II Ccorintiánaċ 8
8
Caibidil VIII
Gur sbor ġér ċum daónaċd, sompla na Macedonaċ, 9 agus Iosa Críosd.
1Tuilleaḋ eile, a ḋearḃráiṫre, foillsiġeamaóid grás Dé ḋáoiḃ noċ tugaḋ deagluisiḃ na Macedónia; 2Eaḋon a ngáirdeaċas líonṁar sa mbuaiḋirt ṁóir lér dearḃaḋ íad agus gur líon a mboċduine ro ṁór ċum saiḋḃris a ndáonaċd. 3Oír (do ním dfíaḋnuisi ḋóiḃ,) do ḃádar toilteanaċ do réir a nacfuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne; 4Ḋá íarruiḋ go gér daṫċuinġe oruinne an grása agus cóṁruinn sa miniosdrálaċd a dtimċeall na náoṁ, do ġaḃáil oruinn. 5Agus ní do réir mar ḃí dóiġ aguinn, aċd tugadar íad féin ar tús don Tiġearna, agus na ḋiáiġ sin dúinne do ṫoil Dé. 6Ċum impiḋe do ċur ar Ṫítus duinn, do réir mar ṫionnsguin sé, go gcuirfeaḋ sé críoċ eadruiḃse fós air an ngrás céudna. 7Uime sin, aṁuil atá siḃ iomlán sna huile neiṫiḃ, a gcreideaṁ, agus a mbréiṫir, agus a néolas, agus fa nuile ḋúṫraċd, agus a ngráḋ dár dtaóiḃne, gur mar sin ḃías siḃ iomlán sa ngrássa mar an gcéudna.
8Ní tré ċeannus oruiḃ a deirim so, aċd do ḃríġ ḋúṫraċd ḋaóineaḋ eile, agus do ḋearḃaḋ ċínéil ḃur ngráḋsa. 9Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion. 10Agus foillsiġim minntinn sa níse: oír téid so a soċar ḋaóiḃsi, noċ do ṫionnsguin ċeana, ní hé aṁáin a ḋéunaṁ, aċd ḃeiṫ dfonnṁar fós daóiḃ bliaḋain ó ṡin. 11Uime sin as a nois cuiriḋ críoċ ar a ḋéunaṁ; ionnus mar do ḃáḃair ó ṫoil ro ullaṁ ċum a ḋéunta, go maḋ haṁluiḋ sin mar an gcéadna ċuirfeas siḃ a gcríċ é don ní atá aguiḃ. 12Oír dá raiḃ inntinn fonnṁar ag neaċ ar tús, gaḃṫar sin úaḋ, do réir a neiṫe atá aige, agus ní do réir a neiṫe naċ ḃfuil aige. 13Agus ni huime a deirim so ċum socaṁuil do ḃeiṫ ag dáoiniḃ eile, agus siḃse do ḃeiṫ fá ḋaóirsi: 14Aċd ar ċonnraḋ ċoṁṫrom, ċum ḃur nacfuinnesi a nois dfóiriġim a riaċdanuision, ionnus go ḃfóirfeaḋ a nacfuinnsean ar ḃur riaċdanusa mar an gcéadna: ar ġléus go mbíaḋ coṁṫrom eadruiḃ: 15Do réir mar atá sgríoḃṫa, An tí do ċruinniġ morán, ní raiḃ iomarcuiġ aige; agus an tí do ċruinniġ beagán ní raiḃ easḃuiḋ air.
16Agus a ḃuiḋe ré Día, do ċuir an dúṫraċd céudna a gcroiḋe Ṫítuis ḃur dtimċeallsa. 17Oír do ġlac sé go deiṁin an brosduġ ċuige; agus ar mbeiṫ ḋó ní sa dúṫraċduiġ ná sin, do ṫriall sé ḋá ṫoil féin ċuguiḃ. 18Agus do ċuireamar leis na ċuideaċda an dearḃraṫair, ar a ḃfuil deaġṫeisd sa soisgéul trés na huile eagluisiḃ; 19(Agus ní hé aṁáin, aċd do toġaḋ é mar an gcéudna ris na heagluisiḃ mar ḟear coṁaisdir aguinne do ṫáoḃ an ġrássa, do nímid a ṁiniosdrálaċd ċum glóire an Tiġearna ceudna, agus ċum go ḃfoillséoċṫaói ḃur ninntinn ro ullaṁsa:) 20Ar mbeiṫ ḋúinn ag seaċna ar ndiomolta do neaċ ar biṫ sa ḃfairsingesi, do níṫear do ṁiniosdrálaċd rinn: 21Ar mbeiṫ ḋúinn ag soláṫar ḋeaġneiṫeann, ní hé aṁáin a ḃfíaḋnuisi an Tiġearna, aċd a ḃfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna. 22Agus do ċuireamar ár ndearḃráṫair ma ráon ríu, noċ do ḋearḃamar go minic do ḃeiṫ dúṫraċdaċ a morán do neiṫiḃ, agus a nois ní sa ḋúṫraċduiġe ná sin, do ḃríġ an roḋóċuis atá aige asuiḃse. 23Aċd a dtaóiḃ Ṫítuis, a sé mo ċompánaċsa é agus mo ċoṁoibriġe ḃur dtáoḃsa: nó a dtáoḃ ar ndearḃráiṫreaċ, a síad teaċdáiriġe na neaglúiseaḋ íad, agus glóir Ċríosd. 24Uime sin cuiriḋ dearḃṫaċd ḃur ngráḋa, agus ar morḋáilne asuiḃse, a núṁail dóiḃ, a ḃfiaḋnuisi na neagluiseaḋ.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 8: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.