YouVersion Logo
Search Icon

II Ccorintiánaċ 5

5
Caibidil V
Go ttaḃraid, croiḋe glan ó anṁianaiḃ, agus beaṫa núa, ni is foigse do Ċríosd sinn.
1Oir atá a ḟios aguinn dá sgaóiltear ó ċéile ar dtiġ talṁuiḋe na boiṫesi, go ḃfuil áitreaḃ aguinn ó Ḋía, tiġ nar tógḃaḋ ré láṁuiḃ, marṫanaċ air neaṁ. 2Oír atámuid ag ósnaiġ ann so, ag íarruiḋ maille ré míanġus ar dtiġ neaṁḋa féin do ċur iomuinn: 3Aċd aṁáin go ḃfaġṫar éuduiġṫe sinn agus ní lomnoċd. 4Oír bímidne luċd na boiṫesi ag osnaiġe, ar mbeiṫ úaluiḋ oruinn: ar naċ mían rinn ḃeiṫ gan éudaċ, aċd tuilleaḋ éuduiġ do ċur iomuinn, ionnus go sluigfiḋe súas an ni sóṁarḃṫa ré beaṫa. 5Agus a sé Día do ċrúṫuiġ sinn ċuige so, agus fós tug ḋúinn cóṁarṫa daingniġṫe na Sbiorúide.
6Uime sin atámuid deiġṁeisniġ a gcoṁnuiḋe, agus a ḟios aguinn, an feaḋ ḃíam coigcríċe sa gcoluinn, go ḃfuilmíd a dtír ċoiṁṫiġe ó an Dtiġearna: 7(Oír as do reír ċreidiṁ ṡiúḃlamáoid, agus ní do réir raḋairc:) 8Giḋeaḋ atá deiġṁeisneaċ aguinn, agus is mó ṫig ré ar ninntinn an ċolann dfágḃáil, agus dul do ċóṁnuiḋe a ḃfoċair an Tiġearna. 9Uime sin fós cía bé aca ḃiam ag fuireaċ, na ag imṫeaċd, is roḟonnṁar sinn air a ṫoilsean do ḋéanaṁ. 10Oír as eigean dúinn uile dul a laṫair ċaiṫíre ḃreiṫeaṁnuis Ċríosd; ionnus go ngéuḃaḋ gaċ éunduine ċuige na neiṫe do rinne sé sa gcoluinn, do réir an ġníoṁa do rinne sé maiṫ nó olc.
11Uime sin ar mbeiṫ feasaċ ḋúinn air ḃuirbe an Tiġearna, táirngéamaóid daóime ċum creidṁe, agus as follus do Ḋía sinn; agus atá dóiġ agam go ḃfuilmid follas do ḃur ccoinnsiasuiḃse mar an gcéudna. 12Oír ní ḃfuilmís a rís dar molaḋ féin riḃse, aċd do ḃeirmíd fáṫ gáirdeaċais díḃ ḋár dtáoḃ, ionnus go mbíaḋ freagra aguiḃ ré ṫaḃairt ar an druing do ní gáirdeaċas a ngnúis, agus ní a gcroiḋe. 13Oír má atámuid ar saóḃ ċéille, is do Ḋía atámuid ar saóḃ céille: nó más deaġċíall atá aguinn, is daóiḃse atámuid ar ḋeaġċéill. 14Oír atá gráḋ Ċríosd dar mbrosduġaḋ; ar na ḃreaṫnuġaḋ so ḋúinn, eaḋon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go ḃfúaradar uile bás: 15Agus go ḃfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus naċ bíaḋ an dream atá béo ó so amaċ béo ḋóiḃ féin, aċd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirġe.
16Uime sin né haiṫne ḋúinne ó só amaċ éunduine do réir na féola: agus, bíoḋ go raiḃ aiṫne aguinn ar Ċríosd do réir na féola, giḋeaḋ ní haiṫne ḋúinn a nois féasda é. 17Ar a naḋḃarsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núaḋ é: do imṫiġeadar na seinneiṫe ṫoruinn; feuċ, do rinneaḋ na huile neiṫe núaḋ. 18Agus as ó Ḋía atáid uile, noċ do reiḋiġ sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug ḋúinne miniosdrálaċd an réitiġ sin; 19Oír go deiṁin, do ḃí Día a Gcríosd, ag réiteaċ an tsáoġuil ris féin, gan conntus do ḋéunaṁ ríu fá sa gcionntuiḃ; agus do ċuir sé ionnuíne briaṫar an réitiġ sin.
20Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día. 21Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.

Currently Selected:

II Ccorintiánaċ 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in