YouVersion Logo
Search Icon

II Ccorintiánaċ 11

11
Caibidil XI
Urraim na firinne ag Pól tar na dallabsdoluiḃ meaḃlaċ; 22 a leisgeul fós agus a ḟulang.
1Do bfearr leam go niomċraḋ siḃ beagán rém leiṁe: agus fos iomċruiḋ leam. 2Oír atáim éudṁar riḃ ré héud díaḋa: óir do ullṁuiġ mé siḃ déinḟear aṁáin, ċum ḃur dtaḃarṫa mar óiġ ḟíorġloin do Ċríosd. 3Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd. 4Oír dá dtigiḋ neaċ do ṡeanmóruġaḋ Iósa eile, naċ dearnamairne ṡeanmóir nó da nglacuiḋ siḃ spiorad eile, nár ġlacaḃair ċuguiḃ, ná soisgeul eile, nar ġlacaḃir, dob iondéunta ḋíḃ a ḟúlang. 5Oír saóilimse naċ raiḃ bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluiḃ oram. 6Agus bíoḋ go ḃfuilim túataṁuil a mbríaṫruiḃ, aċd ní ḃfuilim a néolas; aċd do rinneaḋ follus sinn ḃur measgsa ṫríd amaċ sna huile neiṫiḃ.
7A né gur ċionntuiġ mé tré ḃeiṫ dom íslíuġaḋ féin ċum siḃse ḋáduġaḋ, tré ḃeiṫ ḋaṁ ag soísgéuluġaḋ ṡoisgéil Dé ḋaóiḃse a naisge? 8Do ṡlad mé eagluiseaċa eile, ag glacaḋ túarasduil úaṫa, ċum seirḃíse do ḋéunaṁ ḋíḃsi. 9Agus an tan do ḃí mé ḃur láṫair, agus riaċdanas oram, níor léig mé mo ṫrom ar éunduine: óir do fóireaḋ a neasḃuiḋ do ḃí oram ris na dearḃráiṫriḃ ṫáinic ó Ṁacedónia: agus ar a nuile ġlés do ċoiṁéudas mé féin ó mo ṫrom do léigean oruiḃsi, agus fós coiṁéudfad. 10Atá fírinne Ċríosd ionnam, náċ dúnfuiġṫear an maóiṫfeaċussa am aḋuiġ a gcríoċaiḃ na Haċaía. 11Créd uime? an do ḃríġ naċ ḃfuil gráḋ agam ḋíḃse? atá a ḟios sin ag Día.
12Aċd a ní do ním, do ḋéanad fós é, ionnus náċ dtiuḃruinn cionfáṫa don druing ler mían cionfaṫa dfaġáil; ċum a ḃfaġála coṁċosṁuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóiṫfeaċus. 13Oir atáid a leiṫid sin dabsdaluiḃ fallsa, na luċd oibre meaḃlaċa, dá gcur féin a ḃfoirm absdál Ċríosd. 14Agus ní híongnaḋ sin; óir cuiriḋ Satán é féin a ḃfoirm aingil na soillse. 15Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a ṁinisdrí íad féin mar an gcéudna a ḃfoirm minisdriḋe na firéantaċda; agá mbiáiḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ do réir a noibreaċa.
16A deirim a rís, Na tugaḋ éunduine meas ḋuine gan ċéill oram; nó fós, gaḃuiḋ ċuguiḃ mé mar neaċ gan ċéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórḋála asam féin. 17A ní laḃrum, ní do réir an Tiġearna laḃrum é, aċd mar neaċ ar a ḃfuil díṫ céille, a ndóṫċas na mórḋálasa. 18Do ḃríġ go ndeanuid morán mórḋáil do réir na féola, do ḋéunsa mórḋáil mar an gcéudna. 19Oír fuilngiḋ siḃ daóine gan ċéill go toilteanaċ, do ḃríġ go ḃfuil siḃ féin céilliḋe. 20Oír iomċarṫaói, dá mbeire neaċ a ndaóirsi siḃ, dá sluige neaċ siḃ, dá mbeana neaċ ḃur gcuid díḃ, da nárduiġe neaċ é féin, dá mbuáile neaċ siḃ ar a naḋuiġ. 21As a dtáoḃ easonóra a deirim so, aṁuil mar ḃéimisne annḃfan. Má seaḋ fós giḋ bé ar biṫ ni as a ḃfuil neaċ eile dána, (laḃrum go míċeilliḋe,) atáimse mar an gcéudna dána as. 22An Eaḃruiḋe íasdan? a seaḋ misi mar an gcéudna. An Isráeluiḋ íad? a seaḋ misi fós. An do ṡíol Abráham íad? a seaḋ misi mar an gcéadna. 23An minisdrí do Ċríosd íad? (laḃruim mar ḋuine miċéilliḋe) atáim ós a gcrionn sa ċáil sin, níos líonṁuire a sáoṫruiḃ, a mbuilleaḋuiḃ níos ro ṁó, a bpríosúnuiḃ níos mionca, a ngúas ḃáis go minic. 24Fuáir mé ḋá ḟiṫċead buille aċd a háon, cúig huáire ó na Iúdaiġiḃ. 25Do gaḃaḋ do ṡlatuiḃ oram tré huáire, do gaḃaḋ oram éunuáir do ċloċuiḃ, dfulaing mé luingḃriseaḋ trí huáire, do ḃí mé lo gon oíḋċe a nduḃaigéun na fairrge; 26A naisdriḃ go minic, a ngáḃaḋ aiḃneaḋ, a mbáoġal bíoṫaṁuaċ, a mbáoġal ó mo ċineaḋ, a mbáoġal ó na cineaḋaċuiḃ, a mbáoġal sa gcaṫruiḋ, a mbáoġal sa ḃfásaċ, a mbáoġal sa ḃfairrge, a mbáoġal a measg ḋearḃráiṫreaċ ḃfállsa. 27A dtuirse agus a mbriseaḋ croiḋe, a ḃfáire go minic, a nócarus agus a níotuin, a dtroisgṫiḃ go minic, a ḃfúaċd agus a lomnoċduiġe. 28Os cionn na neiṫeannsa don táoḃ amuíġ, an ní ṫig oram go láeṫeaṁuil, cúram na nuile eagluiseaḋ, 29Cía ḃíos lag, agus naċ mbímse lag? cía ġeiḃ oilḃéim, agus naċ mbímse dom losgaḋ? 30Más éigean morḋáil do ḋéunaṁ, is as na neiṫiḃ ḃeanas rém éugcrúas do ḋéun mórḋáil. 31Atá a ḟios ag Día, eaḋon Aṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd atá beannuiġe do ṡíor, naċ ḃfuilim ag déunaṁ bréige. 32A Ndamascus do ċuir úaċdarán an ṗobuil faói an rí Arétas coiṁéud ar ċaṫair na Ndamascenaċ, a ndóiġ misi do ġaḃáil: 33Aċd dó léigeaḋ síos mé a gclíaḃ tré ḟuinneóig ris an mballa, agus mar sin do ċuáiḋ mé as a láṁuiḃ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in