II Ccorintiánaċ 7
7
Caibidil VII
Go méuduiġeann doilġeas diaġa, deaġ ġníoṁ.
1Uime sin a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ḃfaġáil na ngeallaṁnaċsa ḋúinn, glanum sinn féin ó uile ṡalċar na féola agus na spioruide, ag críoċnuġaḋ náoṁṫaċda a neagla Dé.
2Gaḃuiḋ sinne ċuguiḃ; ní ḋearnamar eugcóir ar éunduine, ní ṫruáilleamar éunduine, ní ḋearnamar éudail ar éunduine. 3Ní ċum siḃse ḋáoraḋ a deirim so: óir a duḃairt mé roiṁe, go ḃfuiltí ann ar gcroiḋiḃne ċum báis agus beaṫa dfaġáil a ḃfoċair a ċéile. 4As mór an dánaċd laḃairt do ním oruiḃ, is mór mo ġáirdeaċas ar ḃur son: atáim lán do ṁeanma, is ró líonta mé do ġáirdeaċas ann ar nuile ḃuáiḋirt.
5Oir, ar dteaċd dúinn go Macedónia, ní ḃfuáir ar ḃféoil suáiṁneas ar biṫ, aċd air buáiḋreaḋ air gaċ táoḃ; coṁraic don táoḃ a muiġ ḋínn, agus eagla don táoḃ a sdiġ. 6Aċd Día, do ḃeir furtaċd do na daóiniḃ anḃfanna, tug sé furtaċd dúinne ré teaċd Ṫítuis; 7Agus ní ré a ṫeaċdsan aṁáin, aċd mar an gcéudna ris an ḃfurtaċd fuáir seision úaiḃse, an tan do aiṫris sé ḋúinn ḃur ḃfonn roṁórsa, ḃur gcaóineaḋ, ḃur dteasgráḋ ḋaṁsa; ionnus gur móide do ġaḃ gáirdeaċas mé. 8Oír ge gur ċuir mé doilġeas óruiḃ rém litir, ní ḃfuil sé na aiṫreaċas oram, ge go raiḃ sé na aiṫreaċas oram: oír do ċím gur ċuir an litir sin doilġeas oruiḃsi, bíoḋ nár ċuir aċd ar feaḋ tamuill. 9Atá gáirdeaċas a nois oram, ní ar son doilġis do ḃeiṫ oruiḃsi, aċd fá ḋoilġeas do ḃeiṫ oruiḃ ċum na haiṫriġe: óir is do réir Dé do ḃí doilġeas oruiḃ, ionnas naċ dearnaḋ díoġḃáil díḃ ar éunċor dár dtáoiḃne. 10Oír an doilġeas ḃíos do réir Dé oibriġe sé aiṫriġe ċum slánaiġṫe naċ aiṫreaċ linn: aċd óibriġeann doilġeas an tsáoġáil bás. 11Oír féuċ a níse féin, doilġeas do ḃeiṫ oruiḃ do réir Dé, créd é méd na dúṫraċda do oibriġ sé ionnuiḃ, agus fós an leisgéil, agus fós an reaċd feirge, agus na heagla, agus fós an róṁíanġuis, agus fós, an teas gráḋa, agus fós, an dioġaltuis! Do ḟoillsiġeaḃair siḃ féin ar gaċ éunċor do ḃeiṫ glan sa naḋḃarsa. 12Uime sin, bioḋ gur sgríoḃ mé ċuguiḃ, ní ar son an tí do rinne a néugcóir do sgríoḃ mé, ná ar son an tí ar a ndearnaḋ a néugcóir, aċd ionnus go mbíaḋ ar ndúṫraċdne ḃur dtimċeallsa follus daóiḃ a ḃfíaḋnuisi Dé.
13Ar a naḋḃarsa, fúaramar cóṁḟúrtaċd do ḃríġ na furtaċda fúaraḃairse: aċd bá ró ṁó ná sin do ḃí gáirdeaċas oruinn fá ġáirdeaċas Ṫítuis, do ḃríġ gur meanmnuiġeaḋ a spiorad uáiḃse uile. 14Agus do ḃríġ má rinne mé mórḋáil a néinní rision ḃur dtáóḃsa, nár cuireaḋ aḋnáire oram: aċd aṁuil do láḃramar riḃse na húile neiṫe a ḃfírinne, gur ab áṁluiḋ sin mar an gcéudna fríṫ ar mórḋáil asuiḃse, ré Títus, na ḟírinne. 15Agus a líonṁuire ná sin atá toil a ċroíḋesion daoíḃse, ag coíṁniuġaḋ ḃur núṁlaċd uile ḋó, mar do ġaḃaḃair ċugaiḃ é maille re faitċeas agus ré croíṫnuġaḋ. 16Uime sin atá gáirdeaċas oram do ḃríġ gur féidir leam ḃeiṫ dána asuiḃ sa nuile ní.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.