II Ccorintiánaċ 10
10
Caibidil X
Airm agus éideaḋ sbioradalta na Nccriosduiġeaḋ.
1Anois sirimse Pól daṫċuinge oraiḃ tré ṁacántus agus ċeannsaċd Ċríosd, noċ ar mbeiṫ ḋaṁ do láṫair ḃíos íseal eadruiḃ, aċd do ní dánaċd oruiḃ an tan naċ bím ḃur laṫair: 2Aċd iarruim daṫċuinge oruiḃ ċum go mbíam teann an tan ḃías mé ḃur laṫair, leis a ndánaċd céudna ré a saóilṫear mé ḃeiṫ teann a naḋuiġ druinge áiriġe, ṁéusas sinn mar do ḃeimís ag siuḃal do réir na féola. 3Oír ar mbeiṫ ḋúinn ag siuḃal sa ḃfeóil, ní do réir na féola nímid cogaḋ: 4(Oir ar náirm coguiḋ ní féolṁar íad, aċ cúṁaċdaċ ó Ḋía, ċum daingneaċ do leagaḋ sios;) 5Ag cur ṫeilgin na hinntinne ar gcúl, agus gaċ uile áirde dá nárduiġeann é féin a naḋuiġ éolais Dé, agus ag breiṫ gaċ uile smuáintiġe a mbráiġdeanus ċum úṁluiġṫe do Ċríosd. 6Agus agá ḃfuil díoġaltus ullaṁ ré ḋéunaṁ ar a nuile easúṁlaċd, an tan ċoiṁlíontar ḃur núṁlaċdsa. 7An do réir a ḃfaicseana ṁeasas siḃ neiṫe? Má atá dóṫċas ag áoinneaċ as féin gur lé Críosd é, smuáineaḋ sé so a rís úaḋ féin, aṁuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna. 8Oír bioḋ go ndéanuinn ní éigin ní sa ṁó do ṁórḋáil as na cúṁaċduiḃ atá aguinn, tug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur ḃfollamnuiġṫesi, agus ní ċum ḃur gcurṫa ar gcúl, ní ḃíaḋ aḋnáire oram: 9Aċd ionnus naċ measfuiġe mé mar ḃéinn ag cur eagla oruiḃ rém litriḃ. 10Oir atáid na litreaċa, (a deirid siad,) niṁneaċ láidir; aċd is meirḃ a ṗearsa a láṫair, agus ní ḃfuil éifeaċd na ḃríaṫruiḃ. 11An tí atá aṁluiḋ sin smuáineaḋ sé ar so, do réir mar ḃímid a mbréiṫir tré litriḃ ar mbeiṫ ḋúinn as láṫair, go mbíam mar an gcéudna dá réir sin a ngníoṁ an tan ḃíam a láṫair. 12Oír ní laiṁmaóid sinn féin do ċeangal, nó ċur a gcomórus re druing áiriġe ḃíos dá molaḋ féin: giḋeaḋ ní ṫuigid síad, gur dá dtoṁas féin ríu féin ḃid síad, agus dá gcomórtus féin ré ċéile. 13Aċd ní ḋéunmaóidne mórḋáil as na neiṫiḃ ṫéid ṫar ar dtoṁas, aċd do réir ṁiosúir na riaġla noċ do ṫoṁuis Día ḋúinn, miosúr ré roċduin fós go soiṫe siḃse. 14Oír ní ṡínemíd sinn féin tar ṁoġ, mar naċ dtiucfaḋ ḋínn roċduin ċuguiḃsi: óir rangamar fós ċuguiḃ maille ré soisgéul Ċríosd: 15Ní ag déunaṁ mórḋála as na neiṫiḃ nar toiṁseaḋ ḋúinn, as sáoṫruiḃ ḋaóineaḋ eile; aċd as doiġ linn, ar mbeiṫ dá ḃir gcreideaṁsa ag fá ionnuiḃ, go léigfiġṫear tuilleaḋ fairsinge ċuguinn sa ní do toiṁseaḋ ḋúinn, 16Ċum as tsoisgéil do ṡeanmóir sna críoċaiḃ atá don táoḃ amuiġ ḋaóiḃsi, ní ċum morḋala ḋéanaṁ as riaġuil ḋuine eile, as neiṫiḃ atá ullaṁ ċeana. 17Aċd an tí do ní morḋáil, déunaḋ mórḋáil as an Dtiġearna. 18Oír ní hé an tí ṁólas é féin atá ionṁolta, aċd an to ṁoltar ón Dtiġearna.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 10: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.