa ṁéid na morḋálasa. 5Uime sin do ḃreaṫnuiḋ mé gur ríaċdanaċ na dearḃráiṫre ḃrósduġaḋ, ċum teaċd ċugaiḃsi ḋóiḃ ar tús, agus ḃur nalmsana air ar laḃraḋ ċeana do ċríoċnuġaḋ roiṁ láiṁ, ionnus go mbíaḋ sí ullaṁ, mar ní ġeiḃṫeur tré ḋáonnaċd, agus ní ré crúaḋáil.
6Agus bíoḋ so ar cuiṁne aguiḃ, An tí ṡíolċuireas go tana is go tana ḃeanfus sé; agus an tí ṡíolċuireas go tiuġ is go tiuġ ḃeanfus sé. 7Taḃraḋ gaċ áon úaḋ do réir ṫogra a ċroiḋe, ní maille ré doiṫċeall, nó ré héigean: oír is ionṁuin ré Día an tí ḃronnus go soilḃir. 8Agus as cumusaċ Día ar siḃse do líonaḋ do na huile ġrásaiḃ; ionnas ar ḃfaġáil ḃur sáiṫ ḋaóiḃ a gcoṁnuiḋe do na huile neiṫiḃ, go líonfaḋ siḃ ċum gaċ uile ḋeaġoibre: 9(Do réir mar atá sgríoḃṫa, Do leaṫniḋ sé; agus tug sé do na boċdaiḃ: mairiḋ a ḟiréuntaċd go siorruiḋe.
10Agus an tí do ḃeir síol don tsioladóir agus arán ċum beaṫa, go dtuguiḋ agus go méuduiġe sé ḃur síolċursa, agus go dtuguiḋ sé dó ṫorṫuiḃ ḃur ḃfiréuntaċda fás;) 11Ar mbeiṫḋáoiḃ ar ḃur ndéunaṁ saiḋḃir sa nuile ċás, ċum na huile ḋáonnaċda, noċ do ḃeir fó deara ṫrídne, buiḋeaċas do ḃreiṫ ré Día. 12Oír do ḃeir miniosdrálaċd na hofrálasa ní hé aṁáin fóiriġin do riaċdanusaiḃ na náoṁ, aċd líonuiḋ sé mar an gcéudna tré ṁoran buiḋeaċais do ḃreiṫ ré Día; 13Ar mbeiṫ ḋóiḃ tré ḋearḃṫaċd na miniosdralaċdasa ag molaḋ Dé do ḃríġ ḃur núṁlaċdasa an a ḃfuil siḃ adṁalaċ do ṡoisgéul Ċríosd, agus do ḃríġ ḃur gcumuinn ḋáonnaċduiġ ríu féin, agus ris na huile náoṁuiḃ; 14Agus ann a núrnuiġe ar ḃur sonsa, noċ atá ḃur níarruiḋ ar son ġrás Dé líonas ionnuiḃ. 15Uime sin buiḋeaċas ré Día ar son a ṫioḋlaice naċ dtig ré teanguiḋ ḟoillsiuġaḋ.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 9: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.